A bheag nó a mhór, ní bheidh a leithéid ann arís, bhuel, tá sé sin fíor ar bhealach, ach mar is eol do gach anois, beidh a leithéid ann arís agus go mbeidh muid beo ag an am seo bliana! Beidh Fleadh ar ais!
Gan amhras, tá mé ag déanamh tráchta ar Fhleadh Cheoil na hÉireann a thug cuairt ar Bhéal Feirste cois cuain, an dara cathair is mó ar an oileán seo den chéad uair riamh le déanaí agus chan Fleadh Ard Eoin. Lá de na laethe agus de réir gach rannpháirtí, fleadh de na fleadhanna! Beidh an Fhleadh ar ais i mBéal Feirste don bhliain 2027, nach maith sin!
Ar dtús báire, mar Fheirsteach, mar Ghael, bhí mé beagán neirbhíseach fá Fhleadh Cheoil na hÉireann teacht go Béal Feirste le bheith ionraic. Is cathair scartha í Béal Feirste ar bhealach go fóill agus ar an drochuair, bhí Béal Feirste i lár an aonaigh ar na mallaibh, nuair a bhris círéibeacha ciníocha amach ar na sráideanna don chuid is mó in oirthear Bhéal Feirste.
Tharla pogram ar dhóigh, anseo don phobal imirceach nó rinneadh ionsaithe ar dhaoine nach raibh craiceann bán acu sna ceantracha dilseacha in oirthear na cathrach. Cuireadh teaghlaigh amach as tithe s’acu, dódh tithe agus tugadh ar dhaoine eile teitheadh i lár na hoíche. Mhothaigh an pobal imirceach faoi bhagairt agus i gcontúirt, cuireadh isteach ar chuid acu ina n-áit oibre.
Tá pobal beag náisiúnach poblachtánach gar do lár an bhaile agus gar do na trioblóidí déanacha seo darbh ainm An Trá Gearr. Is minic go ndearna ionsaithe ar an phobal seo le linn na mblianta, ach an iarraidh seo, bhain sé le dath craicinn. Dódh Glider fosta, bus de na busanna nua a thug Béal Feirste isteach sa nua-aois, macasamhail, córas LUAS na hardchathrach.
Céad míle fáilte go hÉirinn. Fleadh Cheoil na hÉireann ar na bacáin?
Os a choinne seo, labhair na polaiteoirí agus na ceannairí amach in éadán na n-ionsaithe agus gheall go mbeadh Béal Feirste réidh. Cáineadh agus clúmhilleadh.
Ach, cad é mar a chuaigh sin i bhfeidhm ar cháil idirnáisiúnta na cathrach? Cathair, ar ndóighe a rinne mórtas lá den tsaol go raibh an t-óstán is mó a rinneadh buamáil air i stair na hEorpa suite i lár na cathrach!
Lena chois sin, is cathair nua-aimseartha í Béal Feirste anois. Ní raibh cead agam dul go lár na cathrach agus mé i mo dhéagóir ag fás aníos i mBéal Feirste m’óige féin, a mhalairt ar fad atá ann anois.

Bíonn Béal Feirste réidh do na hócáidí móra anois, ag dréim leo. Ní raibh riamh easpa muiníne ag lucht Bhéal Feirste. Go deimhin, nár thóg muid na longanna is mó ar domhan lá den tsaol?
Bhí Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste, ar ndóighe, bíonn ceolchoirmeacha móra ann go minic ag Páirc Ormeau, Cearnog an Chustaim, Boucher agus Féile an Phobail. Ócáidí móra spóirt gach deireadh seachtaine, rugbaí, sacar, CLG…ná luaigh Casement.
Mar sin, ní bheadh fadhb ann le infrastruchtúr, hallaí, ionaid, páirceanna, iompar, pleanáil ná lóistín.
Dá mbeadh fadhb ann, bhainfeadh sé le seanfhadhb na cathrach a théann chomh fada siar sa stair, chomh sean le cnoic Bhéal Feirste; seicteachas, biogóideachas nó caolaigeantachas.
Buíochas le Dia, ní raibh orainn bheith buartha! Bhí sceitimíní ar gach!

Bhí seachtain gan choinne i stair iomráiteach chathair Bhéal Feirste againn. Is fiú a rá gur tháinig gach rud le chéile go hiontach. Tá moladh faoi leith tuillte ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann i mBaile na Nua hArda (Ards Comhaltas) a spreag agus a mheall údárais an Chomhaltais teacht ó thuaidh. Thug Fleadh Cheoil cuairt ar Dhoire sa bhliain 2013, ach, ar an ábhar, gur bhain an t-iarratas sin le Doire bheith ainmnithe agus aitheanta mar chathair chultúrtha na Ríochta Aontaithe, níor ghlac gach tuaisceartach go fonnmhar leis, i mo thuairim. Sin ráite, bhí mé féin i nDoire Cholm Chille agus bhí am ar dóigh ag mo theaghlach.
