Beannachtaí na hAthbhliana!

Ní bhíonn an dea-rún buan nó tús maith leath na hoibre
Beannachtaí na hAthbhliana!

Ní bhíonn an dea-rún buan nó tús maith leath na hoibre, bíonn i gcónaí seanfhocal nó dhó le cur síos a thabhairt ar rothaí móra an tsaoil as Gaeilge. 

Bíonn sé deas bheith ag amharc chun tosaigh ag an am seo den bhliain. Tá dhá mhí dhéag romhainn agus breis agus trí chéad seasca lá, don bhliain 2026, neart ama.

Dóthain ama ann go dtiocfadh le nithe dul chun donais nó chun sonais! Is fiú amharc siar mar sin de, le bua na hiarghaoise!

Roghnaigh mé cúpla buaicphointe ar bhonn áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta, tograí, tionscadail, díograiseoirí, laochra  a sheas amach domhsa. Is liomsa amháin na tuairimí seo! Chuir siad eang sa mhaide mhullaigh gan amhras. 

Ar chúl m’intinne agus mé i mbun pinn, rith an mana iontach a thug an tAlbanach Patrick Geedes don domhan, 

Smaoinigh go domhanda, gníomhaigh go háitiúil. Think Global, Act Local!

Smaointe Fánacha ag smaointiú siar go 2025!

An Ghaeilge- 

Áitiúil- Céiliúradh Ionad Uíbh Eachach agus Gairdín an Phobail 

Náisiúnta- Oireachtas na Samhna

Idirnáisiúnta- thiocfadh daofa bheith i ngach rannóg, ach téann á gclú rompu anois, Kneecap, maith sibh a fheara

Spórt-

Áitiúil- Naomh Eoin, buaiteoirí Chraobh Aontroma san iomáint…..sa deireadh, ardú meanman d’iomáint agus do chamógaíocht na cathrach

Náisiúnta- David Clifford agus Ciarraí nó Luthchleasaithe na hÉireann, Adeleke, Healy, O’Connor, ar ndóighe, ba chóir go raibh siad idirnáisiúnta, ach…doiligh gan an fear seo a lua, an Troy is clúití sa tír!

Idirnáisiúnta- dhá fhocal…TROY PARROT

Ceol-

Áitiúil- Na leaids, Na Falls, maith iad. Gaeilge acu ar fad.

Náisiúnta- Na hÉireannaigh i lár an aonaigh, Fontaines, CMAT , Kingfisher agus go deimhin, Kneecap arís.

Idirnáisiúnta- Oasis 25 (b’fhéidir náisiúnta, is Éireannaigh iad na Gallaghers!)

Teilifís-

Áitiúil- NVTV agus an obair iontach a dhéanann Ciarán Ó Brolcháin, ach go háirithe.

Náisiúnta- TG4 ag dul i bhfeabhas i dtolamh

Idirnáisiúnta- Traitors nó Stranger Things, bhuel, ní thuigim féin é, ach tá fuaimrian den scoth le Stranger Things.

Na Meáin chumarsáide- 

Áitiúil- Raidió Fáilte, Greasán idirlín Fhís an Phobail

Náisiúnta- TG4 Foghlaim, thar barr!

Idirnáisiúnta- Tomaí Rua atá thar sáile, ach i gcóngar go rúnda!

Daoine a bhfuil meas agam orthu-

Áitiúil- Oibrithe in earnáil an ghaeloideachais

Náisiúnta- Duine ar bith a sheasann leis an Phailistín in éadan cinedhíothaithe, ó Gaels Against Genocide go Paul Weller. Maith sibh.

Idirnáisiúnta- muintir na Palaistíne nár ghéill fós.

Brat na Palaistíne

Daoine a d’imigh ró-luath

Áitiúil- Bás tobann an dornálaí óig, Paul Mc Cullagh. Fear spóirt, lúthchleasaí gairmiúil, dornálaí proifisiúnta agus ruaim eile ar a shlat nár luaigh na meáin go mór, ach, Gael, Gaeilgeoir go smior.

Náisiúnta- Barraíocht le trácht amháin a dhéanamh, mar sin……

Sister Stanislaus, Michael Longley, An tAth. Reamonn Ó Muireadhaigh, Manchán  Magan, Pádraig Ó Snodaigh, Jennifer Johnston agus neart eile.

Idirnáisiúnta- An Papa Proinsias agus Mani Mounfield, dordánaí Stone Roses agus Primal Scream.

Rudaí a chuir isteach orm-

Áitiúil- páistí scoile ag dul do na foclaí Sé, Seacht- Six, Seven….má bhíonn tú thart ar pháistí nó má tá páiste agat, beidh a fhios agat!

Náisiúnta- praghas ar phostas ó na Sé Chontae go dtí na Sé Chontae is Fichead, ar mire, £3.40! 

Idirnáisiúnta- Trump agus Netanyahu. Is leor sin.

-CLG

Áitiúil- obair na gcapall ag gach cumann ar bhonn áitiúil, Laochra Loch Lao, leis an teanga a chur chun cinn.

Náisiúnta- Na rialacha nua sa pheil, is maith liom an stua, is maith liom an bhratach flannbhuí oráiste, cuir ceist ar Phádraig Mac Giolla Bhríde!

Idirnáisiunta- cuir deireadh le hurraíocht agus nasc Allianz, bígí dílis do luachanna CLG in áit luach an airgid.

An Ghaeilge sa Phobal-

Áitiúil-  lucht na ranganna oíche agus Seomra Nuachta

Náisiúnta- Conradh na Gaeilge agus feachtas leanúnach na sráidainmneacha

Idirnáisiúnta- Uachtarán na hÉireann a thug tús áite don teanga mar theanga cumarsáide san Áras. Pádraig Ó Mianáin agus an foclóir nua. Bulaí fir.

Bheadh fiche rannóg eile ann fosta, ach ceal ama, ceal spáis agus cúrsaí oibre ag pilleadh diaidh ar ndiaidh…. Sos lárthéarma ar ball!

Smaoinigh go domhanda, gníomhaigh go háitiúil. Think Global, Act Local!

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge