Stair faoin Spéir agus Scéalta idir na Leaca

"Ní raibh an turas ach dhá uair an chloig, ach thiocfadh leat blianta a chaitheamh sa reilig ag éisteacht leis na scéalta agus ní bheadh agat ach blaiseadh beag de stair na háite"
Stair faoin Spéir agus Scéalta idir na Leaca

Ar maidin fhuar Dé Sathairn i mí na Samhna, tháinig dream le chéile ag Príomhgheataí Reilig Bhaile an Mhuilinn chun scéal an phobail Chaitlicigh i mBéal Feirste a rianú leis an staraí Seán Fennell (nó an Fionnghalach!).  Arna eagrú ag Croí Éanna i nGleann Gormlaithe, meascán éagsúil a bhí ar an turas idir foghlaimeoirí agus Gaeilgeoirí, idir Feirstigh agus Gormlaitheoirí, agus idir Éireannaigh agus ár gcairde idirnáisiúnta. Rud a sheas amach ná an tábhacht a bhaineann le scéalta an phobail i dturais mar seo, ní hamháin chun fíricí a thabhairt chun cuimhne, ach chun na sonraí beaga a chur chun tosaigh; na scéalta a fhágtar amach ó na leaca uaighe, agus a bhfaightear réidh leo sna téacsleabhair.

Ba léir é sin ó thús an turais agus muid inár seasamh os comhair uaigh mhór de chuid Edward Hughes. Mhínigh an Fionnghalach gurbh é Barney Hughes a athair, an fear a chruthaigh an Belfast Bap. Nuair a luaigh sé an t-ainm sin, thosaigh cúpla ball ní ba shine dár gcuid ag rá amhrán beag greannmhar:

Barney Hughes' bread

Sticks to your belly like lead!

Not a bit of wonder

You fart like thunder

Barney Hughes' bread!

Cuireadh Barney i Reilig Bhaile na mBráithre, ach déarfainn nach mbeadh na liricí sin scríofa ar a leac! Cibé ar bith, agus iad á rá, rith sé liom an ról fíorthábhachtach atá ag reiligí: ní hamháin gur áiteanna scíthe síoraí iad, ach is suíomhanna cuimhneacháin iad fosta, a choinníonn cuimhne an phobail beo.

Stair faoin Spéir

Ar bhonn dátheangach a rinne an Fionnghalach an turas, agus is ar stair an phobail (ón pholaitíocht go dtí an spórt) a dhírigh sé. Is fear mór sacair é an Fionnghalach, agus is léir an tionchar a bhíonn ag an ghrá sin ar an tuiscint atá aige ar stair na cathrach; ceanglaíonn sé an spórt (go háirithe Ceiltigh Bhéal Feirste) agus an stair go dlúth le chéile. Cuireadh tús agus críoch leis an turas le scéalta fá pheileadóirí áitiúla: Kevin McAlindon ag an tús, agus Charlie Tully, an ‘Crown Prince of Football’, ag an deireadh. D’imríodh Tully ar son Cheiltigh Bhéal Feirste, agus ar son Cheiltigh Ghlaschú. Rinne an Fionnghalach cur síos ar an dóigh a mbíodh Tully ag magadh faoina chéile comhraic ar an pháirc. Dar leis an Fhionnghalach gur choinníodh Tully ticéid bhreise don chluiche ina phóca, agus thugadh sé ceann acu dá mharcálaí. Ansin deireadh sé: ‘Here's a ticket for the crowd! You may as well sit and watch me from up there rather than from behind me on the field!’

Charlie Tully

Ar ndóigh, ní thiocfadh leat stair Reilig Bhaile an Mhuilinn a chlúdach gan tagairt a dhéanamh do scéal na bPoblachtach i mBéal Feirste. Tá pearsana ó na dreamanna éagsúla sa Phoblachtachas curtha fá chré na cille: Winifred Carney, Joe McCann, Billy McKee, Joe Cahill, Bobby Sands, agus Tom Williams gan ach cúpla pearsa a lua. Is cosúil le taipéis atá an reilig; cé go bhfuil na scoilteanna éagsúla sa Phoblachtachas le feiceáil go soiléir sna plásáin éagsúla, tá ionadaithe na ndreamanna sin uilig curtha taobh le taobh, ó na Sealadaigh go dtí na hOifigigh.

