Tá sé contúirteach fosta go gcaillfidh muid tuiscint ar cad is Ghaelscolaíocht ann!
Tá sleamhnú fadálach ag tarlú lenár n-earnáil. Thosaigh an earnáil le díograiseoirí agus tiománaithe agus daoine le fís Ghaelach. Tá go leor inár n-earnáil anois a tchí mar scoil í an Ghaelscoil a dhéanann gach rud a dhéanann an scoil Bhéarla, ach trí mheán na Gaeilge. Is clár leanúnach é seo ag na húdaráis fosta chun an earnáil a dhíriú i dtreo earnáil trí mheán na Gaeilge in áit Gaeloideachais. Ní dóigh liom gur seo an scoil a d’fhreastal mé féin uirthi, agus ní dóigh liom gur seo an scoil ar fhás mé aníos léi.
Foilsíodh curaclam ó Thuaidh i 1989, ní raibh fiú tagairt déanta don Ghaeloideachas, i 2007 tháinig an t-athbhreithniú agus arís bhí an Ghaeloideachas fágtha gan freagraí agus gan mórán de stádas. Fiche bliain eile agus ná bíodh iontas oraibh nach bhfuil an Ghaeloideachas mar thosaíocht ag na húdaráis arís sa churaclam úr atá romhainn (2026).
Scríobhadh curaclam agus cuireadh siollabas ar fáil le déanaí nach raibh radharc ag na Gaeil orthu. Ciallaíonn seo nach mbeidh an siollabas seo dírithe ar nó fóirsteanach don tumoideachas.
Ach is le triocha bliain anuas a rinneadh an sleamhnú. Bhí mé ag éisteacht le William Crawley ar na mallaibh ag comhdháil oideachais agus é ag cur síos ar an fhoghlaim staire a bhí aige. Dúirt sé nár fhoghlaim sé stair na hÉireann ar chor ar bith ach stair Shasana, ach go háirithe na Tudors.
Bhí aithne agam ar phríomhoide a chaith a shaol in oirthear na cathrach agus dúirt sé liom gur fhoghlaim sé agus gur theagasc sé gach abhainn, gach sliabh, gach phíosa staire a bhain le Sasana agus le h Albain, ach nuair a d’eirigh sé as a chuid oibre nach raibh a fhios aige an chiall a bhí le hainm na sráide, nó a ainm féin, nó aon stair a bhain leis an tír inár rugadh é. Thosaigh sé ar ranganna láithreach. Seo an chineál curaclam atá siad ag iarraidh a bhrú amach anois orainn uilig, stair a dhéanann neamhaird ar ár stair, litríocht atá dírithe ar an Bhreatain, a dhéanann neamhaird ar chultúr, ceol, damhsa, ealaín na tíre seo, seoid atá le roinnt le gach duine ach a bheas gan luach sa todhchaí muna ndéanann muid rud inteacht.
Nuair a thosaigh mé féin ag teagasc dúirt an speisialtóir staire ón Bhord leabharlainne liom gur iad Bliots Londain agus Corónú Bhanríon Shasana an dhá théama a bhí le teagasc agam sa rang. Ina dhiaidh díospóireachta bhí téamaí eile á theagasc agam!
Is curaclam dúchasach atá de dhith orainn. Chun conspóid a sheachaint, baineann oideachas dúchasach leis an talamh, leis na scéalta a bhaineann leis an talamh, leis an stair a bhaineann leis an talamh sin. Tháinig agus d’imigh achan chineál duine chun na tíre seo le cúpla míle bliain anuas agus tá imircíocht ag tarlú go fóill. Is gné nádúrtha é seo i saol na nGaeil. Níl mé ag caint ar imircíocht nó ar dhaoine dúchasacha, níl mé cinnte an féidir duine dúchasach a shainmhíniú in Éireann.
Tá mé ag caint ar an áit seo, agus fios a bheith againn ar cá bhfuil muid inár gcónaí, cad é a tharla anseo, cad é a tharlaíonn anseo, an ciall atá le logainm. Sílim gur cheart fios a bheith ag daoine cad is ciall le hainm agus sloinne. Silim go bhfuil seo de dhith chun tuiscint a bheith againn ar áiteacha eile agus cad é a tharlaíonn in áiteacha eile. Tá an stát ag brú cláir coilíneach nach féidir glacadh leis. Muna bhfuil tuiscint láidir againn orainn féin is fusa do mheánchultúr seilbh a ghlacadh, cultúr gan bhunsraith.
Ag amharc siar, bhí muid ar snámh ó thaobh labhairt na Gaeilge de le tamall. Tharla dhá rud leis an teip a shoiléiriú; na meáin shóisialta agus an Phaindéim.
Níl cumarsáid mar a bhíodh, níl páistí ag labhairt mar a bhí siar sa lá, tá an modh cumarsáide athraithe ach níor athraigh cur chuige na scoileanna chun plé leis seo. Tá na meáin níos contúirtí do mhiontheangacha ná don Bhéarla (agus deirfidh lucht an Bhéarla go bhfuil na meáin ag déanamh dochar don Bhéarla). Tá stráitéis scoile agus pobail de dhith.
Le linn na paindéime chonacthas na bearnaí i nGaeilge na bpáistí, agus tá na scoileanna ag plé le tionchar millteanach na tréimhse sin ó thaobh teanga de ó shin. Bhí ár gcuid n-iarrachtaí ag streachailt ach bhí muid ar snámh in éadan an tsrutha agus nuair a druideadh na scoileanna tháinig rabharta an Bhéarla aniar aduaidh ar achan rud a bhí á dhéanamh againn. Níor éirigh linn theacht ar ais chuig an phointe sin ó shin, fiú gur lag an áit í ina raibh muid, tá muid níos faide siar ó shin. Tá an fhoghlaim agus an teagasc agus an táithí scoile go hiontach, ach tá labhairt na Gaeilge in áit bhocht.
Cúntóirí teanga
Fiche bliain ó shin cuireadh tús le rud d’arbh ainm MAGS1 (making a good start 1), an chéad scéim phíolóta le cuntóir ranga buan a bheith i R1 ( i ngach scoil), agus cúpla bliain ina dhiaidh sin tháinig MAGS2 i bhfeidhm.
Ó shin, bhain na Gaelscoileanna an-tairbhe as cúntóireacht bheith i R1 agus R2 mar gheall ar shealbhú teanga, ach i bhfírinne, bhí an cúntóireacht céanna ar fáil ag scoileanna Bhéarla i rith ama. Cé go raibh teanga bhreise, easpa áiseanna, easpa pleanála, easpa treorach ann, ní raibh duine ar bith breise curtha ar fáil dúinne.
Bíonn orainne fostaíocht sa bhreis a chur ar fáil sa Naíonra, Naíscoil, agus go minic i R1 chun plé le sealbhú teanga. Níor ghlac na húdaráis ariamh leis an chás go raibh tacaíocht ar leith de dhith maidir leis an tumoideachas. Is iad na rátaí céanna ó thaobh duine fásta agus dálta atá againn agus atá ag earnáil an Bhéarla.
Tá gá le cásanna láidre a chur chun cúntóirí teanga a fhostú mar gnáth fhoireann scoile (nach iad cúntóirí speisialta, mar tá obair mhór idir lámha acu siúd cheánna féin)
Fostaíonn muidinne duine sa bhreis sa Naíscoil chun an cóimheas a ísliú. Is cóimheas 1 duine fásta do gach trí pháiste déag (1/13) an figiúr naíscoile. Ach ní oibríonn sin i nGaelscoil. Samhlaigh ag iarraidh ár gcóras tumoideachais a chur i bhfeidhm leis an chóimheas sin. Déanann muidinne é le cóimheas de 1/9, agus i bhfírinne bheinn ag iarraidh 1/6 chun saibhreas agus cruinneas a fhorbairt sna páistí. Seo an chéad chath i dturas na Gaelscolaíochta, an turas réamhscolaíochta a áisiú mar is ceart le daoine.
Agus mé ag caint ar áiseanna! Gan éisceacht, bhí moill shuntasach nó cosc iomlán ar gach uile áis a cuireadh i gcló le linn mo chuid ama mar dhalta, mar mhac léinn, mar mhúinteoir agus mar phríomhoide. Nuair a bhí scéimeanna deasa úra ag na scoileanna Béarla, bhí orainne fanacht, go minic ar feadh blianta, leis an scéim nó áis céanna a bheith ar fáil againn. Dúradh liom ó oifigeach sinsearach sna húdaráis go raibh mé míréasúnta ag iarraidh na háiseanna seo a bheith agamsa ag an am céanna le mo chuid comhghleacaithe earnáil an Bhéarla! Is léir nach bhfuil an córas in ann áiseanna a chur ar fáil mar gheall gur bhain ministir stáit maoiniú, ach tá maoiniú úr de dhith leis seo a fhorbairt.
I measc na n-aiseanna nach bhfuil againn ná measúnaithe. Rinneadh athbhreithniú measúnaithe (Tim Oates 2026) ar na mallaibh agus rinneadh moltaí láidre san athbhreithniú fán ghá atá le forbairtí suntasacha chun an easpa atá againn a réiteach. Tá ionad áiseanna agus measúnaithe Uile-Éireann de dhíth.
Fá láthair tá an cur chuige scartha.
Tugadh cuairteanna agus rinneadh caidrimh agus nascanna thar na blianta le hoideachasóirí sa Bhreatain Bheag agus in Albain mar shampla. Sílim go mbeadh sé fiúntach Fóram na n-oideachasóirí dúchasacha a bhunadh, ach a bheith ar fáil do lucht Oileán Mhanann, muintir Kernow (Corn na Breataine), Éireann ina iomláine, an Bhreatain Bheag agus Albain.
Bheadh foghlaim óna chéile an-úsáideach ach is cumhacht agus tionchar agus abhcóide dírithe ar údaráis agus rialtais an príomhchúis leis an fhóram. Tá eagraíochtaí againn ar ndóigh ó thuaidh agus ó dheas ach creidim go mbeadh luas agus éifeacht láidir le fóram idirnáisiúnta (agus ag an tús Ceilteach) ar theachtaireacht an eolas dúchasach a fhorbairt agus a roinnt agus a ardú mar choincheap. Chomh maith leis sin, laghdódh sé claontachas daoine.
Amach anseo, bheinn ag iarraidh an Fóram a leathnú amach, muintir Aotearoa, muintir Sammi, muintir Bhriotáinís.
Mar fhocal scoir, ní thig linn leanstan ar aghaidh sa 50 bliain atá romhainn ag glacadh leis na deirce a thugtar dúinn. Tá muid fréamhaithe sa phobal anois agus cearta againn nach raibh ariamh. Is samplaí (chan liosta deiridh) an ceithre mholadh thuas den chineál aird atá de dhíth ar an earnáil chun muid a chur ar fhód níos buaine.
