Plean Forbartha Cumainn

Dúradh “Dá mbeadh 12 uair agam crann a ghearradh anuas, chaithfinn na chéad 8 n-uaire ag géarú mo thuagh” - ráiteas a léiríonn go soiléir tábhacht na pleanála agus an ullmhúcháin.
Plean Forbartha Cumainn

I gclub gnóthach CLG, is furasta a bheith gafa leis na rudaí laethúla. Bíonn seisiúin traenála, cluichí agus blitzanna ar siúl gan stad, chomh maith le cruinnithe, glaonna gutháin agus teachtaireachtaí. Le himeacht ama, d’fhéadfadh sé seo a bheith tromchúiseach agus tionchar diúltach a imirt ar chaighdeán na hoibre a dhéanaimid mar chóitseálaithe, mar bhainisteoirí agus mar oibrithe deonacha. Sin an fáth go bhfuil sé ríthábhachtach go dtógfaimid am le heagrú, le pleanáil agus le machnamh a dhéanamh ar ár gcuid oibre.

Tá imreoirí ag súil le seisiúin traenála atá struchtúrtha, dea-eagraithe agus dúshlánach, a chuidíonn leo feabhsú ó sheachtain go seachtain. Bíonn siad ag brath freisin ar eagrúchán maith taobh thiar den láthair — trealamh, páirceanna, cluichí agus leas na n-imreoirí, caithfear iad seo uilig a phleanáil roimh ré. Ní thagann na rudaí seo gan chostas ach an oiread, agus mar sin caithfear lóistíocht agus bailiúchán airgid a eagrú chun freastal ar riachtanais airgeadais an chlub. Méadaíonn an dúshlán seo de réir mar a fhásann ballraíocht an chlub agus líon na spórt a chuirtear ar fáil.

Laochra Loch Lao f6 in aghaidh Naomh Eoin

Faoi láthair, tá peil Ghaelach againn do bhuachaillí agus do chailíní ó Naíonáin, Faoi 6, 8, 10, 12, 14 agus 16, chomh maith le foirne sinsir fir agus ban, Mothers & Others, agus Dads & Lads. Le déanaí, bunaíodh rannóg liathróid láimhe agus tá grúpa oibre á chur ar bun chun féachaint ar iománaíocht agus camógaíocht a thabhairt isteach. Is comharthaí dearfacha fáis iad seo, ach ag an am céanna is meabhrúchán iad go gcaithfimid a bheith ullamh freastal ar riachtanais nua ár mbaill.

Ní bhaineann an club leis an pháirc imeartha amháin. Mar chlub lán-Ghaeilge, táimid bródúil as gníomhaíochtaí cultúrtha agus pobail a chur chun cinn, ar nós Scór, laethanta teaghlaigh agus imeachtaí éagsúla i rith na bliana. Agus sin san áireamh, thugamar faoin obair plean forbartha a chur le chéile don tréimhse trí bliana amach romhainn agus níos faide ná sin.

Ag úsáid an teimpléid náisiúnta ó CLG, leanamar próiseas struchtúrtha a thug deis dúinn gach gné de shaol an chlub a scrúdú. Thug sé deis freisin do bhaill, d’oibrithe deonacha agus do pháirtithe leasmhara — laistigh agus lasmuigh den chumann — a gcuid tuairimí agus moltaí a chur chun cinn.

Is é toradh na hoibre seo ná plean soiléir agus uaillmhianach bunaithe ar phríomhréimsí:

  • Struchtúr agus Rialachas

  • Forbairt Teanga agus Pobail

  • Cóitseáil agus Forbairt Cluichí

  • Tiomsú Airgid agus Urraíocht

  • Cumarsáid agus Bonneagar

Tá grúpa fócas tiomnaithe ag tacú le gach réimse, comhdhéanta de bhaill an chlub. Tagann na grúpaí seo le chéile go rialta agus tá siad oscailte do dhuine ar bith ar mhaith leis/léi bheith páirteach. Tá spriocanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha acu, le tacaíocht ó chomhordaitheoirí agus ó choiste feidhmiúcháin an chlub.

Cruinniú Laochra Loch Lao

Ar deireadh, ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le Comhordaitheoir an Phlean, Bríd Ní Aoidh, chomh maith le baill an ghrúpa stiúrtha, na héascaitheoirí ceardlainne agus ceannairí na ngrúpaí fócas as an obair mhór a rinne siad. Mar thoradh air seo, tá doiciméad pleanála láidir agus praiticiúil againn a threoróidh forbairt an chlub sna blianta amach romhainn.

Tugann an plean seo treochlár dúinn don todhchaí — ceann a chabhróidh linn fás, forbairt agus freastal ar uaillmhianta ár mbaill. Agus é sin á dhéanamh againn, táimid ag glacadh an ama chun ár dtuagh a ghéarú — ag cinntiú go bhfuilimid ullmhaithe do na dúshláin agus na deiseanna atá romhainn.

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge