Bíonn caint i gcónaí ann faoi bhás na meán traidisiúnta —nuachtáin, raidió, s.rl. Nuair a amharctar ar na meáin Ghaeilge, áfach, ní hamhlaidh an cás. Ní hamháin go bhfuil nuachtáin úra ag teacht chun tosaigh, stáisiúin raidió faoi bhláth agus Gaeilgeoirí ag teacht chun tosaigh ar na hardáin úra amhail TikTok, ach tá daoine óga cumasacha ag teacht chun tosaigh leo.
Cén fáth? Caithfear dul siar blianta fada go ceannródaithe a tháinig chun tosaigh i ndiaidh ghlúin Bhóthar Seoighe. Cuireadh tús le Lá agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste sna 80idí ag a leithéid d’Eoghan Ó Néill, Gearóid Ó Cairealláin, Áine Nic Gearailt agus roinnt Gael eile a bhí tiomanta don chúis.
Ní ceacht staire é seo, ach tá an tréimhse seo iontach tábhachtach maidir le dul chun cinn na Gaeilge sa chathair, agus dul chun cinn na Gaeilge sna meáin. Fiú le ‘Blas’ ar an BBC, tháinig sé sin amach as agóidí maidir le heaspa Gaeilge ar na haerthonnta.

Is mar gheall ar na daoine sin go bhfuil earnáil na meán faoi bhláth, i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin. Leagadh síos bunchlocha ansin nach ndéanfar dearmad orthu go deo.
Tchítear lá i ndiaidh lae anois sna sé chontae an t-atmaisféar nimhiúil sna meáin Bhéarla maidir leis an Ghaeilge. In ainneoin sin, ní bhíonn ach scéalta dearfacha ag teacht ó phobal na Gaeilge. Tchíonn muid dlúthpháirtíocht, Gaeil ag dul i ngleic bochtaineachta, agus páistí óga le Gaeilge a chuireas gliondar ar do chroí.
Níor chaill na meáin Ghaeilge an spiorad pobail riamh. Is rud iontach é sin sa domhan seo ina bhfuil comhlachtaí ilnáisiúnta ag ceannach foinsí nuachta áitiúla. Má amharctar ar Meon Eile, NÓS, An Páipéar, Raidió Fáilte, BBC, Seachtain, Scéal, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, TG4 nó Raidió Rí-Rá, tchítear scéalta a bhaineann leis an phobal.
Tá na meáin tábhachtach don phobal ionas gur féidir leo a ghuth a chur chun cinn, maidir le himeachtaí agus scéalta go ginearálta. Is féidir leo a bhfearg a léiriú fosta nuair is gá, agus ar an drochuair tarlaíonn sé sin go rómhinic.
Mar a luadh san alt seo, tá daoine óga iontacha cumasacha ag teacht chun tosaigh san earnáil fosta agus ní timpiste é sin. Tá na daoine óga seo ag teacht ó na gaelscoileanna a cuireadh ar bun ar fud na tíre agus ag teacht fríd mar ghníomhaithe pobail iad féin.

Is mar gheall air sin go bhfuil an Ghaeilge anois le feiceáil ar na hardáin amhail TikTok, Instagram agus go mór chun tosaigh ó thaobh podchraoltaí de. Is mar gheall ar na daoine óga cumasacha agus nuálacha seo gurb amhlaidh an scéal.
Ní féidir a bheag a dhéanamh don tábhacht a bhaineann leis na meáin do phobal na Gaeilge. Méadaíonn sé guthanna na nGael agus tugann sé ardán dóibh siúd a ndéantar dearmad orthu go minic.
Is áis iad na meáin a úsáidtear san athbheochan teanga atá ag tarlú ar fud na hÉireann, agus níl aon iontas é go bhfuil na meáin faoi bhláth i mBéal Feirste — croílár na hathbheochana.
