Céad Míle Fáilte - Ag Cothú Naisc Trí Theanga agus Cultúr

I gcroílár chultúr na hÉireann tá an frása Céad Míle Fáilte – léiriú ar spiorad an fháilte, an chairdis agus an mhuintreachais atá mar chuid dár sochaí.
Céad Míle Fáilte - Ag Cothú Naisc Trí Theanga agus Cultúr

Sa lá atá inniu ann, tá tionscadal Céad Míle Fáilte ag cur an spioraid sin i ngníomh trí dheiseanna a chruthú do dhaoine ó gach cúlra nasc a dhéanamh leis an Ghaeilge, leis an chultúr agus leis an phobal.

Arna reáchtáil ag Conradh na Gaeilge le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta, is tionscadal nuálach comhtháthaithe pobail é Céad Míle Fáilte a chuireann fáilte roimh dhaoine atá nua tagtha go hÉirinn agus a thugann deis dóibh dul i ngleic leis an Ghaeilge mar rud comhroinnte agus beo in oidhreacht chultúrtha na tíre. Oibríonn an tionscadal le hiarrthóiri tearmainn, le teifigh, le mic léinn idirnáisiúnta agus le daoine ó phobail mhionlaigh eitneacha, ag cuidiú leo naisc a fhorbairt ina bpobail áitiúla trí theanga, cultúr agus rannpháirtíocht.

Ceann de phríomhaidhmeanna an tionscadail ná an Ghaeilge a dhéanamh inrochtana do chách, beag beann ar chúlra nó ar thaithí roimhe seo. Trí ranganna Gaeilge atá oiriúnach do thosaitheoirí, ciorcail chomhrá, ceardlanna agus imeachtaí cultúrtha, spreagtar rannpháirtithe chun dul i dtaithí ar an teanga i dtimpeallacht chairdiúil thacúil. Faigheann go leor rannpháirtithe amach gur féidir le cúpla focal Gaeilge doirse a oscailt chuig cairdeas nua, líonraí pobail agus tuiscint níos doimhne ar an áit a dtugann siad baile uirthi anois.

Mar sin féin, tá i bhfad níos mó i gceist le Céad Míle Fáilte ná foghlaim teanga amháin. Cruthaíonn an tionscadal spásanna ina mbíonn daoine in ann teacht le chéile, taithí a roinnt agus éagsúlacht chultúrtha a cheiliúradh. Tugann imeachtaí an tionscadail daoine ó thíortha agus ó chultúir éagsúla le chéile go rialta, rud a chruthaíonn deiseanna fiúntacha do mhalartú idirchultúrtha. Trí cheol, scéalaíocht, bia, ealaíona agus gníomhaíochtaí pobail, foghlaimíonn rannpháirtithe ní hamháin faoi chultúr na hÉireann ach faoina chéile freisin.

Tugann an tionscadal dúshlán freisin don tuairim go mbaineann an Ghaeilge le grúpa áirithe daoine amháin. Ina ionad sin, cuirtear chun cinn an smaoineamh gur acmhainn chultúrtha chomhroinnte í an Ghaeilge atá oscailte agus fáilteach do gach duine atá ina chónaí ar an oileán. Trí rannpháirtíocht daoine ó chúlraí éagsúla a spreagadh, cuidíonn Céad Míle Fáilte le pobal Gaeilge níos cuimsithí agus níos ionadaí a chothú.

Plé-phainéal ag an Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Ó bunaíodh Céad Míle Fáilte, tá tacaíocht tugtha do na céadta rannpháirtí ar fud na hÉireann agus tá sé ina shampla tábhachtach den dóigh gur féidir leis an teanga agus an cultúr cur go dearfach le comhtháthú pobail. Tuairiscíonn rannpháirtithe go minic go bhfuil níos mó muiníne acu astu féin, go bhfuil naisc shóisialta níos láidre acu agus go mothaíonn siad níos mó muintearais mar thoradh ar a rannpháirtíocht.

I mBéal Feirste, tá tionchar suntasach bainte amach ag an tionscadal Céad Míle Fáilte trí chomhpháirtíochtaí láidre pobail a fhorbairt agus deiseanna nua rannpháirtíochta a chruthú do dhaoine ó chúlraí éagsúla. Táimid ag obair i gcomhar le Belfast City of Sanctuary, eagraíocht a thacaíonn le hinimircigh, dídeanaithe agus daoine atá ag lorg tearmainn sa chathair. Mar chuid den chomhpháirtíocht seo, chuireamar téarma ranganna Gaeilge ar fáil anuraidh do rannpháirtithe a bhí ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoin teanga agus faoin gcultúr áitiúil. D’eagraíomar turas teaghlaigh freisin chuig Oireachtas na Samhna 2025, a bhí ar siúl i mBéal Feirste, rud a thug deis do rannpháirtithe taithí a fháil ar cheann de na féilte Gaeilge agus cultúir is mó in Éirinn.

Rang Gaeilge

I mbliana, táimid ag obair le Diverse Youth NI, an rannóg óige de Belfast City of Sanctuary. Is é seo an chéad uair a bheas an clár á chur ar fáil go sonrach do dhaoine óga ó chúlraí imirceacha, ag cruthú deiseanna nua dóibh páirt a ghlacadh sa Ghaeilge, cairdeas a chothú agus nasc níos láidre a fhorbairt lena bpobal áitiúil. 

Ina theannta sin, bhí Céad Míle Fáilte páirteach i ngrúpa oibre d’eagraíochtaí Gaeilge a d’fhorbair agus a sheol Cairt Frithchiníochais don earnáil Ghaeilge in 2025. Léiríonn an obair seo ár dtiomantas do phobal Gaeilge atá fáilteach, ilghnéitheach agus ionchuimsitheach, ina mothaíonn gach duine go bhfuil áit acu ann.

Agus Éire ag éirí níos ilghnéithí de réir a chéile, tá ról níos tábhachtaí fós ag tionscadail ar nós Céad Míle Fáilte ag cruthú pobail atá fáilteach agus cuimsitheach. Trí dhaoine a thabhairt le chéile trí theanga, cultúr agus eispéiris chomhroinnte, léiríonn an tionscadal gur féidir leis an Ghaeilge a bheith ina huirlis chumhachtach don cheangal, don tuiscint agus don mhuintreas.

Ar achan bhealach, cuimsíonn Céad Míle Fáilte a ainm – ag tabhairt céad míle fáilte agus ag cruthú pobail ina mothaíonn gach duine páirteach.

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge