Smaointe Fánacha

Dea-rún na hAthbhliana…. Má chlóigh tú le do dhea-rún go dtí seo, maith thú, má bhris tú do ghealltanas, ná bí trom ort féin ach oiread.
Smaointe Fánacha

Nós briste?

Dea-rún na hAthbhliana…. Má chlóigh tú le do dhea-rún go dtí seo, maith thú, má bhris tú do ghealltanas, ná bí trom ort féin ach oiread.

Níor mhair mé féin ró-fhada leis an Eanáir Thirim, le bheith ionraic. Má bhíonn tú ag obair go lán-aimseartha, ó dhubh go dubh, bíonn sé chomh dorcha sna maidineacha agus chomh dorcha céanna sna tráthnóntaí, nuair a thagann an deireadh seachtaine thart, bíonn sé deas do scíth a ligint, an tine chraosach a chur ag dul agus sos a thógáil. Mar a dúirt mé, ná bí trom ort féin, bí dóchasach, tá mí Eanáir beagnach thart agus an tEarrach le mothú chomh maith le sneachta le brath agus mí Feabhra ar na bacáin! Aimsir na hÉireann.

Lá na Féile Bríde

In Éirinn, tosaíonn an tEarrach ar Lá na Féile Bríde nó Imbolg mar a chuir na Ceiltigh agus na Págánaigh ar an tréimhse seo. Is cinnte go bhfuil síneadh ar an lá diaidh ar ndiaidh. Mar oideachasóir, bíonn an t-ádh liom gnéithe d’ár gcultúr agus d’ár stair a fhiosrú agus a phlé le páistí. Cuireann siad i gcónaí suim sna féilte agus sna séasúir. Gan amhras, bíonn an drochaimsir trom ar na daltaí agus iad cuachta istigh sna seomraí ranga gan seans acu bheith amuigh faoin spéir ag súgradh.

Taitníonn i gcónaí nósmhaireacht na gCrósóg Bhríde le daoine fásta agus le daltaí scoile. Is iontach bheith ag amharc ar rannpháirtithe dul i mbun ceardaíochta leis na crosóga. Tá clú agus cáil ar Cormac Ó Donghaile i mBéal Feirste maidir le ceardlanna na Féile Bríde. Bíonn ráchairt mhór air an t-am seo bliana, macasamhail, Daidí na Nollag, bíonn sé díomhaoin an chuid is mó den bhliain!

Is minic gur ghlac mé ranganna scoile thart go dtí an Chultúrlann le foghlaim ón mháistir é féin, Cormac na gCrosóg. Le bheith ionraic, ní raibh sé riamh ar mo chumas máistreacht na gcrosóg a oibriú amach!

Bhí i gcónaí scaifte dalta a thóg an scil go fonnmhar agus scaifte eile, cosúil liom féin, nach raibh clú do laghad acu! Is maith le daoine an chrosóg a chur in airde sa teach, in áit oibre s’acu nó fiú i scioból nó bóitheach má chónaíonn tú faoin tuath. Tá pisreog, tábhacht agus seanchas ag baint leis na crosóga.

Lá fhéile Bríde

Seo roinnt frásaí a bhaineann le Lá na Féile Bríde-

Lá Fhéile Bríde nó Lá na Féile Bríde- an chéad lá de mhí Feabhra

Mí na Bríde- Mí Feabhra

Lá na Brídeoige- lá na féile

Turas Bríde- oilithreacht in ómós do Bhríd

Oíche Bhríde- an oíche roimh an fhéile

Brat Bhríde- brat nó bratóg a d’fhág daoine amach don fhéile

Imbolg- sean-fhéile na gCeilteach a bhain leis na féilte Bealtaine, Lúnasa agus Samhain

Muire na nGael- Bríd

Luachra- feagacha

Mac Giolla Bhríde- sloinne coitianta in Éirinn

Logainmneacha- Tobar Naomh Bríde, An Bhríd (abhainn i gCorcaigh) agus neart i gCill Dara!

Bain sult as agus déan crosóg! Tá imeachtaí sa Chultúrlann, Ionad Uíbh Eachach agus i Raidió Fáilte.

An Daingean Abú

Comhghairdeas le foireann Dhaingean Uí Chúis a ghnóthaigh an duais is mó i bpeil na gclub ar na mallaibh. Cluiche den scoth a bhí ann amach is amach. Ní raibh ach cúilín idir mhuintir Chiarraí agus muintir Ros Comáin sa deireadh. Bhí Paul Geaney i lár an aonaigh mar imreoir agus bhí sé go mór chun tosaigh sna meáin chumarsáide fosta mar chaptaen na foirne. 

Thug sé óráid iontach i bPáirc an Chrocaigh as Gaeilge. Thaitin sin go mór liom, áfach, bhí go leor clampar agus rí-rá agus ruaille buaille faoin aitheasc, ar an ábhar gur labhair sé Gaeilge. Ar an láimh eile, Ciarraíoch, fear Gaeltachta, ag caint i nGaeilge, i bPáirc an Chrócaigh ag imirt ár spórt náisiúnta. Is trua nach ndéanann níos mó imreoirí é. Bulaí fir.

 Ambasadóir Gaeilge do Sheachtain na Gaeilge?

Féilte Beaga Áitiúla

Anois agus an tEarrach ag druidim linn, tá aimsir na bhféilte ag teannadh orainn fosta.

Beidh Scoil Gheimhridh Uí Chadhain á reachtáil ag Glór na Móna ag deireadh mhí Eanáir, tús mhí Feabhra.

Beidh Féile Aistear de chuid Ionad Uíbh Eachach ag dul ar aghaidh i mí Feabhra agus i mí an Mhárta.

Beidh Féile an Phobail ag cur ar fáil Féile an Earraigh agus d’ár ndóighe, beidh Seachtain na Gaeilge ann agus muid ag dul i dtreo Lá na Feile Pádraig.

Turais

Beidh Stair Faoin Spéir ag cur tús le Camchuairteanna Reilige arís agus beidh an chéad cheann saor in aisce, a bhuí le Comhairle Chathair Bhéal Feirste.

Camchuairt Reilige- Reilig Chathair Bhéal Feirste

Dáta-21/2/26

Am- 11.00am go 1.00pm

Áit choinne- príomhgheataí na Reilige (Bóthar na bhFál)

Mar sin de, tá muid beagnach ann, dóchas linn agus an tEarrach ag teacht.

Mar a dúirt Raiftéirí an fhile..

“Anois teacht an Earraigh, beidh an lá dul chun síneadh

Is tar éis na Féile Bríde

Ardóidh mé mo sheol.”

Ardóidh muid uilig. 

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge