Smaointe Fánacha a deir tú, nó Smaointe Stadacha, gabhaim mo leithscéal nach raibh alt ann le tamall, ach bhí mé chomh saothrach le beach nó chomh gnóthach le bean ar lá aonaigh! Bhí go leor idir lámha agam agus idir chamáin agam, áfach. Tá mé ar ais, aiséirí ar bhealach.
An tEarrach nó an Geimhreadh
In Éirinn go stairiúil agus de réir na gCeiteach, cuireann an fhéile Imbolg, tús leis an Earrach, Lá na Féile Bríde sa lá atá inniu ann. ach, le déanaí is aimsir an gheimhridh atá againn ar na mallaibh. Flichshneachta, ceobhrán, bailc fearthainne, báisteach, ag cur de dhíon is de dheoir. Ní nach ionadh go bhfuil fairsingneacht na bhfocal ann le cur síos a dhéanamh ar an doineann! Cá bhfuil an tsoineann?

Seachtain na Gaeilge
Arís agus arís eile, bíonn Seachtain na Gaeilge ag dul ó neart go neart. Ach, an bhfuil buaicphointe bainte amach? An bhfuil barraíocht imeachtaí ann brúite isteach sa seacht lá déag sin?
Barraíocht? Mór agus maith?
Cuireadh tús leis an tseachtain mhór, chan An Cháisc, tiocfaidh muid chuig na huibheacha seacláide ar ball. Tá seachtain mhór, Seachtain na Gaeilge, ina ócáid bhliantiúil de chuid Chonradh na Gaeilge ó laethe athbheochan na teanga sa bhliain 1902/3. Éacht san oidhreacht gan amhras. Ach, tá mé cinnte de nach raibh na mílte imeachtaí thar sheachtain ann.
Sílim, in amanntaí, má tá barraíocht ann, cailleann ócáidí faoi leith a gcuid tábhachta. Ar bhonn pearsanta, buaicphointe na seachtaine domhsa, ná Tráth na gCeist na nGaelscoileanna, i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich. Chruinnigh gaelscoileanna na cathrach le chéile le haghaidh cuideachta agus comhluadair. An Ghaeilge taobh amuigh den tseomra ranga agus iad déanamh ómóis d’ Aodhán Mac Poilín, gníomhaí teanga aitheanta a d’éag roinnt blianta ó shin. D’éascaigh an eagraíocht Ghaeilge, Ionad Uíbh Eachach an lá.
Camógaíocht na cathrach
Tá beirt iníonacha agam agus is grá leo an chamógaíocht. Bímse iontach bródúil astu ag imirt. D’imir mé féin beagán iománaíochta agus mé i mo stócach, ach bhí mo chroí istigh sa sacar.
Mar sin, nuair a bhíonn orthu bheith ag cleachtadh na scileanna, tá mol mór i gceist, dár ndóighe, bím thar a bheith buíoch as na cóitseálaithe. Bíodh sin na cóitseálaithe i ngach spórt a imríonn ár ndaoine óga, rugbaí, haca, sacar, dornalaíocht, reathaíocht nó cibé. Gan tiomántas na mbainisteoirí, na dtuismitheoirí, ní bheadh siad ann.
I dtaca leis an chamógaíocht mar sin, tá borradh faoin spórt sa chathair. Bhain scoileanna gradaim agus duaiseanna le bliain anuas. Feicim féin níos mó cailíní ag imirt sna cumainn, ag siúl thart le camáin, sna scoileanna agus sna sraitheanna Geimhridh a eagraíodh le déanaí sa Pholl Glas, ag páirceanna Sally Gardens.
Bhí suas le fiche foireann gach maidin Shathairn ag imirt agus in iomaíocht lena chéile agus foirne na cathrach gob ar ghob le foirne na nGleanntaí!
Bhí baint lárnach ag Conradh na Gaeilge i stair na camógaíochta in Éirinn bliantaí fada ó shin. Thuig siad ról ceannrodaíoch na mban agus spreag siad an spórt.
Maith sibh gach duine.

An Cháisc
Tuigim go mbíonn dátaí na Cásca ag brath ar an ghealach agus ar chónocht an earraigh agus rudaí casta eile nach bhfuil ar mo chumas tuiscint go beacht! Ach, os a choinne sin, is crá croí é, i mo bharúil, nuair a bhíonn Féile na Cásca ag bogadh thart i mí Aibreáin agus fiú i mí an Mhárta. Ar a laghad, beidh sciste ann agus seacláid!

Éire agus Czechia
Díomá. Fearg. Foighid caillte agus leadrán. Ar uairibh, bíonn sé doiligh bheith ag tabhairt tacaíochta d’Éirinn, grá gan chomhlíonadh. Deis caillte a bhí ann, nuair a chaill foireann sacair na hÉireann in éadan Czechia ar chiceanna éirice. Sin spórt duit, thuas seal, thíos seal.
Meabhraim siar chuig m’óige féin agus mé faoi gheasa ag an sacar agus ag Diego Maradona go háirithe. Bhain Éire amach cluiche ceathrú ceannais Chorn an Domhain sa bhliain 1990 san Iodáil. Bhuail an Iodáil, Buachaillí na hÉireann 1-0, Toto Schillachi, a scóráil, botún, ar dhóigh ag cúl báire Celtic, Packie Bonner. Laethe órga. Díoltas ar bhealach, nuair a chuir Maradona, na hIodálaigh amach le cic éirice sa chluiche leathcheannais, a lean seo, i gcathair Diego, Naples.
Agus mé ag teacht i méadaíocht, chonaic mé Éire ag imirt sna hEuros 1988 sa Ghearmáin, 1990 san Iodáil agus 1994 sna Stáit Aontaithe. Thar barr.
Ar an drochuair, ní bheidh an taithí ná an eispéireas sin ag mo pháistí féin nó ag páistí óga iarthar Bhéal Feirste. B’fhéidir….
Conchúr agus a mhac
Agus mé ag obair i ngaelscoil áitiúil, chuir tuismitheoir, duine de na daltaí óga R1, tá a mhac ag freastal ar an scoil ina bhfuil mé ag teagasc inti, i gcuimhne domh agus muid ag comhrá faoin tragóid sacair is deireanaí i stair na hÉireann faoin am a d’amharc sé féin ar chluiche mhór na hÉireann sa scoil. Seo tionchar an spóirt agus pobal láidir scoile ar an duine. Leoithne an chuimhne ag séideadh go machnamhach.
Ar lámh amháin, ámh, léirigh sé domh go bhfuil mé sa scoil chéanna le cúig bliain is fiche, ceathrú céid! Ar an lámh eile, léirigh sé domh cumhacht an spóirt agus na gcuimhní cinn.
Bhí Conchur Ó Muadaigh ina dhalta scoile R7 sa Halla Spóirt ag coimhéad ar chluiche Chorn an Domhain 2002 sa tSeapáin, nuair a scóráil Robbie Keane, (ná luaigh Roy) cúl clúiteach in éadan na Gearmáine sna bomaití cinniúnacha deireanacha agus an crú ag teacht ar an tairne! Liú catha a thóg fraitheacha an halla!

Mar a deir na daoine óga anois…limbs…géaga! Páistí, múinteoirí, cuntóirí, pobal na scoile ag dul ar mire ag céiliúradh. Ní bhaineann sé le sacar amháin. Go deimhin, féiniúlacht, aitheantas, muintearas agus bród. Gliondar croí agus ardú meanman.
Am speisialta, cuimhní cinn órga. Tiocfaidh siad arís! Creidimis!
