Má bhíonn tú sa Cheathrú Gaeltachta ar aon mhaidin Dé Sathairn, ní thiocfadh leat gan beocht an cheantair a mhothú, leis na Gliders ag seabhrán isteach ’s amach ó lár na cathrach, turasóirí ag éisteacht le scéalta faoi stair shaibhir streachailt an cheantair, agus muintir na háite i mbun ghnáthaimh dheireadh seachtaine s’acu. Ach, b’fhéidir go dtabharfá faoi deara dornán reathaithe ag caitheamh meascán de dhubh agus bhuí ag dul síos Bóthar na bhFál ag comhrá le chéile go cairdiúil i nGaeilge.
Ní trí sheans a thagann na Gaeil seo le chéile. Tá siad mar chuid de Chlub Reathaíochta Loch Lao – an feachtas sóisialta is úra atá ar bun ag Laochra Loch Lao, club lán-Ghaeilge a chuireann deiseanna ar fáil spórt a imirt don phobal ó 2017 ar aghaidh.
Ach ní bhaineann an club le cúrsaí folláine amháin. Nuair a bhí pleananna ar bun do chlub reathaíochta, d’aontaigh coiste stiúrtha s’againne go raibh sé iontach tábhachtach freastal ar reathaithe d’achan saghas leibhéil idir óg agus aosta. Mar sin, leag muid amach dhá shlí (ar a thugtar ‘Slite na Laochra’ orthu) a thugann reathaithe ar shlí 2.5km nó 5km fríd chroílár tírdhreach cultúrtha s’againne.
Ar an tslí 2.5km, téann reathaithe ó Pháirc na bhFál isteach fríd reilig na cathrach, áit a mbuaileann siad le cuid de stair shaibhir Ghaelach na cathrach: ó Kieran Nugent, an chéad ‘fhear pluid’ a dhiúltaigh éide príosúin a chaitheamh i 1976, go Richard Rutledge Kane, fear buí agus ball gníomhach de Chonradh na Gaeilge sa naoú haois déag ar ardaigh ‘Fir Bhuí Bhéal Feirste’ leac uaighe ina ómós.
Ar an tslí 5km, téann reathaithe thar shúile aireacha Nugent, ag stánadh amach ó bhrící mhúrphictiúir ar cheann de na Sráideanna Carraige agus leanann siad orthu thar an mheánscoil lán-Ghaeilge is mó sa tír, Coláiste Feirste, go dtí croílár na Ceathrún Gaeltachta, Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich, sula dtéann siad ar ais an bealach céanna go Glór na Móna.
Cibé slí a roghnaíonn tú, buailfidh tú le léargas iontach de stair na Gaeilge. Is léir an fáth go bhfuil ‘Slite na Laochra’ suite sa cheantar seo.
Tá fáilte roimh achan duine, is cuma cén leibhéal aclaíochta nó leibhéal Gaeilge atá acu.
Tagann Club Reathaíochta Loch Lao le chéile achan Shatharn ar a 11.00 ag Caifé Anam, an caifé agus fiontar sóisialta áitiúil ina bhfuil seirbhís ar fáil trí Ghaeilge. Tá fáilte roimh achan duine, is cuma cén leibhéal aclaíochta nó leibhéal Gaeilge atá acu. Go dtí seo, bhí gliondar croí orainn fáilte a chur roimh dhaoine éagsúla, idir Ghaeil ar cuairt don dheireadh seachtaine agus mhuintir na háite féin agus fonn orthu glacadh le deis sóisialta eile trí Ghaeilge. Cuireann muid fáilte Uí Cheallaigh roimh chách.
Cosúil le foirne peile Laochra Loch Lao, is níos mó ná grúpa aclaíochta ná foireann spóirt é club reathaíochta an chumann. Cuimsíonn an club reathaíocht, comrádaíocht, agus folláine agus ag an am céanna, tá sé mar chuid d’iarrachtaí infheictheacht na Gaeilge ar na sráideanna a neartú agus saol trí Ghaeilge a chothú ón bhun aníos.
Tá seanfhocal i nGaeilge a deir ‘Is fearr rith maith ná drochsheasamh’. Is ionann sin agus a rá gur fearr maireachtáil le troid lá eile. Ach mar a léiríonn seisiúin seachtainiúla Chlub Reathaíochta Loch Lao, b’fhéidir gur cruinne a rá gur ‘fearr drochrith ná seasamh maith’ fad is atá tú i measc na nGael agus cupán tae nó caifé ag fanacht ort ag an deireadh.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Pádraig Ó Mathúna ag padraig@fisanphobail.com
