Fuair mé féin agus mo chairde as Baile Uí Mhurchú summons ónár gcomradaí Ciarán McCavanagh go raibh orainn cuidiú leo le cúrsaí earacíochta maidir leis an scoil úr. Bhí muidne díreach tar éis Glór na Móna a bhunú sa tréimhse céanna in 2004 agus bhí an Fhís chómonta céanna againn.
Athghabháil na teanga a úsáid mar ghléas cumhachtaithe agus athghiniúna pobail. D’aithin muid an damaiste a rinne impiriúlachas agus coilíneachas in Éirinn ar mhuintir na tíre agus chonaic muid athréimniú na Gaeilge mar deis dhíchoilínithe. D’aontaigh an dá ghrúpa ag an am I bhfís fuascailteach an Phiarsaigh- ‘Ní amháin saor ach Gaelach, agus ní amháin Gaelach ach Saor. Chonaic Mac Piaras go raibh gúr úsáid na Sasanaigh an coras oideachas foirmiúil nó an Murder Machine chun spiorad agus anam s’againn a scrios.
Education is meant to Foster, this education is meant to tame, education is meant to inspire, this education is meant to repress, the English are too wise a people to educate us in any worthy sense. Our people have begun to think their chains are ornamental, through Scoil Éanna, we can remove those shackles.
Mhínigh Mac Piaras gur chóir do mhúinteoirí a bheadh mar fosterers no foster parents, in aon leibheal agus ar an aistear céanna foghlama lena páistí. Seo go díreach an rud a bhí an t-oideachasóir radacach Brasáileach Paulo Freire ag caint faoi 40 bliana níos faide ar aghaidh. Go dtiocfadh oideachas agus gníomh fuascailteach a úsáid chun an intinn féin a dhíchoilíniú. Mar a dúirt Freire, knowledge of a alienated culture and the oppressive reality it which it originates is exposed’ leading to transforming action’.
Tá an fhéile úr seo agus pobal Éanna mar chuid don Transforming Action no gníomh claochlaitheach a shamhlaigh Freire.
Cupla bliana níos faide anonn, nuair a d’eagraigh baicle again an chéad mhórshiúil ar son Acht na Gaeilge in Mí Feabhra 2007, d’aontaigh muid Pobal Éanna a chur chun tosaigh ar an mhórshiúil mar go raibh an Stát Seirbhíseach Impiriúil Maria Eagla díreach ina dhiaidh an moladh forbartha scoile a dhiúltú.
Taobh istigh de bhliain, bhí Stormont ar ais I bhfeidhm agus moladh forbartha na scoile brúite fríd ag an Aire Nua Oideachais as Sinn Féin, Caitríona Ruane. Tá ardmholadh tuillte ag Caitríona as an fhorbairt seo.
Cupla bliana ina dhiaidh afách, b’eigean do Cholaiste Feirste an Roinn Céanna a ghlacadh chun na cúirte mar gur dhiúltaigh siad seirbhísí bus a thabhairt do pháistí Thuaisceart Bhéal Feirste a bhí ag freastal ar an scoil chéanna. Le tacaíocht ón Particapation and Practice of Rights Project, bunaíodh Tuistí an Tuaiscirt agus feachtas Bus Anois in 2014 agus cuireadh na tuismitheoirí seo chun tosaigh ar an chéad Lá dearg in Aibrean 2014 agus a bhí dhá oiread níos mó na mórshiúil 2007. Taobh istigh do 4 mhí, d’aontaigh John O’Dowd na busanna a chur ar fáil is d’fhoghlaim muid uilig go raibh ar ghluaiseacht na Gaeilge bheidh neamhpleach ar an pholaitíocht pháirtí chun ar miantaí a bhaint amach.
Bunaíodh an Dream Dearg ar an phrionsabail seo agus chuaigh an fís dhíchoilínithe ó neart go neart.
Agus tá Gaelphobal Feirste athraithe ó bhonn go barr le blianta beaga anuas. Nuair a d’freastal mé féin ar Mheanscoil Feirste sna nochaidí, ní raibh ann ach an Chúlturlann, I mbéal forbatha agus Cumann Chluain ard ag treabhadh gort na teanga. Anois, tá eagraíochtaí, tograí agus diograiseoirí teanga ag tógail na poblachta ar fud na cathrach. Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Croí Éanna, An Droichead, Ionad Uibh Eachach, Raidio Fáilte, Glór na Móna, Craobh Uí Thuama, Ionad na Fuiseoige, Laochra Loch Lao I measc fiche togra eile nach iad.
Tá an polasaí is forasaí teanga sa tír ag dul fríd an chomhairle cathrach ar an tseachtain seo chugainn agus na céadtaí comharthaí gaeilge ag dul in airde ar fad na háite.
Is siombail é an fhéile nua seo ar an zeitgeist úr teanga. Ní amháin gur spasanna sulmhara agus siamsiúla iad féiltí cosúil leis seo, ach cruthaíonn siad spasanna oscailte, fuascailteacha ina shamhlaíonn muid domhan úr. Spasanna ina dtogaimid, mar a dúirt Bobby Sands féin, ár bpoblachtaí féin san áit a sheasaimid.
Bunaíodh an chéad fhéile I mo cheantar féin thiar in 1973 tar eis cupla bliana do dhunmharú fuilteach I mBaile Uí Mhurchú agus Cnoc na Foinse ag arm na breataine. Scriobh an laochra pobail, an tAthair Des Wilson, an focal brollaigh a bheas mar chríoch nádúrtha ar an cupla focal s’agam anocht:
The festival was first thought of by a group of citizens who take different views on many things but agree on some very important issues. One is that in these days people need to become happy again — the festival is a morale boaster. Another is that people must work together for the good of the community — the festival is a co-operative effort. Another is that we need to think of the future — those who are together for this festival will stay together for much more to come.
Go n-éirí libh a Ghaela.
