Is mise Breda. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas dom. Tháinig mé go Tuaisceart na
hÉireann breis is tríocha bliain ó shin. Anois, tá cónaí orm i Lios na gCearrbhach i
gContae Aontroma. Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge agus mé ar scoil i mBaile
Átha Cliath blianta fada ó shin. Is mó an trua ach ní raibh suim dá laghad agam an
teanga a fhoghlaim ag an am sin. Nuair a d’fhág mé an scoil i mo dhiaidh cha raibh
mé in ann abairtín ciallmhar a chur le chéile. Thart fá fiche bliain ó shin, bhí fonn ar
chara do mo chuid freastal ar chúrsa Gaeilge a bhí ar siúl sa Chultúrlann ar bhóthar
na bhFal agus d’fhiafraigh sí díom ar mhaith liom a dhul in éineacht léi. Ba bheag an
tsuim a bhí agam sa Ghaeilge ach in ainneoin sin chuaigh le fáil amach cad é a bhí i
gceist. Thosaigh na focail ag teacht ar ais chugam. Taobh istigh cúpla seachtain bhí
mé go hiomlán faoi gheasa agus faoi dhraíocht na Gaeilge. Bhí mé gafa. Is saghas
galar í an Ghaeilge.
Téim chuig ciorcal comhrá atá lonnaithe in Ionad Uíbh Eachach gach Aoine. Bíonn
sé ar siúl ó 9.30 go dtí 11 ar maidin. Tá caife/tae, sólaistí deasa agus brioscaí le fáil
(saor in aisce). Bíonn scaifte maith daoine ann i gcónaí agus neart comhrá agus
craic. Bíonn muid ag plé achan cineál ábhair ó chúrsa reatha, spóirt agus gach uile
rud. Tá duine den chéad scoth darb ainm Foxy i mbun an ghrúpa. Is é an t-Oifigeach
Forbartha Gaeilge san Ionad agus tá Gaeilge ar a thoil aige. Má bhíonn deacrachtaí
ar leith againn (agus bíonn) lenár gcuid Gaeilge nó an dóigh is fearr rud éigin a rá,
cuireann sé ar an tslí cheart muid. Ó am go chéile tugann muid cuairteanna ar
áiteanna nó ionaid eile. Mar shampla, beidh muid ag dul chuig an Ionad stairiúil
Cnoc Uí Néill atá i nDún Geannain, i gceann cúpla seachtain. Ionas nach bhfuil
mórán Gaeilgeoirí sa cheantar ina bhfuil mé ina chónaí níl mórán seans agam mo
chuid Gaeilge a chleachtadh agus sin cúis mhaith dom a dhul chuig an chiorcal
comhrá in IUE. Is maith liom a bheith ag bualadh le mo chuid cairde san Ionad, is
maith liom a bheith ag bualadh le daoine nua agus an rud is tábhachtaí dom ná go
mbainim an-sult as an chraic, Is áit an-chairdiúil í agus bíonn fearadh na fáilte roimh
chách ansin i gcónaí.
