Liathróid Láimhe Loch Lao

Spórt úr ar fáil do Ghaeil óga agus an cumann ag dul ó neart go neart
Liathróid Láimhe Loch Lao

Michael ‘Ducksy’ Walsh, Paul Brady, Fiona Shannon. Is iad seo roinnt de na daoine a thagann chuig m’intinn nuair a smaoiním ar liathróid láimhe. Imreoirí le clú agus cáil orthu, a d’imir an spórt ar feadh blianta fada. Bhí aithne agam ar na hainmneacha seo, ach ní raibh morán aithne agam ar an spórt é féin.

Le déanaí, cuireadh tús le liathróid láimhe sa chlub anseo agus ba thús iontach é. Bhí an t-ádh dearg orainn go raibh Fiona Shannon in ann teacht chuig Cúl Camp anuraidh le seisiúin beaga a dhéanamh leis na páistí a bhí ann. I ndiaidh na seisiúin seo, chuir sé iontas orm cé chomh tógtha is a bhí siad leis na seisiúin, agus le Fiona í féin. Ó shin ar aghaidh, thóg muid ar an chaidreamh a bhí againn le Fiona agus ag deireadh na bliana, reáchtáil Fiona sé seachtaine de seisiúin le daoine fasta sa chumann. Cosúil leis na páistí, bhí na baill seo ar bís i ndiaidh na seisiúin seo. Bhí a fhíos againn ansin go mbeadh fonn ar daoine leanúint ar aghaidh leis an spórt galánta seo! Mar sin de, ghlac roinnt dár mbaill páirt sa chúrsa traenála le Fiona Shannon agus Liathróid Láimhe Uladh agus is cóitseálaithe iad anois, atá abálta seisiúin a ghlacadh! Tá muid an-bhuíoch as a chuidiú agus an tacaíocht a fhaigheann muid ó Fiona agus CLG Uladh, agus is eiseamláir den chéad scoth í Fiona do na páistí a bhfuil suim acu sa spórt.

Beidh oíche oscailte ar siúl ar an 28ú de mhí Bealtaine

Anois, tá muid ag forbairt liathróid láimhe sa chumann. I láthair na huaire, bíonn seisiúin oscailte, sóisialta againn achan Déardaoin do dhaoine fásta ar mhaith leo triail a bhaint as an spórt nó ba ghnáth leo é a imirt agus iad níos óige. Tá na seisiúin seo lán le craic agus cuireann muid fáilte roimh imreoirí nua i gcónaí. Ní hamháin sin ach is deis iontach í do chuid Gaeilge a chleachtadh i spás dearfach agus cairdiúil! Ó thaobh an ógchumainn de, bíonn muid ag reáchtáil comórtais bunscoileanna le linn na bliana agus cuireadh seisiúin ar fáil le linn na gcampaí chomh maith. 

So, cad é an chéad chéim eile? Bhuel, beidh oíche oscailte againn ar an 28ú Bealtaine idir 6-7 sna cúirteanna ag Spórtlann na hÉireann. Beidh ár gcóitseálaithe úra ann ar an oíche, chomh maith le Fiona Shannon. Beidh an seisiún seo oscailte do chách, agus más maith leat d’ainm nó ainm do pháiste a chur síos don oíche, ní ghá duit ach an fhoirm seo a líonadh: https://docs.google.com/forms/d/e/1FAIpQLSdtUFDhuKWLYDVC623fHDIj20T7FgPdYtrT38OO8YIoKSsbBA/viewform?usp=header

Dá dtabharfainn comhairle duit agus tú nó do pháiste ag smaoineamh ar triail a bhaint as spórt nua nó do chuid Gaeilge a fheabhsú, déarfainn leat le teacht chuig ár n-oíche oscailte agus geallaim duit go mbeidh craic den scoth agat!

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge