Dia daoibh , a chairde, is mise Seán Fennell.
Is múinteoir gaelscoile, gníomhaí teanga agus staraí páirt aimseartha mé. Bhí i gcónaí dúil agam sa stair ó bhí mé beag a bhuí le mo thuismitheoirí féin agus ar an ábhar gur fhás mé aníos in iarthar Bhéal Feirste.
Agus mé i mo mhúinteoir, chonaic mé an difear agus an buntáiste a bhí ann le stair a theagasc le cuidiú le sealbhú teanga. Mar sin, shonraigh mé an tionchar a d’imir ceacht mhaith ar an fhoghlaim.
Ina theannta sin, chuir mé béim ar an fhoghlaim faoin spéir agus ar an stair áitiúil. Sa Cheathrú Ghaeltachta mar shampla, tá An Chultúrlann, teach James Connolly agus Slí na Gaeltachta ar leac an dorais.
Áfach, is iad na reiligí móra ar Bhóthar na bhFál a d’úsáid mé mar sheomra ranga taobh amuigh, STAIR FAOIN SPÉIR.
Tá an dá reilig, Reilig Bhaile an Mhuilinn agus Reilig Chathair Bhéal Feirste suite congárach dá chéile. Tá siad fite fuaite le stair na cathrach, stair na tíre agus fiú stair an domhain.
Tá scéalta Éirí Amach na Cásca agus Cogadh na gCarad ann, tá stair an Titanic agus An Reabhlóid Tionsclaíoch le mothú agus dár ndóighe, na Trioblóidí, na Stailceanna Ocrais agus athbheochan na Gaeilge le Conradh na Gaeilge. Tá laochra spóirt ann, dornalaithe agus imreoirí sacair, laochra pobail agus gan amhras Ceiltigh Bhéal Feirste.
Thug mé ranganna scoile ann le blianta agus amch uaidh seo d’eascair dhá fhoilseachán staire agus CAMCHUAIRTEANNA REILIGE!
Spreag seo STAIR FAOIN SPÉIR!
Tá cúig chamchuairt ar fáil!

REILIG CHATHAIR BHÉAL FEIRSTE- City
Camchuairt Reilig Chathair Bhéal Feirste
Camchuairt Ghleann an Líona ( barr na reilige)
REILIG BHAILE AN MHUILINN
Camchuairt Ghinearálta
Camchuairt ar na hUaigheanna Poblachtánacha
Slí Cheiltigh Bhéal Feirste- Cosán na gCeilteach
Turas a ghlacann isteach stair an chumainn sacair agus a chríochnaíonn in iarsmalann na gCeilteach, Park Centre, Bóthar Dhún na nGall.
Maireann gach turas thart ar 2 uair an chloig.
Is féidir le turas bheith i nGAEILGE, i mBÉARLA, Dhátheangach.
£10 an duine rátaghrúpa ar fáil
Cuireann muid béim ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge.
STAIR FAOIN SPÉIR i gcomhar le
Oifigeach Forbartha, Ionad Úibh Eachach, Briain Mac an tSionnaigh.
Anam Caife- ar fáil do chamchuairteanna i Reilig na Cathrach.
TEAGMHÁIL-
Sfennell419@gscoil.org 07413509529
Cultur@ionad.org 07873370259 Briain (Foxy)
Twitter- sfennell4@twitter
