‘Cé hiad an scoil sin?’

‘agus an scoil sin sna léintí corcra, cé hiad an scoil sin?’
‘Cé hiad an scoil sin?’

‘Cé hiad an scoil sin?’ a d’fhiafraigh m’athair dom, ‘agus an scoil sin sna léintí corcra?’ B’shin an chéad uair do a bheith ag freastal ar Fhéile Peile na nGaelscoileanna. Bhí sé ann mar gheall go raibh garmhac leis ag imirt le Bunscoil an tSléibhe Dhuibh ach chaith sé bunús an ama ag amharc thart ar na foirne glórmhara, dathúla a bhí ag imirt go fíochmhar ar na páirceanna a bhí leagtha amach agus idir iontas agus bród air. Chuir mo thuismitheoirí mé féin agus mo dheirfiúr ag an chéad bhunscoil a bunaíodh ó thuaidh, Bunscoil Phobal Feirste agus bhí siad beirt gníomhach, ar bhealaí éagsúla, ag tacú leis an scoil agus le Meánscoil Feirste ina dhiaidh sin mar a bhí go leor tuismitheoirí sna laetha sin. Le himeachta ama, áfach, ní raibh an nasc díreach, rialta acu leis na scoileanna agus muidinne fásta, mar a bheifeá ag súil. 

Ní nach ionadh mar sin go ndeachaigh an Fhéile Peile go mór i bhfeidhm air. D’fhéadfadh amharc ar ráth na féile peile mar tháscaire ar dhul chun cinn na hearnála sa chathair trí chéile. Comórtas a thosaigh sa bhliain 2010 in ómós don Ghael áitiúil Liam Ó Muirí a fuair bás agus é óg. Gael go smior a bhí i Liam a raibh suim ollmhór aige i bhforbairt na Gaeilge agus sna cluichí dúchasacha. B’oiriúnaí don phobal Féile Peile do Ghaelscoileanna a eagrú, ómós cuí a bhí ann do. Ag an am sin áfach bhí an earnáil fós i mbéal forbartha agus ní raibh ach 3 scoil páirteach ann. Ach mar a deirtear, as dearcáin bheaga…

Ag ceiliúradh

I mbliana, bhí 11 scoil páirteach agus 18 foireann san iomlán a chuaigh chun páirce. Gael óga, muiníneacha le scoth na peile agus na Gaeilge. B’fhéidir go ndéanann muidinne atá gníomhach i saol na Gaeilge go laethúil talamh slán don fhorbairt seo ach chuaigh iontas m’athair go mór i bhfeidhm orm. Nach tiubh an coill a d’fhás ó na dearcáin céanna! B’ábhar mórtais fosta é do mhuintir Liam an comórtas seo atá anois greanta i bhféilire na scoileanna agus atá mar bhuaicphointe na bliana do go leor do na páistí a bhíonn páirteach ann. Bhí máthair agus iníon le Liam i láthair, mar a bhíonn gach bliain agus chronaigh muid athair Liam, Bob, a d’éag i mbliana. 

Mar is dual daofa, bhí Meon Eile i láthair agus b’aoibhinn liom éisteacht le páistí óga, muiníneach ag caint go nádúrtha os comhair na ceamaraí. Rinne Nuacht TG4 mír ar an Fhéile fosta a chur go mór leis. Léiriú follasach, soiléir ar an chúram tréadach atá mar bhonn prionsabal sna Gaelscoileanna.

Is léiriú cumhachtach é ar bheocht athghiniúna ár bpobal fosta; bhí múinteoirí óga i láthair a d’imir san fhéile agus iad óg agus ag roinnt scéalta ar na scóranna cinniúnacha a d’aimsigh siad; bhí daltaí sinsir Coláiste Feirste a rinne sár jab arís mar réiteoirí ag insint faoin bhriseadh croí nuair a chaill siad leis an chic dheireanach sa chluiche ceannais agus bhí tuismitheoirí agus seantuismitheoirí bródúla ag amharc anuas ó na seastáin agus ag roinnt scéalta faoi na sean laetha nuair nach raibh ann ach Bunscoil bheag amháin ar Bhóthar Seoighe.

Sa deireadh thiar thall, bhí an bua ag an scoil sin ó Bhóthar Seoighe i gCorn Liam Uí Mhuirí agus bliain thar a bheith rathúil acu agus Corn Raffo tógtha leo fosta. Éacht nach beag do Ghaelscoil ar bith agus léiriú gur féidir linn dul in iomaíoch leis na scoileanna níos mó, fad bhunaithe ar an pháirc peile. Sa bhreis air sin, thóg Scoil na Fuiseoige as Cill Uaighe Sciath Laochra Loch Lao leo agus chuaigh Pláta Coláiste Feirste chuig Ard na bhFeá le Gaelscoil na bhFál. Ach le fírinne, an éacht is mó na an fhéile peile féin agus an earnáil bríomhar, láidir, muiníneach a tógadh ón bhun aníos. Níl an ceannscríbe bainte amach againn fós (cá bhfios an mbeidh go deo!) agus ba cheart dúinn fanacht dílis do na luachanna céanna a thiomáin chomh fada seo muid ach ar laethanta grianmhara ar pháirc Choláiste Feirste le macallaí na glórthaí Gaelacha ag réabadh fud na páirce is féidir linn ar fad a bheith bródúil as an éacht a bhain ár bpobal amach.

Buaiteoirí na bliana
WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge