Mo thaithí leis an Mheitheal Mheantóireachta

Bhí an t-ádh orm a bheith mar chuid den Mheitheal Meantóireachta le Fís an Phobail anuraidh
Mo thaithí leis an Mheitheal Mheantóireachta

Bhí an t-ádh orm a bheith mar chuid den Mheitheal Meantóireachta le Fís an Phobail anuraidh – clár forbartha atá dírithe ar ghníomhaithe teanga agus orthu siúd atá ag obair nó ag cuardach oibre san earnáil pobail Gaeilge, earnáil atá faoi bhláth i mBéal Feirste le blianta beaga anuas. Tháinig mé chuig an scéim le tiomantas pearsanta don athghabháil teanga agus cultúir, agus leis an rún barr feabhais a chur ar mo chuid scileanna mar iriseoir agus craoltóir óg le Raidió Fáilte. Bhí sé ríthábhachtach dom, sa chomhthéacs sin, caidrimh dhearfacha a dhéanamh le heagraíochtaí pobail eile sa chathair, tuiscint níos leithne a fháil ar an obair phobail, agus ar an bhfealsúnacht a spreagann athghabháil na Gaeilge i mBéal Feirste.

Ag foghlaim le chéile

Ón gcéad seisiún, leagadh béim ar thábhacht stairiúil agus sóisialta na teanga – ní hamháin mar uirlis chumarsáide, ach mar chomhartha dár bhféiniúlacht. Sa mhodúl tosaigh, “Cén fáth an Ghaeilge?”, rinneamar iniúchadh ar phróisis díchoilínithe, ar oidhreacht an choilíneachais in Éirinn, agus ar ghnéithe na pleanála teanga. Bhí sé thar a bheith ábhartha dom agus mé ag smaoineamh ar mo ról ag Raidió Fáilte mar ardán lárnach do phobal teanga atá ag brú chun cinn sa chathair. An rud ba threise liom ón seisiún sin ná an cheist: “An mhionteanga í an Ghaeilge, nó an teanga mhionlaithe í?” Chuir an cheist chumhachtach seo iallach orainn machnamh domhain a dhéanamh orainn féin agus ar ár dtuairimí.

Ceann de bhuaicphointí na bliana ná deireadh seachtaine cónaithe sa Ghaeltacht i dTír Chonaill. Ba dheis é muid féin a thumadh sa teanga agus sa chultúr, ach freisin foghlaim ó lucht taighde agus ó oibrí óige. Thug seisiúin taighde leis an Dr Síobhra Aiken agus Róisín Nic Liam léargas soiléir dúinn ar mhodhanna taighde, agus léirigh Jake Óg Mac Siacais sa mhodúl Obair Óige Dhúchasach an tábhacht a bhaineann le daoine óga a chumhachtú. Cuireadh ceist ríthábhachtach romhainn: cé a bhfuil an chumhacht acu sa tsochaí – agus cén fáth? Spreag sé sinn ár gcuid tuairimí féin a athscrúdú agus ár ról mar ghníomhaithe teanga a thuiscint níos fearr.

Dár ndóigh, ní raibh an turas Gaeltachta díreach faoin stair agus an teoiric – d’eascair cairdeas agus spiorad foirne nach ndearmadfar go luath. Agus, mar a tharlaíonn i ngach turas Gaeltachta maith, chríochnaíomar ag damhsa sa Dodge agus ag fáil píotsa san Apache – taighde sóisialta an-phraiticiúil, b’fhéidir!

Le linn na bliana chlúdaigh na modúil réimse leathan scileanna – pleanáil teanga agus imeachtaí, na meáin, airgeadas, taighde, an comhshaol agus féinchúram. Bhí “Ag Scaipeadh Soiscéal na Gaeilge” leis an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh agus Cuisle Nic Liam thar a bheith luachmhar dom ach go háirithe mar iriseoir; fuair mé léargas ar scéalaíocht, ar straitéisí digiteacha agus ar chur chuige cumarsáide. Táim tar éis na scileanna sin a chur i bhfeidhm i Raidió Fáilte agus i mo ról nua le Seachtain san Irish Independent, mar aon le mo chuid oibre mar saoririseoir.

Ar an sliabh

Ní féidir an scéim a phlé gan an pobal a lua. Ba phribhléid é foghlaim ó mheantóirí a bhfuil taithí fhairsing acu, agus comhoibriú le rannpháirtithe eile a bhfuil fís láidir agus dílseacht don teanga acu. Chruthaigh an Mheitheal spás ina raibh misneach againn ceisteanna a chur, ár smaointe a roinnt agus dúshlán a thabhairt dá chéile.

Ní hamháin gur chuir an scéim le mo scileanna gairmiúla, ach d’oscail sí mo shúile don chumhacht atá ag obair pobail agus obair óige dhúchasach. Mar fhocal scoir, táim fíorbhuíoch don deis seo agus tá muinín agam go leanfaidh torthaí na bliana seo ag dul i bhfeidhm ar an bpobal i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin sna blianta amach romhainn, le grúpa óg agus misniúil eile de ghníomhaithe teanga ina dhiaidh teacht fríd an scéim. 

Más suim leat freastal ar an scéim, líon isteach an foirm léirithe spéise seo: https://forms.gle/Pg83VdKWLmxFr3Go8

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le ciaran@fisanphobail.com

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge