Suí agus Scíth - Tuairim Tuismitheora

Ba mhaith liom mo thaithí iontach le suí is scíth a roinnt libh.
Suí agus Scíth - Tuairim Tuismitheora

Ba mhaith liom mo thaithí iontach le suí is scíth a roinnt libh. Ón chéad lá a tháinig mé le mo bhabaithe, mhothaigh mé fáilte chroíúil agus atmaisféar teolaí.

Tá an rang eagraithe go han-mhaith – bíonn gníomhaíochtaí spreagúla ann do na páistí, cosúil le hamhráin, cluichí simplí, súgradh il chéadfach agus scéalta gleoite. Ní hamháin go mbíonn na babaithe ag baint taitneamh as, ach cabhraíonn sé go mór lena bhforbairt shóisialta, forbairt phearsanta agus leis an Ghaeilge. Is iontach an rud é a fheiceáil conas a fhásann siad ó sheachtain go seachtain!

Maidir le tuismitheoirí, is deis iontach é chun cairdeas a dhéanamh, comhrá a bheith agat le daoine eile. 

Caithfidh mé ard mholadh a thabhairt do Sorcha. Tá sí ar fheabhas ar fad leis na páistí agus tuisceanach ar fad ar neart na dtuistí. Is léir go gcuireann sí neart ama ag ullmhú na ranganna do na páistí agus do na tuismitheoirí.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na seirbhísí teaghlaigh, déan teagmháil le Sorcha ag sorcha@fisanphobail.com

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge