Ag tuairisciú scéalta an phobail

Tuigeann Iarthar Bhéal Feirste nós an phobail agus cad é atá de dhíth le pobal a thógáil níos fearr ná áit ar bith eile ar domhan, b’fhéidir.
Ag tuairisciú scéalta an phobail

Ní gá duit ach siúl ó bhun Shráid Dhúbhaise suas Bóthar na bhFál agus a fhad le Baile Mhic Aindreasa agus na ceantair máguaird. Tchítear tionchar an phobail agus tionchar na Gaeilge in achan eile áit, ó Raidió Fáilte go Cultúrlann McAdam Ó Fiach, ó Laochra Loch Lao go hIonad Uibh Eachach, agus achan áit idir eatharthu tá lorg an phobail le feiceáil.

Ón chéad lá a bhog mé go Béal Feirste mar scoláire Gaeilge ar Ollscoil na Banríona bhí sé mar phribhléid agam a bheith mar chuid de phobal na Gaeilge sa chathair. Bhí sé de phleisiúr agam aithne a chur ar phobal an iarthair a chuir tús le hathbheochan na Gaeilge sa chathair, amhail Chlann Mhic Sheáin nó Chlann Ua Bruadair. Agus ba le bród a chuir mé aithne ar a sliochtaigh, daoine atá mar thoradh na deaoibre sin agus atá ag tógáil uirthi, agus ag cur fréamhacha don chéad ghlúin eile.

Bayview Media

Ba le hónóir agus le bród fosta, mar sin, a chuir mé tús le ról úr le ceann de na nuachtáin is láidre sa tír seo, an Andersonstown News. Tá lúcháir orm a bheith mar iriseoir Gaeilge leo anois agus ag clúdach scéalta i mBéal Feirste a bhaineann le pobal na Gaeilge. Mar nuachtán atá lonnaithe ina phobal féin, tá na scéalta sin thar a bheith tábhachtach.

Creidim go láidir go bhfuil áit thábhachtach shuntasach ag iriseoireacht agus ag nuachtáin i ndaonlathas ar bith. Feidhmíonn siad mar fhóraim do dhaoine le comhráite a bheith acu, agus bíonn iriseoirí go minic ag cur na gceisteanna nár mhaith le gnáthbhall an phobail a chur. Tá an t-ardán céanna tuillte ag pobal na Gaeilge anseo i mBéal Feirste, agus mar a dúirt mé i nuachtán na seachtaine seo caite, tá Béal Feirste anois mar phríomhchathair athbheochan na teanga sa tír seo. Ó aimsir an Oireachtais anuraidh go dtí aimsir na Fleidhe i mbliana, tá an oiread ag tarlú in achan chearn den chathair bheo, bhríomhar seo.

Iarthar Bhéal Feirste

Beidh sé mar phribhléid agam a bheith ag comhoibriú leis an phobal sin sna míonna amach romhainn. Tá súil agam go n-éireoidh liom deis a thabhairt daofa a gcuid scéalta féin a roinnt liom go hoscailte agus go hionraic, agus go mbeidh obair an phobail le feiceáil go soiléir ag an domhan mhór.

 

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge