Críoch spleodrach leis an tríú bhliain den Mheitheal Mheantóireachta

Tá an clár cumasaithe, atá á reáchtáil ag Plean Teanga Feirste Thiar, Fís an Phobail ‘ag dul ó neart go neart.’
Críoch spleodrach leis an tríú bhliain den Mheitheal Mheantóireachta

Tháinig deireadh le Meitheal Meantóireachta 2025 an tseachtain seo le bronnadh teastais agus cuir i láthair ó na rannpháirtithe a bhí bunaithe ar mhúnla an clár teilifíse ‘Dragons Den’ ina raibh orthu tionscadail teanga a mholadh agus a dhíol le paineál de mholtóirí ina measc comhbhunaitheoir agus stiúrthóir Aisling Events Connla McCann agus Oifigeach Pleanála Teanga in An Carn. Is scéim oiliúna í an Mheitheal Mheantóireachta do dhaoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge nó daoine ar mhaith leo a bheith ag obair in earnáil na Gaeilge amach anseo.

Cuireadh tús leis an Mheitheal Mheantóireachta mar scéim phíolótach sa bhliain 2023 agus tá teastais rannpháirtíochta bronnta anois ar chohórt na bliana 2025. Cuireann an scéim seo idir mhodúil phraiticiúla agus mhodúil theoiriciúla ar fáil agus is deis iontach é do na rannpháirtithe treoir agus tacaíocht a fháil don chéad chéim eile ina ngairm. I mbliana, cuireadh go suntasach leis an chlár chumasaithe, le haonaid nua, turas Gaeltachta agus tionscadal obair ghrúpa curtha leis don chéad uair. 

Tá an scéim á reáchtáil tríd an líonra pleanála teanga d’Iarthar Bhéal Feirste, Fís an Phobail, i gcomhpháirt le Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na Ríona. 

Cuid de na rannpháirtithe agus iad ag éisteacht le haiseolas na mbreithiúna

Agus labhairt dó ar an scéim, dúirt an Dr. Pádraig Fhia Ó Mathúna, Oifigeach Inniúlachta le Fís an Phobail: 

“Tá an-áthas orainn go bhfuil an Mheitheal Mheantóireachta ag leathnú amach i mbliana agus modúil úra againn ar an athnuachan uirbeach, an féinchúram, an frithchiníochas, agus an bhréagaisnéis ar líne. Cuireann na modúil seo go mór leis na modúil atá ar fáil cheana féin – a chuimsíonn an bhainistíocht airgeadais, cúrsaí riaracháin, an phleanáil teanga, na meáin shóisialta, agus saibhreas teanga – agus treisíonn siad an t-eolas agus na scileanna atá ag ár rannpháirtithe a dtig leo a thabhairt ar ais leo go dtí na rólanna atá acu in earnáil na Gaeilge.” 

Deir an Dr Síobhra Aiken ó Ollscoil na Ríona: 

“Is í an Mheitheal Mheantóireachta an t-aon scéim oiliúna den chineál seo d’oibrithe in earnáil na Gaeilge, agus is mór an phribhléid dúinn in Ollscoil na Banríona a bheith mar chuid den togra uaillmhianach seo. Léiríonn an taighde sochtheangeolaíochta idirnáisiúnta an tábhacht atá leis an bpleanáil teanga ón mbun aníos chun pobal teanga inbhuanaithe a chothú agus a láidriú. Is léir freisin ón taighde atá déanta againn ar an scéim go dtí seo go dtreisíonn an Mheitheal scileanna, tuiscint, agus féinmhuinín na rannpháirtithe, rud a chuirfeas ar a gcumas tacú go héifeachtach leis an earnáil ina saol oibre amach anseo.”

Bhí Eibhlín Nic Cormaic, as Gaillimh, i measc na rannpháirtithe. Dúirt sí: 

“Tá mise ag déanamh PhD faoi láthair le hollscoil na Banríona agus mhol mac léinn eile dom leis an mheitheal mheantóireachta a dhéanamh. Thaitin an cúrsa go mór liom, bhí meascán leathan d’aonad foghlamtha, téamaí praiticiúla agus ábhar níos teibí clúdaithe a thug léargas domhan dom ar na scileanna atá de dhíth le bheith ag obair san earnáil. Thug sé spreagadh dom fosta ó thaobh cén fáth a bhfuil an obair athbheochana teanga chomh tábhachtach sin. Chruthaigh mé cairdeas leis na rannpháirtithe eile le linn an chúrsa agus molaim go mór d’aon duine atá ag iarraidh cur le scileanna s’acu nó a bhfuil spéis acu obair san earnáil amach anseo leis an mheitheal mheantóireachta a dhéanamh.”

Críoch

Storm Eaton-Kilgallen (Loch Garman) ag míniú chur i láthair a grúpa.

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge