Bíonn siúlach scéalach

Tá an tádh dearg orainn in Iarthar Bhéal Feirste go bhfuil áis luachmhar an tsléibhe dhuibh ar leic an dorais againn.
Bíonn siúlach scéalach

Tá an tádh dearg orainn in Iarthar Bhéal Feirste go bhfuil áis luachmhar an tsléibhe dhuibh ar leic an dorais againn. Le blianta fada, tá idir óg agus aosta ag triall ar an Sliabh Dubh agus Dubhais le sos a thógáil ó challán na cathrach, le machnamh faoin saol agus le leathanradharc a fháil ar shean chathair loch lao. Is Terry Enright, an gníomhaí pobail agus feachtasóir timpeallachta, a spreag go leor do ghlúin s’agam le súil eile a chaitheamh ar ár sléibhte agus nasc a chothú leo. Murach na niarrachtaí leanúnacha ag Terry agus daoine eile, cá bhfios cén riocht a bheadh ar ár sliabh sa lá atá inniu ann. 

Is minic do Terry scéalta a roinnt faoi na luath lonnaitheoirí a chur futhú ar an sliabh agus na daoine deireanach a d’imigh anuas ón sliabh i dtreo na cathrach sna 1950’aidí. Ag tógáil ar oidhreacht Terry, tá Fís an Phobail anois ag soláthar turas treoraithe trí Ghaeilge ar an sliabh. Is comhfhiontar é seo idir Fhís, Chonradh na Gaeilge agus an Iontaobhas Náisiúnta, coiméadaí na sléibhe. Clúdaítear 8,000 bliain do dhaoine ag cur futhú ar an sliabh sa turas coisíochta seo; ó na luath fiagaí cnuasaitheoirí, fríd an réabhlóid neoiliteach go dtí ionradh na normánach, Éirí amach 1798 agus go leor leor eile. 

As siocair gur chaith go leor de mhuintir an cheantair neart ama ar an sliabh, tá scéalta úra ar fáil gach am a dhéanann muid an turas agus cuireann sin go mór leis an eispéireas. Go dtí seo, tá turais déanta le daltaí scoile, foghlaimeoirí Gaeilge, teaghlaigh, grúpaí pobail agus fiú grúpa pinsinéirí. Is féidir linn an turas a mhunlú ar riachtanais an grúpa agus díriú ar na gnéithe áirithe sin a bhfuil suim ag an ghrúpa ann. 

Cuireann seo go mór leis an réimse seirbhísí atá ar fáil anois in iarthar na cathrach trí Ghaeilge agus sa bhreis ar an turas seo, tá Seán Fennell ag soláthar turais treoraithe ar reiligí na cathrach agus is féidir turas Slí na Gaeltachta a fháil ar an cheathrú Ghaeltachta fosta. Ar fad trí Ghaeilge. Saol trí Ghaeilge atá againn!

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin turas, déan teagmháil le ciaran@fisanphobail.com 

Stair faoin spéir ar Shléibhte Bhéal Feirste

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge