Smaointe Fánacha - 'TÁ AN TODHCHAÍ GEAL, TÁ AN TODHCHAÍ GAELACH!'

Tá mana speisialta i gCatalóinis ag cumann sacair Barcelona 'Mes Que un Club'…'Níos mó na cumann'
Smaointe Fánacha - 'TÁ AN TODHCHAÍ GEAL, TÁ AN TODHCHAÍ GAELACH!'

Cuireann sé in iúl an tábhacht leis an chlub i stair na gCatalónach. Mothaím go bhfuil an teachtaireacht fóirsteanach do ghaelscoileanna.

Níos mó ná scoil? Níos tábhachtaí ná scoil?

More than a school? Is fiú cuimhneamh air agus scoileanna ag déanamh réidh do théarma an tsamhraidh agus Lá Naofa na Múinteoirí, 30ú Meitheamh!

Is múinteoir gaelscoile mé i mBéal Feirste sa Cheathrú Ghaeltachta, croí-lár na hathbheochana. Athbheochan teanga atá pobal lonnaithe, lonnaithe i bpobal le mórtas cine, le fonn foghlama agus le dáimh mhór lenár dteanga dhúchais agus lenár gcultúr dúchais.

Thiocfadh leat dul siar go dtí na 1930aidí agus bunú Chumann Chluain Ard i Sráid na Sceiche in aice leis an otharlann RVH leis an athghiniúint chultúrtha a thuiscint i gceart sa chathair, nó siar ní b’fhaide arís go dtí 1911 le bunú Ardscoil Ultach i Sráid Dubhaise ag bun Bóthar na bhFál ar imeall lár na cathrach le hathmhúscailt na teanga a mheas.

Uaigh St. Claire Boyd

D’fhéadfá spléachadh ní b’fhaide siar arís i stair Ghaeilge Bhéal Feirste go bunú na chéad chraobh de Chonradh na Gaeilge sa chathair ar Beersbridge Road in oirthear na cathrach sa bhliain 1895, daoine clúiteacha macasamhail P.T Mc Ginley, John St. Clair Boyd agus fiú Richard Rutledge Kane bainteach leis an chraobh seo. Tharla seo dhá bhliain i ndiaidh bhunú Chonradh na Gaeilge ar bhonn náisiúnta i mBaile Átha Cliath faoi cheannaireacht Dhubhghlas de hÍde agus athbheochan teanga ag treisiú agus ag láidriú fud fad na hÉireann.

Mar sin, tuigtear go raibh an Ghaeilge i gcónaí ann i mBéal Feirste, chan i gcónaí in iarthar na cathrach, ach in áiteacha eile fosta. Áiteacha, b’fhéidir nach mbeifeá ag dúil le Gaeilge a chluinstin go stairiúil, ach tá sé sin ag athrú a bhuí le Turas, Naíscoil agus Scoil na Seolta agus an bhean fhadradharcach sin…Linda Ervine, le bheith beacht.

Linda Ervine

Ach le bheith ionraic, ní bheadh scéal aitheanta athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste ar an fhód gan na fréamhacha thuas luaite, atá iontach tábhachtach san ord cróineolaíochta agus dár ndóighe gan Phobal Bhóthar Seoighe agus bunú na chéad Ghaeltachta uirbí ag deireadh na 1960aidí agus Béal Feirste agus na Sé Chontae réidh le titim isteach sa duibheagán.

Cúis bhróid agus cúis cheiliúrtha a bhí ann do phobal na Gaeilge in Éirinn gur éirigh leo. Muintir chróga amach is amach a bhris an dlí, a sheas don rud ceart a bhunaigh an chéad ghaelscoil i dtuaisceart na hÉireann. Níl an saineolas ná an t-am agam dul isteach go mion san aistear sin, ach le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, is cinnte nach mbeadh gluaiseacht na Gaeilge, earnáil na Gaelscolaíochta agus líon na gcainteoirí Gaeilge chomh fairsing sin gan bunaitheoirí na chéad bunscoile sa bhliain 1971, Bunscoil Phobal Feirste. Is laochra iad na teaghlaigh sin, Mac Seáin, Mistéil, Mac Aindreasa, Andrews, Mac Giolla Cathain agus gach duine a chuidigh leo.

