Gairm chun Taighde

Tá Fís an Phobail ar lorg taighdeoir chun tabhairt faoi taighde pobal dírithe ar an Oideachas fad-saoil sa líonra pleanála teanga.
Gairm chun Taighde

Eolas Fúinn:

 

Tá stadas oifigiúil bronnta, don chéad uair ariamh I stair na tíre, ar cheantair taobh amuigh don Ghaeltacht. In 2018, roghnaigh Foras na Gaeilge cúig cheantar ar tugadh stadas oifigiúil dóibh mar ‘cheantar líonra Gaeilge; Iarthar Bhéal Feirste ina measc. Cuireadh maoiniú ar fáil i 2018 le Plean Teanga a ullmhú don cheantar. Tá an plean d’iarthar Bhéal Feirste faofa ag Foras na Gaeilge agus aitheantas bronnta ó Rialtas na hÉireann. I Meán Fómhair 2022, ceapadh comhordaitheoir Pleanála Teanga leis an phlean a chur i bhfeidhm thar 7 mbliain. 

Is í an sprioc atá ag Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste (Fís an Phobail) ná mais chriticiúil de chainteoirí líofa Gaeilge a fhorbairt chun pobal inmharthana teanga a bhuanú sa spriocheantar sna blianta amach romhainn. Tugann an stadas oifigiúil don líonra s’againn an dúshraith náisiúnta don obair s’againn agus bheireann an maoiniú bréise an spás dúinn chun plean teanga cuimsitheach a chur i gcrích a dhéananna an soláthar reatha a aithint, a mheas agus na hachmhainní chun plean gníomhaíochta a ullmhú le tabhairt fana bhuanú agus a neartú.

In achar de thrí mhíle cearnógach tá; 5 bhunscoil lánGhaeilge agus 6 naíscoil; an Ghaelcholáiste is mó in Éirinn le Coláiste Feirste le 900 dalta and Spórtlann na hÉireann; 3 chumann óige agus eagraíocht ionadaíoch réigiunach óige Fóram na nÓg; dhá eagraíochtaí pobail atá maoinithe ag an Scéim Phobal Gaeilge ag Foras na Gaeilge in Ionad Uibh Éachach agus Glór na Móna; dhá chúram lae rathúil mar atá Ionad Uibh Éachach agus Teach Mhamó; Lár-ionad Cultúrtha agus Éaláine in Cultúrlann McAdam Ó Fiaich; Raidió Pobail lán-aimseartha in Raidió Fáilte; Compantas Dramaíochta Gairmiúil, Aisling Ghéar; Cumann Lúthchléas Gaeil lánGhaeilge, CLG Laochra Loch Lao; lárionad foghlama Gaeilge I gCumann Chluain Áird; Comhlacht Traenála agus Gairmoideachais mar atá Gaelchúrsaí; Aisíntacht Forbartha Gaeilge agus Gnó in Forbairt Feirste atá lonnaithe san fhoirgneamh chaipitíl nuathógtha Áras na bhFál in eineacht le heagraíochtaí agus áisíntachtaí Teanga eile ar nós Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Comhairle na Gaelscolaíochta agus Conradh na Gaeilge, maraon leis an illiomad cumainn spóirt, oidhreachta agus pobail atá ag cur go mór leis an obair forbartha teanga fosta.

Tá bunús láidir taighde leis an obair a dhéanann Fís an Phobail, idir an phlean teanga féin nó taighde faoi leith téamúla atá forbartha againn, ar nós an taighde teaghlaigh a d’fhoilsigh muid anuraidh. Tá achair eile oibre a bhfuil riachtanais géar ann le haghaidh taighde sular féidir linne mar phobal cláracha agus straitéisí a fhorbairt a théann i ngleic go cuimsitheach leo. Is é Fís an Phobail an tionscadal is oiriúnaí sa cheantar le tabhairt faoin taighde seo as siocair ár ról mar áisínteacht pleanála teanga don cheantar.

 

Eolas faoin Taighde:

 

Tháinig bórramh le blianta beaga anuas ar líon na ndaoine fásta atá ag freastal ar ranganna oíche Gaeilge sa cheantar. Tá réimse leathan d’eagraíochtaí, idir eagraíochtaí Gaeilge, cumainn CLG agus eile, ag soláthar ranganna le freastal ar an éileamh seo. Bhí moladh sa dréacht chlár rialtais i 2015 le hAcadamh a fhorbairt le tabhairt faoi seo ar bhonn straitéiseach ach ar chúiseanna éagsúla níor tharla sin. Creidimid go láidir go bhfuil cuir chuige chomhtháite le forbairt i dtaca leis an réimse thábhachtach oibre seo atá ar leas na heagraíochtaí agus níos tábhachtaí na foghlaimeoirí féin. Chun seo a dhéanamh áfach, ní mór taighde a dhéanann a chuimsíonn:

 

·      riachtanais na foghlaimeoirí atá ag tabhairt faoi ranganna sa phobal

·      riachtanais agus an réimse tacaíochta atá de dhíth ar an fhoireann teagaisc sna ranganna seo

·      miantaí agus dúshláin na heagraíochtaí atá ag soláthar ranganna

·      agus a bhreathnaíonn ar chuid den dea-chleachtas idirnáisiúnta maidir le foghlaim fad-saoil i dtaca le teangacha de.

 

Chuige sin, cuireann muid fáilte roimh iarratais ó taighdeoirí chun tabhairt faoin taighde seo ar ár son.

 

Is féidir léiriú spéise a sheoladh chuig Pádraig Ó Mathúna ag padraig@fisanphobail.com roimh an 12pm ar an Chéadaoin 18ú Márta.

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Pádraig le haghaidh tuilleadh eolais fosta.

 

Is é £2,500 an buiséad iomlán a bhaineann leis an taighde seo a sholáthar.

 

Tá an tionscadal seo maoinithe ag an Roinn Pobal.

Roinn Pobal

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge