Smaointe Fánacha

"Ar na mallaibh, agus driopás orm ar mo bhealach amach le casadh le roinnt cairde le hamharc ar chluiche Cliftonville i gCorn na hÉireann, bhuail mé le Cuisle Nic Liam mar chomhtharlúint."
Smaointe Fánacha

Ní dhéanfaidh muid mórán tráchta ar an chluiche, is fiú a rá go bhfuil séasúr na nDeargach thart!

Bíonn Cuisle ag obair le Conradh na Gaeilge i mBéal Feirste. Is minic go mbíonn sí ag feachtasaíocht leis an Dream Dearg, nó mar úrlabhraí na Gaeilge taobh amuigh de Chúirteanna Bhéal Feirste ar an nuacht, ag stocaireacht do chearta teanga ag Halla na Cathrach i ngléic le polaiteoirí móra,  nó ag cosaint na gcumann óige do Ghaeil óga na cathrach, ag cur comhairle ar na mic léinn díograiseacha radacacha sna ollscoileanna nó páirteach i gCraobh Uí Thuama. Tá deis a labhartha aici, í breá cumasach, eirimiúil, eolach, oilte i mbéal an phobail.

Bhuel, bhuail mé léi mar chomhtharlúint i gceantar Dhún Muirígh agus mé faoi dheifir. Bhí comhrá breá gasta againn agus luaigh mé léi gur tógáil croí agus ardú meanman atá ann do Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste go bhfuil comharthaíocht dhátheangach le feiceáil fud fad Bhéal Feirste agus muid ag breathnú ar an chomhartha is déanaí a cuireadh in airde:

 Lána Dhún Muirígh Uachtarach, Upper Dunmurry Lane.

Tá ról lárnach ag Cuisle agus Conradh na Gaeilge san obair cheannrodaíoch seo ag cur brú leanúnach ar Chomhairle Chathair Bhéal Feirste. Faigheann foighid fortacht.

Is grá liom na comharthaí ar bhonn pearsanta, bímse féin agus mo chuid páistí á léamh agus ag caint orthu. Ábhar bróid do mhuintir na háite. Ar ndóighe, tá mé claonta mar Ghaeilgeoir, ach is fiú a lua na buntaistí a bhaineann le comharthaíocht dhátheangach ó thaobh béaloidis, seanchais, dinnseanchais, féiniúlachta agus staire de. 

Tá na logainmneacha thart orainn inár n-oidhreacht go smior, go dúchasach fite fuaite lenár bhfód dúchais. Cearta teanga do phobal  mhionteanga ar imeall na hEorpa, ag snámh in aghaidh easa in amanntaí, ach bua feiceálach a bhíonn sna comharthaí. Cruthúnas crua, fianaise fhisiciúil.

Mar sin de, chuir sé mé ag machnamh, go háirithe, nuair a bhí hurlamaboc faoin scéal agus nuacht dhiúltach i dtaca leis an chomhartha dhátheangach in oirthear na cathrach, Shandon Park, Páirc an tSeandúin. Rinneadh loitiméireacht agus scriosadh ar an chomhartha athuair. Gníomhacht bhrónach aineolach le bheith ionraic. 

Os a choinne sin, chuir seo agus an comhrá a bhí agam le Cuisle mé ag smaointiú fá mo chúig comhartha is ansa liom i mBéal Feirste. 

Mo Top Five Comhartha Dhátheangach! 

Is minic go mbíonn smaointe fánacha ag rasaíocht thart i mo chloigeann agus an domhan mór ar tí pleascadh! Cibé ar bith seo iad agus smaoinigh ar an fhoghlaim agus ar an ghramadach anseo!

5. Cearnóg Ghort na Bealtaine- Mayfield Square

Tá an tsráid seo suite os comhair  Óstán Balmoral. Nach bhfuil Gort na Bealtaine i bhfad níos deise na Mayfield? Cuireann sé macallaí na Gaeltachta ag rith liom.

Shandon

4. Páirc an tSeandúin- Shandon Park

Tá grá de dhíth ar an chomhartha seo, drocham aige ar na mallaibh!

Seandún- comhfhocal firinscneach, firinscneach ar an ábhar go bhfuil an t-ainmfhocal dún, firinscneach. Mar shampla, tá seanbhean, baininscneach. Téann sean roimh an ainmfhocal, de ghnáth, téann an aidiacht i ndiaidh an ainmfhocail. Níl fleiscín ann.

Nuair  a théann Seandún,  sa tuiseal ginideach uatha, cuirtear t roimh an s agus caolaítear é. 

