Seasamh in aghaidh na héagóra

Dlúthphártaíocht na nGael ar Bhóthar Gharbhachaidh
Seasamh in aghaidh na héagóra

Tháinig faoiseamh ar mhuintir Bhóthar Gharbhachaidh ar oíche Aoine seo caite nuair a tháinig an nuacht, faoi dheireadh thiar thall, go ndearna Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, Chris Bryant, cinneadh cosc a chur ar pharáid na bhFear Buí. Is fearr go mall ná go brách mar a deirtear…

D’fhéadfaí go leor colún a scríobh, agus tá go leor scríofa cheana féin dar ndóigh, faoin mhéid a thit amach ar Bhóthar Gharbhachaidh le cúpla seachtain anuas. Gan dabht, beidh an casadh is déanaí sa scéal mar chuid de stair níos leithne an cheantair sin: stair a léiríonn athléimneacht agus dínit an duine in aghaidh an tseicteachais agus an chlaontachta.

Mar ghníomhaí teanga agus mar bhall d’fhoireann Fís an Phobail, líonra a sholáthraíonn tacaíocht agus oiliúint do Ghaeil in Iarthar Bhéal Feirste, ba mhaith liom cur síos ar chúpla rud spreagúil a tharla le linn na seachtaine.

Craobh úr de Chonradh na Gaeilge

Níl baint ar bith ag an chéad rud le paráid oráiste – agus beidh tionchar aige ar mhuintir na háite i bhfad ina dhiaidh don chúig fhear is tríocha atá (fós?) ag fanacht taobh amuigh de Shéipéal Dhroim Crí. Táim ag tagairt anseo do chraobh úr de Chonradh na Gaeilge – Craobh Phort an Dhúnáin – a sheol mo chomhghleacaí agus uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin cúpla oíche sular thit an tóin as cúrsaí ar an bhaile.

Bhuail mé le cathaoirleach na craoibhe úr, Ciarán ‘Ciaraí’ Ó Fearghail, den chéad uair an samhradh seo nuair a d’fhreastail sé ar seisiún oscailte de chuid na Meithle Meantóireachta a bhaineann le frithchiníochas agus ardú na heite fíordheise. Fear stuama agus tiomanta ó thaobh na Gaeilge de is ea é agus bhí comhrá dearfach againn thar cheann de na sosanna an lá sin faoi chúrsaí teanga ina cheantar féin. Ba léir go raibh sé iontach bródúil as an dul chun cinn atá déanta acu i bPort an Dhúnáin le tamall anuas. Cé a shamhlódh go mbeadh an pobal sin faoi léigear arís ag lucht frithghníomhach cúpla mí ina dhiaidh sin? 

Mar sin bhí sé spreagúil i ndóigh éigin an chraobh úr seo a fheiceáil ag nascadh isteach le pobal an Chonartha trí chéile nuair a thug siad cuireadh don choiste gnó cruinniú éigeandála a reáchtáil ar Bhóthar Gharbhachaidh. Ghlac an tUachtarán Mac Giolla Bhéin leis an chuireadh láithreach agus cuireadh pleananna i bhfeidhm go gasta. Mar sin, bhailigh baill den Choiste Gnó agus d’fhoireann an Chonartha, chomh maith le gníomhaithe teanga eile agus Gaeil áitiúla le chéile le plé a dhéanamh ar an dóigh a bhféadfadh muid tacú leis an chraobh áitiúil in am seo a ngátair.

Bhí suaimhneas le brath san áit sular thosaigh an ócáid fiú agus Brian Mac an tSionnaigh i gceannas ar chiorcal comhrá bríomhar. Sa chruinniú féin, phléigh muid cén dóigh go dtig linn cur le bonneagar Gaelach an cheantair, áit a bhfuil bunscoil rathúil agus ranganna oíche atá lán go béal cheana. Bhí sé ríshoiléir dúinn uilig a bhí i láthair go mbeidh todhchaí gheal agus Ghaelach ag Bóthar Gharbhachaidh.

Lucht na Gaeilge ar Bhóthar Gharbhachaidh

I rith na chéad seachtaine sin, thaistil Gaeil ó achan chearn den tír, d’fhan siad airdeallach agus meidhreach ar na sráideanna le linn an lar agus trí an oíche. I gcás Iarthar Bhéal Feirste, d’eagraigh muid inár bpobal féin lena fheiceáil cén dóigh ab fhearr le tacú le muintir Bhóthar Gharbhachaidh.

I measc na n-eachtraí seo, bhí bomaití speisialta: an chuairt ó bhaill de chomhchoiste Anaka – an comharghrúpa mná a thacaíonn le himircigh – lena ndlúthpháirtíocht a léiriú, an óráid ón deargóir iomráiteach Conchúr Ó Muadaigh, agus na hiarchomrádaithe, cuid acu nár labhair lena chéile leis na cianta, a tháinig le chéile ar Bhóthar Gharbhachaidh ar son cúis choiteann. Ach na híomhánna a sheasann amach domhsa ná uair inteacht i ndiaidh mheánoíche Dé Máirt, tráth nach raibh na sluaite ann, nuair a tháinig mé ar Chiarán Ó Fearghail – cathaoirleach na craoibhe úr – ag piocadh suas bruscar go cúramach agus an ghaoth ag séideadh agus an bháisteach ag cur go trom. Cúpla slat uainn, thairg bean áitiúil poncho do dhuine fliuch (agus déarfainn ag an phointe sin, leathreoite!). Ba dhuine de laochra na seachtaine an bhean chéanna agus cupán tae agus focal cineálta aici d’aon duine a tháinig isteach chuig halla an pobail. Seo iad gníomhartha ciúine na réabhlóide, agus sa chás seo, léiriú paiteanta ar ómós áite na nGael do cheantar agus do phobal s’acu. 

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge