Seolta Geala - An scéal go dtí seo!

Is rang amhránaíochta í ‘Seolta Geala’ a bhíonn ar bun gach seachtain in Iarthar Bhéal Feirste.
Seolta Geala - An scéal go dtí seo!

Is rang amhránaíochta í ‘Seolta Geala’ a bhíonn ar bun gach seachtain in Iarthar Bhéal Feirste. Chuir Fís an Phobail, lucht pleanála teanga iarthar Bhéal Feirste, tús leis na ranganna amhránaíochta le páistí na cathrach a ullmhú d’Oireachtas na Samhna, a bhí ar siúl sa chathair i Mí na Samhna 2025. 

Sa bhliain acadúil 2024/25 chuaigh na heisimleoirí i mbun an chláir, Róise Ní Mhurchú agus Caitríona Ní Ghribín, isteach chuig gaelscoileanna in Iarthar Bhéal Feirste, ina measc, Bunscoil Phobal Feirste, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Gaelscoil na Móna agus Gaelscoil na bhFál. Cuireadh na ranganna ar fáil le suim na bpáistí a spreagadh san amhránaíocht ar an tsean-nós ag úsáid áiseanna cosúil le ‘Amhráin ar Scoil’, a taifeadadh i stiúideónna Raidió Fáilte i mBéal Feirste.

Cuireadh fáilte roimh na páistí chuig rang seachtainiúil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál. Bíonn na páistí ag foghlaim na n-amhrán ar an tsean-nós sna ranganna seo mar shampla, An Mhaighdean Mhara, Aird Uí Chuain agus Tiocfaidh an Samhradh. Bíonn idir chraic agus spraoí ag na páistí sna ranganna seo. Bhí ceardlann amhránaíochta ag na páistí le daoine ar nós Bhláithín Mhic Cana, mar chuid den chlár. Ba dheis iontach í seo do na páistí le hamhráin a fhoghlaim ó dhuine de príomhfhoinsí an traidisiúin anseo in Ulaidh. Tá cúpla ceardlann eile beartaithe acu amach anseo fosta. 

Ag deireadh na scoilbhliana 2025, bhí clár ullmhúcháin ar an Oireachtas i  mbunscoil Phobal Feirste, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh agus Gaelscoil na bhFál ag fiosrú stair na féile, a reáchtáladh den chéad uair i mBaile Átha Cliath in 1897, agus ag foghlaim níos mó faoi na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh ar siúl sna healaíona, sa cheol, san amhránaíocht ar an tsean-nós agus sa chaint.

Tá an-tábhacht ag baint leis na ranganna amhránaíoctha seo in Iarthar Bhéal Feirste ag tógáil ar an traidisiún fadbhunaithe atá sa cheantar.

Róise leis na hamhránaithe óga

Chonaic muid ón chéad seachtain an dóigh ar fhobair muinín na bpáistí leis an cheol agus iontu féin fosta. Dúirt Róise “Agus mé féin ag fás aníos bhí neart deiseanna amhránaíochta agam ag seisiúin amhránaíochta agus sa bhaile. Tá muid ag iarraidh na deiseanna céanna a thabhairt do na páistí.”  Cheol lucht ‘Seolta Geala’ ag oscailt oifigiúil ‘Liú Lunasa 2025’ sa Chultúrlann agus bhí siad le cluinstín ar Raidió Fáilte.

Tá muid ag dúil go mór le todhchaí ‘Seolta Geala’ a fheicéail i 2026!!

Más suim leat do pháiste a chlárú do Sheolta Geala, déan teagmháil le Sorcha Ní Chathmhaoil - sorcha@fisanphobail.com 

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge