D’fhéadadh a rá nach bhfuil áit ar bith níos Gaelaí ná an Ceathrún Gaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste i bhfianaise dlús ard na gcainteoirí líofa Gaeilge atá lonnaithe in achar de thart ar thrí míle cearnach. Ach é sin ráite, ní thig linn ár maidí a ligean le sruth. Mar a deir an seanfhocal, “molann an t-éan bréan é féin” agus tá an réabhlóid teanga ar siúl ró-fhada dúinn le stopadh anois! Tá gá le cothabhála teanga leanúnach chun an caighdeán teanga a choinneáil agus a chinntiú, go háirithe i gcás na ndaoine óga atá ag teacht fríd na scoileanna, go bhfuil an bonneagar ceart ann le dearbhú go mbeidh an todhchaí geal agus Gaelach.
Tosaíonn an sprioc seo leo siúd a bhíonn ag plé lenár ndaoine óga - múinteoirí, cúntóirí ranga, oibrithe óige, agus daoine eile atá ag obair in earnáil na Gaeilge. Is leis an aidhm seo a fhógraímid ag Fís an Phobail seimeastar úr d’ár gcúrsaí cruinnis atá creidiúnaithe Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG).
Cúrsa úr ag an Leibhéal B1
An t-earrach seo caite, bhí an deis againn cúrsa TEG píolótach a chur ar fáil ag leibhéal B1, dírithe go háirithe ar chúntóirí ranga agus d’oibrithe óige. Bhí dóchas againn nuair a líon na spásanna teoranta ar an chúrsa go gasta. Mar sin féin, caithfidh mé a admháil go raibh mé píosa beag neirbhíseach agus mé féin agus Seán Quinn ag ullmhú an spáis do rannpháirtithe in Áras Uí Chonghaile an chéad mhaidin. B’fhéidir nach dtiocfaidh siad… B’fhéidir nach mbeadh an cúrsa fiúntach dóibh…
Ach ní raibh aon ghá domh a bheith buartha! Le linn achan sos tae, sos lóin, agus bomaití randamacha eatarthu, bhí mo laethanta lán le comhráite iontacha le rannpháirtithe ó ghaelscoileanna ar fud fad Bhéal Feirste, agus léirigh siad uilig muinín agus díograis úr mar thoradh ar na ranganna. Bhí an fuinneamh tógálach. Mar a dúirt mé le mo chomhghleacaí Ciarán ag deireadh an chéad lae, seans gurbh é an lá oibre ba spreagúla a bhí agam riamh. Beidh todhchaí na teanga sábháilte leis an dream seo!
Ba léir an díograis chéanna san aiseolas a scríobh na rannpháirtithe ag deireadh an chúrsa. Thug achan rannpháirtí faoi deara cásanna inar bhain siad úsáid as nathanna nó téarmaí a d’fhoghlaim siad sna ranganna lena ndaltaí agus lena dteaghlaigh. Nuair a fiafraíodh díobh caidé an rud ba mhó a thaitin leo faoin chúrsa, luaigh siad thuiscint níos fearr ar thábhacht na léitheoireachta i nGaeilge agus ar mhionsonraí i ngramadach na Gaeilge agus fuaimeanna na teanga. “Ba mhian liom an cúrsa seo a bheadh ar fáil do mhúinteoirí uilig na scoile le cuidiú lena bpáistí,” a dúirt rannpháirtí amháin. “Ba mhaith liom a bheith níos muiníne leis an teanga.”
Agus muid ag iarraidh tógáil ar an fhuinneamh seo, rinne muid achan rud a thig linn le cúrsa lán-téarma a chur ar fáil ag leibhéal B1 i mbliana. Ag deireadh an chúrsa, beidh an deis ag na rannpháirtithe scrúdú TEG a dhéanamh agus creidiúnú oifigiúil a fháil as a gcuid iarrachtaí.
Darán Ó Dochartaigh
Ní bheadh an cúrsa píolótach sin, ná ár ngnáththairiscint ag leibhéal B2, chomh rathúil sin murach saineolas agus stíl teagaisc Dharán Uí Dhochartaigh. Cuireann meon réchúiseach Dharán na rannpháirtithe ar a suaimhneas, agus mar sin, tá deis acu taitneamh a bhaint as an Ghaeilge mar theanga bheo. Ní ionadh é, b’fhéidir, go bhfuil lucht leanúna mór bailithe ag Darán ar líne le tamall anuas faoin ainm ‘Darán teaches Irish’. Tá muid uilig breá sásta fáilte a chur ar ais roimhe i mbliana do ranganna ag leibhéil B1 agus B2.
Cad a fhaigheann tú mar chuid den chúrsa?
Mar chuid den chúrsa, gheobhaidh achan rannpháirtí dhá sheimeastar teagaisc (24 seachtain san iomlán) bunaithe ar shiollabas TEG atá múnlaithe de réir an chreatlaigh chomónta do theangacha san Eoraip. Ag deireadh an chúrsa, beidh an deis ag achan rannpháirtí scrúdú oifigiúil TEG a dhéanamh le Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad. I mbliana, aithníodh Béal Feirste mar ionad scrúdaithe, an chéad ionad dá leithéid sna sé chontae. Mar sin, ní gá do rannpháirtithe ach taisteal chomh fada le Bóthar na bhFál don scrúdú, agus thiocfadh leo imeacht le haitheantas oifigiúil ar a gcuid scileanna teanga!
Clárú Oscailte
Tá an clárú oscailte anois agus tá sé beartaithe againn go dtosóidh na ranganna an tseachtain dar tosach an 14 Meán Fómhair. Tiocfaidh ranganna B1 le chéile achan Mháirt ó 3.30-5.30 agus beidh na ranganna B2 ar siúl achan Chéadaoin ó 3.30-5.30. Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhuine ar bith atá ag obair in earnáil na Gaeilge agus (den chéad uair) oscailte d’aon duine eile ón mhórphobal ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Bígí linn!
Ceist ar bith agat? Cuir r-phost ag padraig@fisanphobail.com nó eolas@fisanphobail.com