D’fhreastail mé ar roinnt fleadhanna le mo leasmhac agus é ag glacadh páirte i gcomórtais le CCÉ Loch Lao a bhí lonnaithe i mBaile Andarsain. Thaitin Fleadh Aontroma agus Fleadh Uladh liom i gcónaí. Bhí deis agat freastal ar áiteanna beaga neamhchoitianta faoin tuath cosúil le Port Gleann Abhainn, Baile an Chaistil, Beannchar, Rinn Mhic Giolla Ruaidh, Ros Treabhair, Dún Geimhin, Cill Chaoil, Oileán an Ghuail, Droim Mór agus neart eile. Craobh na hÉireann a bhí ann gan amhras, contae, cúige agus tír.
Mar sin, bhí taithí agam ar fhleadhanna roimhe, fiú nár sheinn mé ceol! D’éirigh mé oilte agus cleachtaithe ag iompar uirlísí cheoil, go háirithe, an chláirseach, post an tuismitheora, cláirseach an chláirseora a iompar, ag réiteach ceapairí do mo mhuintir, ag tiomáint agus ag aimsiú cupa caife! Dualgaisí tábhachtacha.
Ghlac m’iníochacha páirt fosta agus iad ag fás aníos agus sheinn duine amháin acu le CCÉ Ards ar feadh tamaill agus an ghirseach eile le CCÉ Cumann na Fuiseoige i gCill Uaighe. Arís, bhí am den scoth againn ag taisteal, ag tacú, ag éisteacht, ag freastal agus ag bualadh le daoine. Mhothaigh mé i gcónaí go raibh neart ceoltóirí a raibh Gaeilge acu fosta. Thaitin sin liom chomh maith le cúpla pionta ag deireadh na hoíche!
Le croí mór trom, ar an drochuair, faoin am a tháinig Fleadh Cheoil na hÉireann go Béal Feirste, mo bhaile dúchais féin, ní raibh páiste ar bith de mo chuid ag seinm. Tháinig deireadh le CCÉ Loch Lao roinnt blianta ó shin. Bhí CCÉ Ards ró-fhada ar shiúl dúinn go fírinneach agus an cailín eile, bhuel, tá sí go fóill ag seinm, ach thóg céim siar ón CCÉ Cumann na Fuiseoige i gCill Uaighe, ach ar a laghad, bhí sí páirteach i roinnt mhaith fleadhanna.
Cén fáth a bhfuil seo tábhachtach? Bhuel, is cinnte agus muid ag amharc siar anois ar rathúlacht na Fléidhe i mBéal Feirste, tá cuid mhór buntáistí agus deiseanna dearfacha a tháinig chun solais. Mar shampla, pop up bars agus na ceantracha do choisithe amháin agus don té soineanta a bhí páirteach den chéad uair roimhe, nó don tseanfhondúir a chonaic gach rud roimhe, nó don dilseoir diúltach a d’athraigh a bport. D’éirigh leo, d’éirigh leat agus d’éirigh linn. Bhí Fleadh Bhéal Feirste doiligh a chreidbheáil, ach tharla sé agus baineadh siar asainn.

An bhfaca tú féin lár na cathrach mar sin riamh i do shaol??
Chuir muintir Bhéal Feirste eang sa mhaide mhullaigh. Bhí Fleadh Cheoil na hÉireann thar barr, thar cinn, ar dóigh, ar fheabhas agus gach aon sárchéim eile a ritheann leat. Níos airde ná na sárchéimeanna, más féidir. D’éirigh le Comhaltas Ceoltóirí na hÉireann, le Comhairle Chathair Bhéal Feirste, le gach teach tabhairne, le gach óstán, leis na hoibrithe deonacha, leis na fir agus mná bruscair agus leis na seastáin bí. Maith sibh, maith muid, maith lucht Bhéal Feirste.
Ar an láimh eile, mothaim, má tá oidhreacht nó tionchar le bheith ag an Fhleadh ar rudaí taobh amuigh de chúrsaí geilleagair agus eacnamaíochta agus fiú cogair é trasphobal, na pobail ag teacht le chéile. Caithfear clár oideachais a chothaíonn caidreamh le ceol traidisiúnta agus cosmhuintir na cathrach sna scoileanna a fhorbairt.
Má tá oidhreacht cheart fhiúntach le mothú, le brath ón Fhleadh, ar an chathair agus ar an gháthdhuine, caithfidh go mbeidh níos mó deiseanna do pháistí ón lucht oibre, cosmhuintir na bhFál agus na Seanchille, Ard Eoin nó Rath Cúil, triail a bhaint as ceol traidisiúnta na hÉireann.
Tá uirlisí de dhíth, tá ceachtanna agus múinteoirí de dhíth. Tá airgead agus infheistíocht de dhíth. Baineann an ceol le gach aicme, ach tá airgead de dhíth. Ar uairibh, is caitheamh aimsire meánaicmeach é, a tharlaíonn i scoileanna gramadaí. Anois, níl sin go huile is go hiomlán fíor, ach déan do mhachnamh air.
Bíonn ranganna, oiliúint agus uirlísí costasach.
Mar sin de, bheadh sé ar fheabhas dá dtiocfadh le Féile an Phobail agus Comhaltas agus Fleadh Cheoil na hEireann 2027 teacht le chéile agus clár a sholáthar do scoileanna i gceantracha atá faoi mhí-bhuntaiste le huirlísí agus ranganna a chur ar fáil. Ní féidir foireann iománaíochta ná camógaíochta a bheith agat gan camáin, sliotair agus clogaid. Ní féidir le páistí lucht oibre ceolfhoireann a bheith acu gan uirlísí ach oiread.
De bhrí sin, mothaím mar Fheirsteach, mar thuismitheoir a d’fhreastail ar fhleadhanna gan chúlra ceoil agam féin, d’fhoghlaim agus d’aithin mé na féidearthachtaí agus deiseanna a chruthaíonn an ceol don duine óg. Molaím go hard na Comhaltais a luaigh mé, Loch Lao, nach maireann, Ards, a thug Fleadh Uladh go Beannchar agus Fleadh Náisiúnta go Béal Feirste agus Cumann Ceoil na Fuiseoige, Cill Uaighe.
Ach……. tá rud éigin difriúil fá Chumann Ceoil na Fuiseoige, eagsúil sainiúil. Anois, ní ceoltóir mé, is éisteoir mé! Ach, tá Cumann Ceoil na Fuiseoige speisialta. Tá sé lonnaithe i gCill Uaighe agus bíonn siad ag obair le scoileanna áitiúla, go háirithe na gaelscoileanna. Cuireann siad béim ar an teaghlach, ar an phobal agus ar an cheol traidisiúnta, dár ndóighe.
Cuireann siad uirlísí ceoil ar cíos agus ní ghearann siad táillí móra ar na rannpháirtithe. Cuidíonn siad leis an phobal agus bíonn páirteach i bhfeachtasaíocht agus i bhféilte áitiúla. Bíonn coirmeacha móra acu ag an Nollaig nó le linn Sheachtain na Gaeilge.
Is Glór na Móna an ceol iad, macasamhail, Ray Gorman i nGleann Gormlaithe agus Gaelphobal Ard Mhacha Theas le Aisling Ní Choinn agus Bláithín Mhic Cana, tá ardmholadh tuillte ag clann Mhic Bhradaigh, i gCill Uaighe, atá i mbun agus a thugann barraíocht dá gcuid ama go fial chuig an chumann! Laochra amach is amach. Spreag siad cumann nuabhunaithe, Ceathrú Cheoil na bhFál, beidh le feiceáil!
Bhí bród an domhain orm mar Fheirsteach, mar Ghael agus mar iarthuismitheoir an chumainn, nuair a chuala mé stiúrthóir an chumainn, Christine, ag cur Cumann Ceoil na Fuiseoige, in aithne do phobal na Fléidhe i nGaeilge, ag Halla na Cathrach ag tús na seachtaine móire stairiúla. Bhí Mary Ann Mc Cracken agus Banríon Victoria na Sasana sa chúlra ag éisteacht léi fosta.
Arsa Christine “ Is muidne Cumann Ceoil na Fuiseoige, as Cill Uaighe, iarthar Bhéal Feirste”. Tógáil croí, ardú meanman.
Tuigim, nach luíonn seo le dualgaisí CCÉ agus Chomhairle na Cathrach, ach Dia ár sábháil, tá mé cinnte go bhfuil cúpla punt ann, áit éigin i ndiaidh na Fléidhe go dtiocfadh leo níos mó cumann ceoil a bhunú i ngach cearn de Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin.
Mo cheol sibh ar fad agus muid ag dúil le Fleadh 2027 bheith ar ais i mBéal Feirste, ní bheidh a fhios agat fá 2028? Tréchleas na bhFleadhanna!
