Is mise Bríd Nig Aoidh agus is mé an tOifigeach For-Rochtanna Pobail Nua ag CLG Laochra Loch Lao, post a thosaigh mé i mí na Bealtaine. Mothaím go bhfuil an t-ádh dearg orm gur bhfuair mé an phost seo le Laochra Loch Lao. Is post ar leith é agus tá sé speisialta le bheith ag obair le pobal na Gaeilge anseo in Iarthar Bhéal Feirste.
Is as an Chreagan mé go dúchasach ach tá cónaí orm i mBéal Feirste anois, agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag baint sult as mo shaol sa chathair! Bhí mé mar bhall den Chumann Luthchleas Gael mo shaol ar fad agus, mar sin, tuigim cé chomh tabháchtach is atá na cumainn inár gceantair.
Roimh an phost seo, d’oibrigh mé san earnáil teilifíse le comhlacht neamhspleách a mbíonn ag léiriú cláracha Gaeilge do TG4, RTÉ agus BBC. Fuair mé taithí den chéad scoth sa phost sin, idir ag obair san earnáil Gaeilge agus ag bualadh le pobal na Gaeilge thart na tíre.
Mar pháirt de mo phost mar Oifigeach For-Rochtanna Pobail, bím ag plé le baill na Laochra go rialta, le himeachtaí a chur ar fáil dóibh agus tógáil a dhéanamh ar an phobal atá againn anseo sa chumann.
Bím i gcónaí sásta cluinstin ón chumann agus na baill má tá moladh nó comhairle acu faoi dhóigheanna go dtig liom a fhorbairt chomh maith! Tá mé ar bís le bheith ag obair leis an chumann sa todhchaí atá amach romhainn agus le cur leis an chumann agus leis an phobal galánta atá againn anseo i Laochra Loch Lao!