Ní hamháin gur reilig í seo ach is suíomh stairiúil í Reilig Bhaile an Mhuilinn i scéal na dTrioblóidí i mBéal Feirste. Cosúil le blianta eile i stair na hÉireann, ní gá ach an bhliain a lua chun íomhánna beo a mhúscailt i gcuimhne an duine: 1690, 1847, 1916, 1921, 1969, 1972, 1981, agus go háirithe 1988 do phobal Iarthar Bhéal Feirste.[1] I mí an Mhárta 1988, cuireadh deireadh le húsáid nóta £1 Bhanc Shasana, bhain Kylie Minogue barr na gcairteacha amach in Éirinn leis an amhrán ‘I Should Be So Lucky’, agus bhí Fatal Attraction fós sa chéad áit in oifig na dticéad in Éirinn. Domhan difriúil a bhí in Iarthar Bhéal Feirste áfach.

Scaoil baill den SAS triúr ball den IRA i nGiobráltar ar an 6 Márta 1988, mar chuid de Operation Flavius: Mairéad Farrell, Seán Savage agus Daniel McCann. Ní raibh aon duine den triúr armtha nuair a scaoileadh iad. Mhaígh Rialtas na Breataine ag an am go raibh amhras ar na fórsaí slándála go raibh an triúr ag ullmhú ionsaí buamála i nGiobráltar. Níor aimsíodh aon bhuama ina gcarr.

Deich lá ina dhiaidh sin, ar an 16 Márta, rinne an dílseoir Michael Stone ionsaí ar na daoine a bhí i láthair ag sochraid na dtriúr a maraíodh i nGiobráltar, i Reilig Bhaile an Mhuilinn. Maraíodh triúr eile san ionsaí: John Murray, Thomas McErlean agus Caoimhín Mac Brádaigh. Thug an Fionnghalach muid chuig uaigh Chaoimhín Mhic Brádaigh, duine den triúr a mharaigh Stone. Níl an uaigh ach timpeall céad troigh ón áit ar maraíodh é, rud a léiríonn dúinn uilig comhthéacs crua agus dorcha na dTrioblóidí.

Trí lá ina dhiaidh sin, ar an 19 Márta agus sochraid Chaoimhín Mhic Brádaigh ar siúl, thiomáin beirt shaighdiúir i ngnáthéadaí isteach sa tsochraid; bhí mearbhall agus eagla ar lucht na sochraide, agus shíl cuid acu go raibh ionsaí eile ar bun. Timpeallaithe ag an slua, tarraingíodh an bheirt shaighdiúir amach as an charr agus buaileadh go dona iad. Tugadh chuig láthair eile iad, áit ar lámhachadh chun báis iad ag an IRA. Ba iad Derek Wood agus David Howes na saighdiúirí. Tugtar ‘Marú na gCorparálacha’ ar an eachtra seo.

Fr. Alec Reid

Tréimhse thar a bheith dorcha a bhí in 1988. Ag uaigh an Athar Alec Reid, thug an Fionnghalach cuntas dúinn faoin eachtra seo, ach ó pheirspictíocht dhifriúil. Bhí ról idirghabhálaí ag Reid sna ‘Hume-Adams Talks’, cruinnithe rúnda idir Gearóid Mac Ádhaimh agus John Hume a chruthaigh an comhthéacs chun an próiseas síochána a bhaint amach. Dar leis an Fhionnghalach gur le linn na n-eachtraí seo sa Reilig a tugadh nóta lámhscríofa don Athair Alec Reid fá na cruinnithe rúnda seo. Níorbh fhada go raibh an nóta clúdaithe le fuil, toisc gur chuir an tAthair Alec Reid an ola dhéanach ar na saighdiúirí. Íomhá chumhachtach is ea í sin gan amhras.

Ní raibh an turas ach dhá uair an chloig, ach thiocfadh leat blianta a chaitheamh sa reilig ag éisteacht leis na scéalta agus ní bheadh agat ach blaiseadh beag de stair na háite. Mholfainn an turas go mór d'aon duine a bhfuil spéis aige nó aici sa stair, go háirithe i stair an phobail áitiúil. Ó na peileadóirí go dtí na polaiteoirí, ón lucht daibhir go dtí an lucht saibhir, agus ón óige go dtí na daoine críonna, beidh muid uilig curtha in aice le chéile fá chré na cille.

Tá eolas fá Stair faoin Spéir ar fáil anseo: https://www.instagram.com/stairfaoinspeir/

Tá eolas fá Croí Éanna ar fáil anseo: https://www.instagram.com/croieanna/

 

 


[1] Mac Coinnigh, M. (2019) ‘Memory and Landscape’. Ar fáil ag: https://humag.co/article/2172/memory-and-landscape [Faighte 15 Samhain 2026].

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge