Tábhacht na bhFéilte

"Is doiligh fíor luach na féiltí seo a chur i bhfocail;  is nuair atá tú i láthair acu a mothaíonn tú an draíocht a bhaineann leo."
Tábhacht na bhFéilte

Nuair a smaoiním siar ar na féiltí atá eagraithe ag Glór na Móna thar na blianta sníonn cuimhní galánta fríd m’aigne; ó leachtanna Harry Holland le linn Féile na Carraige go ióga ar an Sliabh Dubh le linn Féile na gClóigíní Gorma. Is deacair na focail a aimsiú le cur síos cruinn a dhéanamh ar na mothúcháin a gcothaíonn na féiltí seo ionam, bród & grá is dócha, ach tá níos mó ná sin i gceist. Is suaimhneas de chinéal éigin é, suaimhneas go bhfuil tú i measc daoine a gcreideann sna luachanna céanna leat, daoine atá oscailte agus tuigmhéalach ar an duine aonair agus na bealaí go dtéann an saol i bhfeidhm orthu, bíodh sin maith nó olc. 

Tá an oiread sin foghlama agam thar na blianta ag na féiltí seo. Is sna féiltí seo a d’fhoghlaim mé faoin stair áitiúl anseo i mBéal Feirste; ón dóigh a d’fhulaing ár muintir ag lámha an choilíneachas go dtí stair na Gaeilge sa Chathair agus an dóigh nach dtiocfadh le hImpireacht na Breataine urra ár sinsear a bhriseadh ariamh. 

Fríd gach uile féile a d’fhreastal mé ar bhí béim i gcónaí ar an idirnáisúnachas; rud a thug spléachú dom ar an chinéal saol atá ag daoine eile ar fud an domhain ó mhuintir na Palaistíne go dtí na bundúcasaigh sa Bhrasaíl. Thug na féiltí seo léargas dom ar streachailtí difriúla ar fud an domhain agus tuiscint ar an tábhacht a bhaineann le dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta, dúinn féin mar phobal agus do phobail eile trasna na cruinne, le chéile tá muid níos láidre.

Sa saol ina bhfuil muid beo inniu; le fás an dúdheas, an ghéarchéim aeráide, fás an chíníochais  agus an méid foréigean atá le feiceáil timpeall an domhain is furasta a bheith éadóchasach faoin todhchaí. Mothaíonn sé uaireanta go bhfuil muid plúchta ag an fhuatha agus an t-easaontas ach cuireann na feiltí seo i gcuimhne dúinn go bhfuil an oiread sin daoine a gcreideann sa ghrá, sa chomhionannas agus go bhfuil pobal fairsing do dhaoine ann atá ag iarraidh gníomhú ar na ceisteanna móra seo.

Tugann na féilte spás duinn lenár bhféiniúlacht & cultúr féin a fhiosrú agus le bheith ag foghlaim faoi fhéiniúlachtaí & cultúir eile. Cruthaíonn siad spásanna dúinn lenár gcosúlachtaí agus difríochtaí a thuigmhéal agus cheiliúradh le chéile. Nuair atá an spás seo againn fágann daoine leis an tuiscint go bhfuil muid uilig níos saibhre mar gheall ar seo agus go bhfuil muid níos láidre  nuair a sheasaimid le chéile.  

Is gné ollmhór é an ceiliúradh pobail sna feiltí chomh maith agus tá neart le ceiliúradh againn mar phobal.  Bíonn an oiread sin beocht agus spraoi ag na himeachtaí seo ón chraic ar fad leis na mná ó Newhill go dtí na himeachtaí teaghlaigh a bhíonn lán de dhraíocht do na páistí. Agus mé ag freastal ar na himeachtaí seo le mo pháistí tá sé galánta le feiceáil go mothaíonn siad go bhfuil siad mar chuid de phobal láidir atá beo beathach, rud a thacóidh agus a neartóidh iad ar feadh a saolta. 

Tugann na féiltí seo tuigmhéal níos doimhne dúinn ar ár stair, nascann siad muid lenár sinsear agus tugann siad teoir shoiléir dúinn don todhchaí. Cothaíonn siad dóchas ionainn go bhfuil todhchaí geall ann don phobal anseo agus don chine daona. Ach an rud is luachmhara, dar liom, a dhéanann siad ná tugann siad an tuiscint don chéad ghliúin eile gur chuid de phobal láidir iad; pobal atá tacúil, tuisceanach, grámhar, lán de chultúr, lán de spraoi agus a bheas mar chrann taca acu fríd chóra an tsaoil.  

Is doiligh fíor luach na bhféilte seo a chur i bhfocail;  is nuair atá tú i láthair acu a mhothaíonn tú an draíocht a bhaineann leo. Bígí linn don chéad cheann eile agus mothaigh an draíocht duit féin.  

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge