Is dul chun cinn ceannródaíoch d’athbheochan na Gaeilge é Sólás na nÓg, go háirithe do na daoine óga sin a bhfuil riachtanais bhreise foghlama acu agus a mbíonn deacrachtaí acu freastal ar ghnáthsheirbhísí óige trí mheán naGaeilge. Reáchtáil Glór na Móna mar scéim phíolótach é ag an tús in 2019 le tacaíocht ón Údarás Oideachais agus mar gheall ar an rath a bhí air, rinneadh forbairt air agus fuarthas maoiniú breise ó National Lottery Awards for All in 2020-21.
Leis an mhaoiniú sin, bhíothas in ann an clár areáchtáil ar bhonn páirtaimseartha agus a oscailteoíche amháin sa tseachtain.Mar gheall gur éirigh go geal leis an scéim phíolótach, agus gur ríléir an t-éileamh a bhí ann dó, lean an National Lottery Community Fund ag tacú leis an scéim in 2022 trí mhaoiniú suntasach ceithre bliana a thabhairt leis an chlár a fhorbairt arís.
Anois, tá Comhordaitheoir Tionscadail lánaimseartha agus seisear oibrithe óige páirtaimseartha ag Sólás na nÓg. Tá muid oscailte trí oíche sa tseachtain agus tá dhá sheisiún ann do bhaill níos óige agus do na sinsearaigh idir 8 agus 18 mbliana d’aois.Tá fotheideal an tionscadail mar bhunchloch dár gclár iomlánaíoch, ‘Comhbhá, Cothú agus Cumasú’. Múnlaítear ár gcláir bunaithe ar na iachtanais uathála, éagsúla agus teiripeacha atá ag ár ndaoine óga agus déanann muid ár seacht ndícheall a gcumas pearsanta, sóisialta, agus mothúchánach a fhorbairt i spás cothaitheach,tréadchúramach agus sábháilte a riarann ar a riachtanais shocheacnamaíocha chomh maith.
Tá clár spreagúil, rannpháirtíoch agus leathan i gceist ina bhfuil oiliúint, foghlaim agus idirghabháil theiripeach; clár nach raibh deis ag nadaoine óga sin a bheith páirteach ann roimhe.