An chéad bothán inar suite bunscoil phobal feirste

Bhí an dream seo chomh hairdeallach ar riachtanais an phobail gur sheas siad le muintir Shráid Bombay nuair a dódh na tithe go talamh, eachtra a chuir an lasóg sa bharrach leis an chogadh in oirthuaisceart na hÉireann sa bhliain 1969. Chuidigh muintir Bhóthar Seoighe, a raibh cur amach acu ar chúrsaí tógála, ar an ábhar gur thóg siad a dtithe féin, le hatógáil na dtithe ag bun na bhFál. Dlúthpháirtíocht agus laochas.

Ar uairibh, ní bhíonn gach tús lag.

Tamall gairid i ndiaidh an Stailc Ocrais, cuireadh tús le Bunscoil Cholmcille i nDoire sa bhliain 1983 agus tháinig ann do Ghaelscoil na bhFál sa bhliain 1987 i gceantar na bhFál, an dara bunscoil i mBéal Feirste.

Nuair a d’aithin an Roinn Oideachas, sa deireadh thiar thall, Bunscoil Phobal Feirste mar scoil oifigiúil i 1984, chiallaigh sin go mbeadh rudaí beagán ní b’ fhusa don chéad ghaelscoil eile bheith curtha ar bun. Gan amhras, is fiú a rá go raibh feachtasaíocht leanúnach achrannach i gceist le toil na roinne a iompú i leith na teanga agus dul chun cinn malltriallach  a bhí ann le tarraingt na gcos agus constaicí sa bhealach ar ghluaiseacht na Gaeilge i dtólamh.

Áfach, le teacht chun cinn na dara bunscoile i mBéal Feirste ag deireadh na 1980aidí, níorbh fhada gur tháinig an tríú agus an ceathrú agus an cúigiú agus an…..go dtí go raibh gaelscoil agus gaeloideachas le fáil i ngach eastát tithíochta in iarthar agus i dtuaisceart na cathrach, a bheag nó a mhór.

Gaelscoil an Lonnáin

Tá na scoileanna anois fadbhunaithe rathúil, neamhspleách agus ag tógáil a bpobal féin agus a bhfíseanna féin ina gceantracha dúchais féin.

 Is fiú iad a liostáil anseo. Níor mhaith liom scoil a fhágáil ar lár!

 Scoil na Fuiseoige (Cill Uaighe 1992)

Bunscoil an tSléibhe Dhuibh (Baile Uí Mhurchú 1993)

Bunscoil Bheann Mhadagáin (1994 Bóthar Cliftonville, tuaisceart Bhéal Feirste)

Scoil an Droichid (Trá Ghearr, An Margadh, Br. Ormeau deisceart Bhéal Feirste) Bunscoil Mhic Reachtain (An Lóiste Úr, tuaisceart Bhéal Feirste)

Gaelscoil an Lonnáin (bun na bhFál 1999)

Gaelscoil na Móna (Lóiste na Móna 2000)

Gaelscoil Ghleann Darach (Cromghlinn, Co. Aontroma 2006)

Gaelscoil Éanna (Gleann Ghormlaithe 2007)

Agus ar deireadh, Naíscoil na Seolta in oirthear na cathrach atá ag feidhmiú le cúpla bliain anuas, ach a bheas ag dúil le tús a chur le turas gaeloideachais s’acu féin le bunú Scoil na Seolta le déanaí.

I ngach scoil ar an liosta, tá pobal ann. Páistí agus teaghlaigh, múinteoirí agus cúntóirí, Gaeilgeoirí nua agus sean-Ghaeilgeoirí, díograiseoirí, saineolaithe agus daoine ar bheagán focal atá báúil leis an  teanga. An Ghaeilge ag dul ó ghlúin go glúin.

D’fhás agus d’eascair athbheochan eile ar bhealach chomh maith, in amanntaí faoi cheilt agus go ciúin, ach anois suntasach feiceálach agus áiseanna agus áitribh d’ardchaighdeán ag pobal na Gaeilge don chuid is mó. Scafall ar bhealach thart ar na foirgnimh, creatlach do na scoileanna agus líonraí tacaíochta teanga do Ghaeilgeoirí.

I ngach scoil tá cumainn ann, spórt, ceol agus dráma don mhórchuid. Rogha na coitianta, mar a bhíonn sna scoileanna Béarla. Fásann pobal eile thart ar scoil agus ar riachtanais na bpáistí agus a gcaithimh aimsire. Saol trí Ghaeilge, a leanann ar aghaidh agus an lá scoile déanta.

Fo-phobal nó fo-ghluaiseacht, tionchar na hathbheochana. Cruthaíonn an earnáil deiseanna siamsaíochta, deiseanna fostaíochta do Ghaeil óga agus cuireann leis an gheilleagar, geilleagar na Gaeilge.

I scoileanna ar leith bíonn béim mhór ar na cluichí náisiúnta CLG agus tá baint acu le cumann CLG áitiúil nó le Laochra Loch Lao, Spórtlann na hÉireann i gColáiste Feirste agus imeachtaí spóirt i nGaeilge macasamhail Corn Liam Uí Mhuirí agus Comórtas Cois Lao.

I scoileanna eile, bíonn an ceol traidisiúnta fite fuaite le cultúr na scoile agus baint acu le hIonad na Fuiseoige, a chuireann ranganna agus oiliúint ar fáil, An Chultúrlann nó Áras Mhic Reachtain a eagraíonn féilte agus feiseanna.

I scoileanna áirithe, bíonn cúrsaí drámaíochta sa tús cadhnaíochta agus nasc acu le hAisling Óg, le hAbábú, Smidiríní agus Féile Scoildrámaíochta Bhéal Feirste, atá mar chuid de ghluaiseacht mhór náisiúnta Cumann Scoildrámaíochta na hÉireann.

Mic léinn taobh amuigh de Ghlór na Móna

Tá cumainn óige fud fad na cathrach a dhéanann riar ar dhaltaí gaelscoile le himeachtaí iarscoile a chur ar fáil. Tá obair cheannródaíoch sa tsúil ag Glór na Móna go háirithe agus cumainn ar bun anois agus ceannairí óga cumasacha i gceannas.

Ar an bharr sin ar fad, tá ionaid teaghlaigh agus cultúrtha ag soláthar réimse d’imeachtaí éagsúla i gceantracha difriúla i mBéal Feirste agus tromlach acu suite in aice le gaelscoil. Téann sé le ciall bheith lonnaithe in aice le gaelscoil.  Is í sin an áit a mbíonn na Gaeilgeoirí agus a dteaghlaigh agus a ngaolta. Tá lucht éisteachta nó féachana déanta cheana féin ar leac an dorais.

I mBéal Feirste, tá clú agus cáil ar Ionad Uíbh Eachach, cúram lae trí mheán na Gaeilge agus fiche rud eile sa tsúil acu. Tá An Droichead ag tairiscint amhlaidh i ndeisceart na cathrach ag freastal ar theaghlaigh, ar pháistí agus ar fhoghlaimeoirí. Bíonn ráchairt mhór ar ranganna Gaeilge, na dianchúrsaí sna hionaid seo agus ranganna a dtairiscint ag gach leibhéal. Ionad Ghleann Darach mar an gcéanna i gCromghlinn, Aontroma fosta. Caifelann nua acu agus áit iontach le haghaidh cupa caife agus greim le hithe. Cultúrlann bheag faoin tuath.

Mar sin de, tháinig gluaiseacht seach-churaclam lasmuigh den chóras gaeloideachais chun tosaigh go mór mór le roinnt blianta anuas a thug féiniúlacht, aitheantas agus glór do dhaoine óga. 

An Dream Dearg

Arís eile, pobalbhunaithe, ón bhun aníos. Bhí troid agus streachailt i gceist. Síolta ón Dream Dearg ag dul in aibíocht, glúin de Ghaeilgeoirí atá cruthaitheach, nuálaíocht, lán samhlaíochta…ní mór dúinn ach breathnú ar Kneecap agus an tionchar atá acu ar athbheochan na teanga agus ar chur chun cinn na Gaeilge.

Níl anseo ach blaiseadh beag, tá fiche tionscadal eile nár luaigh mé atá ag beathú, ag gríosú agus ag múnlú na teanga, ag cumhachtú an phobail agus ag fostú na nGael, ag tabhairt dóchais.

Tá an todhchaí geal, tá an todhchaí GAELACH!

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge