Thugamar Féin an Samhradh Linn

Clár lán le himeachtaí d'achan duine agus Féile na gCloigíní Gorma buailte linn
Thugamar Féin an Samhradh Linn

Bhunaigh gníomhaithe áitiúla san Uachtar Chluanaí agus na ceantair máguaird Féile na gCloigíní Gorma in 2017 mar fhreagairt ar thréimhse gharbh na déine a d’fhág muintir na háite in ísle brí, ag athnascadh muintir na háite leis an timpeallacht galánta thart orainn, i measc bealaí eile chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis an phobal.

Bláthaíonn lear mór Cloigíní Gorma fiáine atá dúchasach de Pháirc Tua an tSléibhe Dhuibh achan Bhealtaine. Baineann muid úsáid as na cloigíní gorma mar shiombail le cur i gcuimhne do dhaoine faoi aoibhneas an tsaoil, a ndúlra nádúrtha agus an tábhacht a bhaineann le sláinte agus dlúthpháirtíocht phobail.

Sa 8 lá den fhéile, beidh imeachtaí ar siúl do theaghlaigh agus do dhaoine de gach aois a bhfuil suim acu sa timpeallacht, an Ghaeilge, spórt, an tsláinte mheabhrach, stair, aclaíocht, ealaín, ceol, polaitíocht, cainteanna, scannánaíocht, drámaíocht agus go leor eile!

Gach bliain tá borradh ag teacht ar an 8 lá speisialta seo leis na heochairfhocail Pobal, Dlúthpháirtíocht agus Folláine lárnach ann. Cuireann sé gliondar ar ár gcroíthe níos mó agus níos mó den phobal áitiúil agus níos leithne rannpháirteach san fhéile. Ar a bharr sin, chonaic muid na toscaireachtaí idirnáisiúnta is mó ar an fhéile go dtí seo le cúpla bliain anuas. Tá clú idirnáisiúnta ar Fhéile na gCloigíní Gorma!

Is mór an onóir dúinn gur seolfaidh Lynda Ní Shuilleabháin, an gníomhaí aeráide agus pobail aitheanta, an fhéile i mbliana. Ag tógáil ar rath na bliana seo caite, beidh mórshiúl na féile ann arís i mbliana ar an 9ú Bealtaine sa cheantar le cur in iúl don chathair go bhfuil Féile na gCloigíní Gorma 2026 faoi lánseol!

Grace Blakely

Is scéal ollmhór é go mbeidh an t-iriseoir, gníomhaí agus scríbhneoir frith-chaipitleach mór le rá, Grace Blakeley ag teacht ó Shasana mar aoichainteoir na féile i mbliana dar teideal ‘Existence is Resistance: Capitalism and How We Replace It’. Chomh maith leis sin, tá muid ar bís go mbeidh ceardlanna agus cainteanna ríthábhachtacha eile le Tahla Alali agus Bríd Keenan ar an díchoilíniú, Dr Pat Bracken ar cur chuige nua don tsláinte mheabhrach, Tomaí Ó Conghaile ar an chneasú sinsireachta agus go leor eile sa chlár pacáilte i mbliana!

Cuireann an fhéile béim ar athnascadh leis an timpeallacht galánta thart orainn agus an tábhacht leis an tsláinte mheabhrach a chur chun cinn. Chuige sin, beidh snámh breacadh an lae ag Port an Ghiolla Ghruama, taiscéalaíocht ar an sliabh leis an Black Mountain Rewilding Project, ceardlanna i nGairdín an Phobail, siúlóidí agus rití phobail, agus go leor eile.

Suí 7 Scíth

Tá athshlánú na Gaeilge agus an díchoilíniú ag croílár na Féile agus le linn na féile, beidh ceardlanna ar stair agus radacachas na Gaeilge, dianchúrsa, ceol agus damhsa sean-nós, Suí ‘s Scíth do theaghlaigh ag tógáil clainne le Gaeilge agus go leor eile ag ceiliúradh na Gaeilge.

Ní bheadh ann don fhéile gan na pairtnéirí spreagúla a eagraíonn clár pacáilte gach bliain, agus áthas an domhain orainn go mbeidh ceardlann rannpháirteach ann lenár gcomrádaithe sa Script Úr don tSláinte Mheabhrach de chuid PPR, réimse d’imeachtaí le Fís an Phobail, agus beidh an togra spreagúil dírithe ar neamhspléachas an bhia ar ais le linn na féile, ‘Feirm an Phobail’ eagraithe ag Gairdín an Phobail.

Le mana na dlúthpháirtíochta ag croílár Fhéile na gCloigíní Gorma, is príomhthéama é an frithchiníochas i mbliana. Chuige sin, tá muid ar bís gur pairtnéireacht oifigiúil na Féile iad an feachtas Kind Economy arís, a éilíonn #TógAnCosc atá roimh iarrthóirí tearmainn a bheith ag obair sna 6 chontae, sa Lón Mór an Phobail bliantúil. Ar a bharr sin, aibhsíonn an fhéile i mbliana foréigean in éadan na mban atá ag méadú gach bliain in Éirinn.

Ar ndóigh, tá an siamsaíocht chomh luachmhar céanna leis na gnéithe eile agus beidh 8 lá spraoiúil againn i mbliana arís. Tá muid ar bís le fógairt go gcuirfidh cuid de na ceoltóirí áitiúla is fearr deireadh leis an fhéile le ceolchoirm i dTearmann Ériu. Thar ceann an choiste stiúrtha, ba mhaith linn fáilte mhór a chur roimh chách a bheith linn chun brí phobail, dlúthpháirtíochta, ceiliúrtha agus folláine a chothú agus a cheiliúradh!

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge