Is bliain mhór í seo dúinn ag Fís an Phobail. Agus muid ag dul isteach sa cheathrú bliain dár bplean teanga, táimid tar éis bogadh ó sheirbhísí a chur i bhfeidhm go céim ríthábhachtach mheasúnaithe agus athbhreithnithe. D’aon phleanálaí teanga, seo an t-am le ceisteanna deacra a chur ort féin: An bhfuil an straitéis ag obair? Cá bhfuil na bearnaí? Agus níos tábhachtaí arís, cén dóigh a chinnteoimid sláinte theangeolaíoch fhadtéarmach phobal ár nGaeltachta Uirbí in Iarthar Bhéal Feirste?
Mar chuid den phróiseas mhachnaimh seo, thug muid faoi thaighde rannpháirteach le daoine óga in Iarthar Bhéal Feirste, ag tarraingt ar scoláireacht idirnáisiúnta agus ar shaineolas saoil dhá ghrúpa: iad siúd atá i mbun breisoideachais i nGaelchúrsaí agus iad siúd atá i mbun printíseachta le Fóram na nÓg. Ba é an sprioc a bhí againn ná tuairimí na ndaoine óga seo a fháil maidir le hearnáil na Gaeilge agus a roghanna teanga: Cad iad na bacainní, dar leo, atá ar phobal na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste? Cad iad na buanna agus na láidreachtaí atá againn mar phobal faoi láthair? Chomh maith leis sin, d’iarr muid ar na rannpháirtithe cad iad na hacmhainní agus an leagan amach a bheadh ar a nGaeltacht Útóipeach féin dá mbeadh deis acu a leithéid a thógáil?

Tá torthaí an taighde chéanna réidh le foilsiú gan mhoill in alt acadúil san iris acadúil Léann Teanga: An Reiviú a fhoilsítear in Ollscoil na Gaillimhe. Go deimhin, beidh na torthaí iontach tábhachtach dúinn chun na tosaíochtaí a aimsiú don chéad chéim eile den phlean teanga. I measc na moltaí a d’eascair as an taighde ná go mbunófaí clár oiliúna do chainteoirí Gaeilge ar mhaith leo a bheith ag obair in earnáil na Gaeilge le dul i ngleic leis na dúshláin is mó a bhíonn le sárú ag daoine óga sa cheantar.
Tá taighde déanta ag an scoláire Nicole Dołowy-Rybińska ar thógáil na féiniúlachta i measc cainteoirí mionteanga ar fud na hEorpa agus dar léi go bhfuil an neamhshuim ar an bhac is contúirtí d’fhorbairt agus d’inmharthanacht mionteanga: ‘Indifference towards belonging to a minority group and speaking its language, fostered by increasing cultural assimilation, globalization processes, economic conditions and lifestyle change, is one of the major threats faced by minority languages’ (2020: 14). Is léir, mar sin go bhfuil oiliúint idé-eolaíocht ríthábhachtach don phleanáil teanga agus gur mithid dúinn amharc le freagracht shóisialta agus pholaitiúil a chothú i measc an phobail – gné den phleanáil teanga atá á cothú againn cheana fríd an Mheitheal Mheantóireachta.

Léiríonn ár dtaighde fosta go bhfuil dlúthbhaint idir an idé-eolaíochta teanga agus ceist na féinmhuiníne. Go deimhin, bíonn daoine óga i mBéal Feirste ag imní go minic faoina gcumas féin sa Ghaeilge, go háirithe agus iad ag bogadh ó áit go chéile (ie. ón scoil go dtí an t-ionad oibre). Údar dóchais é, mar sin féin, go n-aithníonn na daoine óga féin na deacrachtaí féinmhuiníne seo agus tá moltaí acu chun dul i ngleic leo ach an deis a fháil a gcuid tuairimí a chur in iúl. Is chuige sin a bhíonn na cúrsaí cruinnis Gaeilge á reáchtáil againn i rith an ama.
Agus eagrán 2026 den Reiviú á sheoladh aici, mhol an Dr Tracey Ní Mhaonaigh ó Ollscoil Mhá Nuad feabhas an taighde san eagrán agus chuir sí suntas ar leith in alt s’againne ar Ghaeilgeoirí óga Bhéal Feirste. Dar léi go bhfuil ‘níos mó spéise ná riamh ag scoláirí i ngort na sochtheangeolaíochta’ agus gur léir go bhfuil an ‘easpa cumais teanga i dtaca le cúrsaí oibre’ ina gné ríthábhachtach den léann agus de shaol na Gaeilge trí chéile.
Más ag fás a bhí Fís an Phobail le ceithre bliana anuas, guímid gur faoi bhláth a bheas sé sa chéad cheithre bliana eile atá amach romhainn.
Is féidir an t-alt a léamh anseo
Ba mhaith leis na húdair ár mbuíochas a ghabháil le Lorna Johnson, eagarthóir na bliana seo den Reiviú, agus an Dr Dorothy Ní hUigín ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe as an iris a chur le chéile.
