An Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga

Anois ná riamh, tá gá le spiorad na dlúthpháirtíochta agus an chomhoibrithe, go háirithe le teacht ré an Phróisis Phleanála Teanga in Éirinn.
An Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga

Anois ná riamh, tá gá le spiorad na dlúthpháirtíochta agus an chomhoibrithe, go háirithe le teacht ré an Phróisis Phleanála Teanga in Éirinn. Tá an Phleanáil Teanga ar bun i gceantracha Gaeltachta agus iarGhaeltachta, tuaithe agus uirbeacha ó thuaidh, ó dheas, thoir, agus thiar. Ó Charn Tóchair go hOileán Chléire, agus ó Bhaile Átha Buí go hÁrann, tá grúpaí pobail agus Oifigigh Pleanála Teanga ar a gcroí díchill Pleananna Teanga a scríobh, a chur i bhfeidhm agus a chur chun cinn i gcomhar lena bpobail.

Bunaíodh an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga chun éascaitheoireacht a dhéanamh ar an iarracht náisiúnta pleanála teanga seo i slí go raibh cumhacht ag na grúpaí pobail air, agus go raibh neamhspleáchas ann ó cheisteanna maoinithe agus riaracháin an Stáit. Bhí gá d’fhóram náisiúnta chun teacht le chéile, na heasnaimh a aithint, dúshláin choitianta a ardach agus labhairt le guth láidir amháin leis na húdaráis chun go mbeadh réitigh ar na fadhbanna a thagann chun cinn. Bhí na hOifigigh Pleanála Teanga ag caint ar a leithéid do rud a bhunú blianta, ach ní raibh sé go dtí 2023 gur thánamar le chéile le cabhair áisitheoireachta Róisín Ní Chinnéide agus Conradh na Gaeilge chun an MNPT a chur ar bun. 

Ó shin i leith, tá an Mheitheal ar thús cadhnaíochta maidir le hionadaíocht a dhéanamh ar na grúpaí Pleanála Teanga ar a bhfuilimid ag freastal. Seoladh an Mheitheal go hoifigiúil ag Oireachtas na Samhna 2023, agus bhí éileamh chomh mór san air go raibh na sluaite seasta ag bun an tseomra agus go deimhin sa phasáiste taobh amuigh dó. Tuigeadh go raibh tús á chur le gluaiseacht shóisialta agus go raibh riachtanaisí na bpobal Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaelainne le cur i lár an aonaigh. 

Tá ceisteanna a bhaineann le tithíocht, le fostaíocht na pleanála teanga, leis an gcruachás maoinithe agus infheistíochta san earnáil agus mórán eile ardaithe ag an Meitheal le dhá bhliain. Chomh maith le Tionól ag Oireachtas na Samhna 2024 dos na baill, bhí Comhdháil ag an MNPT in Átha Luain i Meitheamh 2025, inar ndeineadh cur agus cúiteamh ar threocht na Meithle agus cíoradh ar na príomhdhúshláin a bhaineann lenár gcuid oibre – agus níos tábhachtaí fós – conas teacht timpeall orthu. Ag eascairt as an dteacht le chéile gníomhdhírithe seo, tá síolta curtha le baill na Meithle chun tógaint ar na ceisteanna seo agus grúpaí oibre a chur ar bun chun an ionadaíocht is fearr, is leithne agus is éifeachtaí a dhéanamh ar na grúpaí pobail is gur féidir, le cinntiú go dtagann feabhas ar an gcóras dos na héinne againn a bhíonn ag treabhadh an ghoirt seo, agus ag iarraidh cur le líon na gcainteoirí Gaelainne inár gceantar. 

Beidh an Mheitheal ag teacht le chéile aríst ag Oireachtas na Samhna 2025 agus beidh seastán againn ag Aonach an Oireachtais mar sin buail linn ansan agus foghlaim fé’n ngluaiseacht agus conas go bhféadfaí páirt a ghlacadh ann. 

Rphost an MNPT: eolas.meithealnpt@gmail.com

Ar Instagram & X: @MeithealNPT

Facebook: Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge