Seachtain na Gaeilge 2026

Réimse leathan imeachtaí ar siúl ar fud Bhéal Feirste le ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile bhríomhar na Gaeilge
Seachtain na Gaeilge 2026

Tá Seachtain na Gaeilge 2026 buailte linn agus tá Gaelphobal Bhéal Feirste ar bís le fáilte a chur roimh an tréimhse álainn seo den bhliain. Am le ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga, ár gcultúr, agus ar an bhorradh atá i ndiaidh teacht ar staid na Gaeilge i mBéal Feirste Cois Cuain le blianta beaga anuas. Ó 1-17 Márta, beidh an chathair beo le himeachtaí, ceol, comhrá agus craic, agus béim ar leith ar an Ghaeilge mar theanga bheo phobail anseo i gcroílár na cathrach.

Is féile bhliantúil í Seachtain na Gaeilge a dhéanann ceiliúradh ar an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach in Éirinn agus ar fud an domhain. Bunaíodh í sa bhliain 1902 ag Conradh na Gaeilge mar chuid den athbheochan chultúrtha a bhí ar siúl ag an am. Ó shin i leith, tá borradh mór i ndiaidh teacht ar an fhéile, agus tá sí anois mar an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan, le breis agus milliún duine páirteach ann gach bliain.

Beidh Béal Feirste i lár an aonaigh le linn na féile bliantúla

Tá Béal Feirste i gcroílár an bhorradh seo, áit ina mothaítear fuinneamh, bláthú agus bród na Gaeilge i ngach cúinne. Is léir ó rath Oireachtas na Samhna 2025 go bhfuil nasc láidir cruthaithe idir Gaelphobal Bhéal Feirste, agus i mbliana thógamar ar an chaidreamh seo le clár cuimsitheach d’imeachtaí fud fad na cathrach a tharraingt le chéile, atá ar fáil ag snag.ie/bf

An phríomhaidhm atá ag Seachtain na Gaeilge ná an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail agus deis a thabhairt do dhaoine í a úsáid i suíomhanna sóisialta taitneamhacha. Is cuma más foghlaimeoir thú, muna bhfuil agat ach cúpla focal, más tuismitheoir nó dálta Gaelscoile thú, nó cainteoir líofa, tá rud ann do chách le linn na féile.

Eagraítear réimse leathan imeachtaí ó bhun go barr na tíre agus i mBéal Feirste i mbliana beidh Spraoi Cois Lao, an t-imeacht Gaeilge teaghlaigh is mó sa tír, ar ais arís don tríú bliain as a chéile i gCearnóg Theach an Chustaim. Mar chuid den lá beidh siamsaíocht, ceol, cluichí, gníomhaíochtaí agus spraoi do pháistí, agus roghanna bia ar fáil ann chomh maith.

Íomhá ó Spraoi Cois Lao anuraidh

Lena chois sin, beidh Margadh na Gaeilge againn - I lár an Aonaigh, áit a mbeidh blaiseadh de scoth na gceardaithe, na n-ealaíontóirí agus na gcruthaitheoirí i mBéal Feirste uilig ar fáil faoin díon amháin.

Cuirfear fearadh na fáilte romhat chuig imeachtaí Sheachtain na Gaeilge fiú muna bhfuil Gaeilge agat go fóill! Buail isteach agus bí linn agus muid ag ceiliúradh ár dteanga dhúchais i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste.

Is linne ar fad an Ghaeilge agus tá súil againn go mbeidh tú páirteach san fhéile i mbliana.

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge