Thosaigh mé amach ag freastal ar ranganna Chraobh Uí Thuama nuair a thosaigh siad i mí Mheán Fómhair 2023 chun ‘Cúpla Focal’ a bhaint amach chun go mbeinn in ann cuidiú le hobair bhaile mo mhic mar go bhfuil sé ag freastal ar Ghaelscoil agus go raibh mé ar bheagán Gaeilge.
Tá i bhfad níos mó i gceist leis na ranganna seo ná díreach bealach chun cuidiú le mo mhac. D’aimsigh me pobal galánta dom féin a dhéanann ceiliúradh ar an Ghaeilge; bhain mé mo theastas ‘Cúpla Focal’ amach agus tá mé anois ag obair i dtreo an fháinne airgid, agus ag baint suilt as gach uile bomaite.
Tá na múinteoirí dochreidte maith; rachaidh siad siar ar rudaí a mbíonn an rang ag streachailt leo agus tá siad iontach stuama. Ní dhéantar aon bhreithiúnas sa rang, díreach ag stiúradh agus ag ceartú. Tá réimse leathan de dhaoine agus d’aoiseanna ag freastal ar na ranganna, agus cúiseanna éagsúla ag gach uile duine as a bheith ann. Is mór an pleisiúr dom bheith mar chuid de rud éigin cosúil leis seo.
Sháraigh mé gach teorainn a leag mé síos dom féin agus tá mé go fóill ag dul. Tá mo gharthuismitheoirí anois ag labhairt i nGaeilge fiú! Cuirim orthu an méid atá acu a úsáid. D’fhorbair obair bhaile mo mhic (an fáth ar thosaigh mé ag foghlaim ar an chéad dul síos) ó dhúshlán go bealach domsa chun mo Ghaeilge a úsáid sa bhaile agus níos mó a fhoghlaim mé féin.
Bhuail mé le roinnt daoine iontacha sna ranganna agus tá an craic go hiontach. Níl deireadh riamh leis agus eagraítear imeachtaí i rith an téarma i gcónaí, chun ár n-eispéireas foghlama a chur chun cinn. Bíonn go leor cleachtaidh againn ag caint le baill eile den rang agus is bealach iontach é sin chun muinín a chothú i labhairt na teanga.
D'fhoghlaim mé fiú go raibh mo theaghlach féin ina mbaill bhunaidh de Bhunscoil Phobal Feirste sna 1970idí, rud a thugann ar ais mé go dtí mothú na ranganna. Ní fhágtar aon duine ar lár. Foghlaimímid ag luas atá oiriúnach do gach duine, le ranganna de gach leibhéal ar fáil.
Chuaigh mé isteach i gCraobh Uí Thuama ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ach ina áit, tá pobal aimsithe agam ar breá liom a bheith páirteach ann agus ceann a léiríonn m'oidhreacht agus a ligeann dom glacadh leis. Tá i bhfad níos mó i gceist le Craobh Uí Thuama ná 'ranganna Gaeilge' amháin. Cuireann sé tú i gcroílár phobal na Gaeilge; ní thiocfadh liom seo a shamhlú nuair shiúil mé isteach i mo chéad rang i mí Mheán Fómhair 2023.
Tháinig borradh faoi mo ghrá don Ghaeilge anseo agus molaim d'aon duine atá ag smaoineamh ar pháirt a ghlacadh ann, 'NA HABAIR É, DÉAN É!' - Don’t say it, do it!
