Is mise Breda. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas dom. Tháinig mé go Tuaisceart na hÉireann breis is tríocha bliain ó shin. Anois, tá cónaí orm i Lios na gCearrbhach i gContae Aontroma. Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge agus mé ar scoil i mBaile Átha Cliath blianta fada ó shin. Is mó an trua ach ní raibh suim dá laghad agam an teanga a fhoghlaim ag an am sin. Nuair a d’fhág mé an scoil i mo dhiaidh cha raibh mé in ann abairtín ciallmhar a chur le chéile. Thart fá fiche bliain ó shin, bhí fonn ar chara do mo chuid freastal ar chúrsa Gaeilge a bhí ar siúl sa Chultúrlann ar bhóthar na bhFal agus d’fhiafraigh sí díom ar mhaith liom a dhul in éineacht léi. Ba bheag an tsuim a bhí agam sa Ghaeilge ach in ainneoin sin chuaigh le fáil amach cad é a bhí i gceist. Thosaigh na focail ag teacht ar ais chugam. Taobh istigh cúpla seachtain bhí mé go hiomlán faoi gheasa agus faoi dhraíocht na Gaeilge. Bhí mé gafa. Is saghas galar í an Ghaeilge.
Téim chuig ciorcal comhrá atá lonnaithe in Ionad Uíbh Eachach gach Aoine. Bíonn sé ar siúl ó 9.30 go dtí 11 ar maidin. Tá caife/tae, sólaistí deasa agus brioscaí le fáil (saor in aisce). Bíonn scaifte maith daoine ann i gcónaí agus neart comhrá agus craic. Bíonn muid ag plé achan cineál ábhair ó chúrsa reatha, spóirt agus gach uile rud. Tá duine den chéad scoth darb ainm Foxy i mbun an ghrúpa. Is é an t-Oifigeach Forbartha Gaeilge san Ionad agus tá Gaeilge ar a thoil aige.
Má bhíonn deacrachtaí ar leith againn (agus bíonn) lenár gcuid Gaeilge nó an dóigh is fearr rud éigin a rá, cuireann sé ar an tslí cheart muid. Ó am go chéile tugann muid cuairteanna ar áiteanna nó ionaid eile. Mar shampla, beidh muid ag dul chuig an Ionad stairiúil Cnoc Uí Néill atá i nDún Geannain, i gceann cúpla seachtain. Ionas nach bhfuil mórán Gaeilgeoirí sa cheantar ina bhfuil mé ina chónaí níl mórán seans agam mo chuid Gaeilge a chleachtadh agus sin cúis mhaith dom a dhul chuig an chiorcal comhrá in IUE.
Is maith liom a bheith ag bualadh le mo chuid cairde san Ionad, is maith liom a bheith ag bualadh le daoine nua agus an rud is tábhachtaí dom ná go mbainim an-sult as an chraic, Is áit an-chairdiúil í agus bíonn fearadh na fáilte roimh chách ansin i gcónaí.
