Tá mac trí bhliain d’aois agus iníon amháin atá bliain d’aois agam agus tá mé á dtógáil le Gaeilge. Is mór an chuidiú an seirbhís teaglaigh a chuireann Fís an phobail ar fáil, bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúil ó cheann ceann na bliana. Idir ghrúpa tuistí agus tachrán seachtainiúil go dtí am scéalaíochta agus scéim samhraidh teaghlaigh. Níl eagraíocht ar bith eile a chuir na seirbhísí rialta/ leanúnach ar fáil trí mhéan na Gaeilge sna sé chontae go bhfios dom.
Tá muid ag freastal ar am scéalaíochta le breis is bliain, rud a spreag suim mhór sna leabhair sa teach s’againne, go háirithe mo mhac. Bíonn sé ag súil go mór leis an seisiún scéalaíocht agus d’fhoghlaim sé an-chuid rannta agus amhráin tríd freastail ar an ghrúpa. Tá cur amach aige anois ar cén dóigh le leabhair a fháil ar iasacht ón leabharlann. Chuir an scéalaíocht go mór leis an réimse foclóireacht atá aige agus a chumas teanga chomh maith le scileanna sóisialta tríd cairdeas a fhorbairt leis an páistí eile sa ghrúpa. Tá mé fíor-bhuíoch go bhfuil an seirbhís seo ar fáil, measaim go bhfuil sé rí-thábhachtach go bhfuil cuir amach ag páistí ar scéalta agus litríocht sna luathbhlianta chun an samhlaíocht a spreagadh agus ar mhaithe le forbairt mhothúchánach. Tarlaíonn an méid is mó sealbhú teanga sna céad trí bliana de shaol an pháiste, tá géar-ghá mar sin leis an tseirbhís trí mhéan na Gaeilge do pháistí atá dá-theangach roimh dul chun na naíscoile.

Bíonn suí agus scíth ann gach Céadaoin, is deis iontach é chun buaileadh le tuismitheoirí eile atá a dtógáil a chuid páistí le Gaeilge agus atá ag plé le gnáth rudaí a thagann leis an tuismitheoireacht- easpa codladh, cothú, taomanna móra agus roghanna oideachais. Cuireann Sorcha an-chuid gníomhaireachtaí ar fáil do na páistí saor-súgradh, cluichí, ealaín, a rogha ceoil agus bíonn deis ag tuismitheoirí comhrá agus caifé a bheith acu.
Tá luach faoi leith ag baint le ról an comhordaitheoir tacaíochta teaghlaigh agus páistí a thógáil agat le Gaeilge, agus domsa is é an áis is tábhachtaí, taobh amuigh de na grúpaí rialta a chuirtear fáil coinnítear ar an eolas fá imeachtaí teaghlaigh trí mhéan na Gaeilge, grúpaí spóirt, imeachtaí eile thart ar Bhéal Feirste do na haois ghrúpaí éagsúla. Ba mhaith liom go mbeidh deis ag na páistí Gaeilge a úsáid go sóisialta sa phobail taobh amuigh den chóras oideachais agus iad ag fás aníos. Cuireann an líonra cumarsáide atá cruthaithe ag an comhordaitheoir go mór leis na deiseanna sin a chuir ar fáil dóibh.
