Ó seoladh suíomh s’againne ag Oireachtas na Samhna 2025, tá go leor daoine tar éis teagmháil a dhéanamh linn maidir le saothar ealaíne iontach Nathalie Caleyron atá mar chúlbhrat ar an suíomh. Is iontach mar a d’éirigh léi cur síos a dhéanamh ar an tírdhreach, na foirgnimh agus na gníomhaíochtaí éagsúla a chuimsíonn Gaeltacht Bhéal Feirste. I gcroílár léiriú Caleyron ar an Cheathrú Gaeltachta, tá túr raidió ollmhór, ag craoladh na hathbheochana amach ag daoine ó achan chearn.

Léiríonn sé seo an ról atá ag Raidió Fáilte i bpobal s’againne. D’fhoghlaimeoirí, is acmhainn luachmhar í mar áit go dtig leo teacht ar chomhráite nádúrtha le cur leis na ceachtanna a fhaigheann siad sna ranganna s’acu. Tá an stáisiún chomh tábhachtach céanna dóibh siúd a bhfuil Gaeilge líofa acu cheana féin mar spás le nuacht agus tuairimí a roinnt nó díreach le héisteacht leis na scéalta is déanaí ón phobal i gcoitinne. Ní nach ionadh mar sin, gur roghnaigh Kneecap an staisiún don chéad taibhiú domhanda dá n-amhrán úr an tseachtain seo – cinneadh a thugann seans don stáisiún lucht éisteachta úr a mhealladh, b’fhéidir.

Anois, mar gheall ar chomhoibriú idir Raidió Fáilte agus Fís an Phobail, tig le cuairteoirí ar shuíomh Fhís an Phobail éisteacht beo leis an stáisiún cibé áit a bhfuil siad ar domhan fríd ghiuirléid úr. Níl le déanamh ach clic beag amháin!
Ach is mó ná gné áisiúlachta an ghiuirléid sin – is píosa tábhachtach den bhonneagair teanga é. Sa ré dhigiteach ina gcaithfidh teangacha mionlaithe uilig dul san iomaíocht le tírdhreach fuaime atá faoi smacht ag mórthionchar an Bhéarla, tá sé ríthábhachtach go bhfuil fáil éasca ag cainteoirí mionteangacha ar mheáin cumarsáide ina dteangacha féin. Seo an príomhról atá ag an ghiuirléid: ó chainteoir líofa i dteach s’acu ar Bhóthar na bhFál go foghlaimeoir atá ag obair i lár na cathrach nó Feirstigh a bhfuil cónaí orthu anois in áit ar bith ón Nua-Shéalainn go Nua Eabhrac, tig leo nascadh beo lena bpobal teanga. Tugann sé seo eispéireas tumoideachais d’achan chuairteoir ar shuíomh s’againne, bíodh siad ann le haghaidh seiceáil isteach ar phíosaí nuachta, teacht ar liosta imeachtaí, nó ceann de na blaganna seachtainiúla a léamh.
I gcás athbheochan teanga mhionlaithe agus go háirithe i gcomhthéacs uirbeach, fanann teanga nach ndéantar staidéar uirthi ach i seomraí ranga leochaileach agus mínádúrtha. Ach nuair a bhíonn teanga mar chuid lárnach den tírdhreach fuaime, fiú i gcúlra an tsaoil laethúil – agus tú ag déanamh tae, ag scrollú ar na meáin shóisialta, nó ag fanacht le leathanach a luchtú – déanann sé sin normalú uirthi, rud atá ag croílár achan phlean teanga. Agus muid ag cur ghiuirléid Raidió Fáilte ar fáil ar shuíomh s’againne, táimid ag cinntiú go sroicheann fuaim Ghaeltacht Bhéal Feirste achan chainteoir, achan fhoghlaimeoir, agus achan chuairteoir fiosrach, cibé áit a bhfuil siad.
An chéad uair eile agus tú ag tabhairt cuairte ar shuíomh Fhís an Phobail, bain triail as an ghiuirléid agus cur in iúl dúinn cá háit ina bhfuil tú ag éisteacht!