Leanann seo an riail cosúil le- mac an tsagairt, lár an tsamhraidh, hata an tseanfhir.

3. Páirc Ghleanntán na hAbhann Theas- Riverdale Park South

Tá mol mór ag dul ar aghaidh anseo i lár Bhaile Andarsain. Gleanntán na hAbhann.

Abhainn- ainmfhocal baininscneach sa tuiseal gineadach uatha- na habhann, cois na habhann, bruach na habhann. Cailltear an i sa tuiseal ginideach uatha, macasamhail, Nollaig agus Ulaidh. Daidí na Nollag agus Gaeilge Uladh.

Bíonn na haibhneacha ar fad in Éirinn den chuid is mó baininscneach. Anois, cá bhfuil an eisceacht?

2. Páirc Chnoc na Gréine- Sunnyhill Park

Nach mbeifeá féin ar mhuin na múice bheith ag cur fút ar Chnoc na Gréine, bheadh spion maith ort gach lá!

An ghrian- ainmfhocal baininscneach sa tuiseal gineadach uatha - na gréine.

Smaoinigh ar luí na gréine ar chnoc na gréine!

  1. Páirc Naomh Muirgheal-St. Meryl Park

Anois, ritheann agus ceanglaíonn St.Meryl, Bóthar Bhaile Andarsain agus Bóthar an Ghleanna. Níor shíl mé go mbeadh leagan Gaeilge de St. Meryl? Ach, bhí agus thaitin sé liom go mór, níl a fhios agam cén fáth. Má deir tú Muirgheal roinnt uaire, thig cluinstin an dóigh a d’fhorbair an leagan Meryl.

Anois, bím ag coimhéad go cúramach ar na comharthaí dhátheangacha agus mé ar mo bhealach thart ar Bhéal Feirste, ag tiomáint, ag rith, ag rothaíocht nó de shiúl na gcos agus cuirim an-speis sna comharthaí is déanaí.

Is cinnte go bhfuil ag éirí leis an fheachtas agus go bhfuil an Ghaeilge ar chomhchéim leis an Bhéarla. Maith sibh ar fad!

Cúpla ceann deas eile….

  1. Gráinseach Phocaire na Gaoithe- Kestrel Grove- stór focal na n-éanacha ag fás

  2. An Fáinne Cothrom- Koram Ring, fuaimnítear an Béarla Koram, cosúil leis an Ghaeilge, cothrom, gan an th sa lár a fhuaimniú ina iomláine.

  3. Ascaill na Collchoille- Hazelwood Avenue, arís féach collchoill, an-saibhreas teanga le scrúdú ansin tuiseal ginideach uatha eile agus comhfhocal eile!

  4. Sráid na Sceiche- Hawthorn Street- An Cluain Ard, dár ndóighe

  5. Sráid an Oileáin Bháin- neart pointí gramadaí agus níos deise ná Islandbawn  Street! Agus, tá sceallóglann Barnes ann.

  6. San Seamas- St. James, chan Naomh, baineann Naomh le naomh dúchasach, Gaelach, Éireannach mar shampla Naomh Bríd ach San Nioclás. Creidim!

  7. Sráid Bhaile Uí Mhurchú- Ballymurphy Street agus níl sé i mBaile Uí Mhurchú!

  8. Ascaill an Mhullaigh- Hillhead Avenue- taitníonn an focal mullach liom sa chás seo. Nuair a shroichtear mullach an tsléibhe…..

    Baile Uí Mhurchú

Áfach, tá neart le foghlaim, le plé, pointí gramadaí le cíoradh agus leideanna staire le fiosrú.

Ach moladh amháin…. Thart ar Fhionnachadh…Finaghy, agus chan ró-fhada ón chaifelann leis an ainm cliste Whitefield. Is cinnte go dtuigeann úinéir an tsiopa ciall na logainmneacha!

Orchardville…Baile an Úlloird…Orchardville??? Nach dtig linn bheith ag rá Baile an Úlloird, tá Grangeville aistrithe go slachtmhar  go Baile na Gráinsí, sa cheantar céanna. Is maith liom sin. Leanaigí oraibh ar fad!

Thiocfadh linn camchuairt na gcomharthaí sráide a fhorbairt, foghlaim faoin spéir, i gcomhar le Stair Faoin Spéir!

Ach, anois, cad iad do TOP FIVE COMHARTHA SRÁIDE DHÁTHEANGACH?

Tuilleadh eolais fá sráidainmneacha agus feachtas na sráidainmneacha ar shuíomh gréasáin DREAM DEARG. www.dearg.ie

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge