Is fóram ionadaíochta agus daonlathach é Coiste Imeachtaí na nGaelscoileanna a eagraíonn ócáidí agus imeachtaí do pháistí Gaelscoile i rith na bliana. Is grúpa a thagann le chéile cúpla uair i rith na bliana chun féilire chumsitheach a chur le chéile do dhaltaí Gaelscoile, chun an Ghaeilge a spreagadh lasmuigh den tseomra ranga.

Tá ionadaíocht láidir ó gach Gaelscoil sa cháthair, chomh maith le hOifigigh Forbartha Gaeilge fostaithe sa phobal. Tá sé mar sprioc ag an ghrúpa, an oiread imeacht agus is féidir a chur ar fáil do dhaltaí scoile trí Ghaeilge a chlúdaíonn réimse leathan de shuimeanna atá ag na páistí. Déantar iarracht mór-imeachtaí éagsula a reachtáil ar laghad uair amháin gach mí chun deis is mó agus eispéaras is fearr a thabhairt do pháistí.
Is iad na himeachtaí seo a bhíonn mar bhuaicphointe na bliana ag roinnt de na scoileanna, daltaí agus múinteoirí leis an teanga a chur chun cinn,chomh maith le spórt agus na healaíona dhúchasacha. I measc na himeachtaí atá á reáchtáil againn, tá Féile Peile na nGaelscoileanna agus Corn Liam Uí Mhuirí, Féile Scoildrámaíochta, Rás Tras Tíre, Tráth na gCeist, Comórtais Ealaíne agus Filíochta agus leor leor eile.
Tá ríthábhachtach go mbíonn an Ghaeilge croílár de gach imeacht,gurb í an Ghaeilge teanga cumarsáide agus sóisialta na bpáistí agus go n-aithníonn siad go bhfuil sí beo lasmuigh den tseomra ranga.
