Tá muid dearg, dearg le fearg!

Ar an 20ú de mhí Mheán Fómhair, chuaigh na mílte Gaeil chun na sráide i mBaile Átha Cliath mar pháirt den Agóid Náisiúnta na nGael
Tá muid dearg, dearg le fearg!

Ar an 20ú de mhí Mheán Fómhair, chuaigh na mílte Gaeil chun na sráide i mBaile Átha Cliath mar pháirt den Agóid Náisiúnta na nGael, ar son ár dteanga agus ar son ár gcearta. Bhí na himreoirí agus na baill Laochra ina measc, lenár mbród agus lenár dtacaíocht a thaispeáint!

Bhí orainn ár dtacaíocht a thabhairt ag an ágóid, mar gheall ar stádas na Gaeilge anseo sa Tuaisceart agus ó Dheas, ó thaobh maoiniú de, ó thaobh oideachais de agus ó thaobh cearta de. Chomh maith leis sin, is léir go bhfuil géarchéim tithíochta le feiceáil sna Gaeltachta fud fad na tíre ag an bhomaite seo agus, mar sin, mothaíonn muid uilig gur chlis an rialtas orainn.

Roimh na hágóide, rinne muid seisiún ealaíne leis na páistí, agus tharraing siad póstaeir agus chruthaigh siad méirigí den scoth le glacadh chuig Baile Átha Cliath. Bhí am ar dóigh againn, ag ullmhú don mhórshúil.

Is club CLG lán-Ghaeilge muid agus is teanga laethúil í Gaeilge dúinn anseo i Laochra Loch Lao. Tá sé an-tabháchtach dúinn uilig, imreoirí óga, imreoirí sinsear agus gnáthbhaill den chumainn, go bhfuil an stádas ceart ag an Ghaeilge in achan ghné den phobail.

Is cinnte go raibh guth na Laochra le cluinstin i mBaile Átha Cliath!

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge