Traidisiún an tSean-nóis slán in Iarthar Bhéal Feirste

Thosaigh ár n-iníon ag freastal ar na ranganna ‘Seolta Geala’ i ndiaidh tréimshe a chaitheamh le Róise Ní Mhurchú sa scoil.
Traidisiún an tSean-nóis slán in Iarthar Bhéal Feirste

Tháinig Róise isteach sa rang s’aici gach seachtain ar feadh sé seachtaine nuair a bhí sí i rang 3. Taobh istigh den sé seachtaine, d’fhoghlaim sí a lán amhrán nua, cuid nach bhfuil chomh coitianta don aois ghrúpa s’aici, agus d’aithin mé go raibh sí ag fiosrú faoi fhocail nua agus go raibh sí ag cur go mór le stór focal Gaeilge. Nuair a chríochnaigh na ranganna ar scoil, thosaigh ranganna eile in an Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i ndiaidh am scoile gach Céadaoin, bhí a fhios againn láithreach go mbeadh sí ag iarraidh dul ar ais mar gheall ar an sult a bhain sí as na ranganna ar scoil. Nuair a thosaigh na ranganna seo, tháinig sí abhaile gach seachtain ag ceol amhrán sean nós.

Róise i mbun ranga

Chuir sé iontas orm faoin mhéid a bhí sí ábalta foghlaim gach seachtain, cé go mbíonn ceol thart uirthi an chuid is mó den am. Spreag an uair a chloig, agus an dea-atmaisféar, go mór í le dul ar aghaidh le cleachtadh a dhéanamh sa teach chomh maith. Idir Róise agus Caitríona ag glacadh na ranganna, bíonn sí ag dúil go mór leis na ranganna gach seachtain. Tá cairdeas nua tóghtha aici, agus tagann sí abhaile gach seachtain ag ceol gan stad, ceolann sí gach áit!

Ó thosaigh sí ag dul chuig na ranganna seo, níos lú na bliain ó shin, bhí an t-ádh léi páirt a ghlacadh ina lán imeachtaí a bhaineann le ceol agus cultúr sa cheantar, rud a spreag go mór í. Bhí an grúpa ag ceol ag an fhéile Liú Lúnasa, ghlac sí páirt san Oireachtas, agus mar chuid den cheiliúradh sin, bhí grúpa s’aici ag ceol ar an ardán os comhair slua mór Gaeilgeoirí.

Seolta Geala

I mí Márta i mbliana, ghlac sí páirt sa chomórtas Seán Nós na Fearsaide le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, agus bhain sí an dara háit. Tuigeann sí gur tábhachtaí páirt a ghlacadh, ach bhí muid chomh bródúil go dtiocfadh léi amhrán iomlán a cheol os comhair neart daoine agus í ocht mbliana d’aois. Ar ndóigh, bhí áthas orainn uilig nuair a bronnadh dara áit uirthi. Táimid chomh buíoch as na heispéiris a fuair sí go dtí seo, agus an dea-thionchar a d’imir sé ar shaol s’aici. Leanfaidh sí ar aghaidh ag freastal ar na ranganna iontach seo, leis na múinteoirí den scoth.

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge