Is cuimhin liom go fóill an chéad uair a rith mé amach ar an pháirc le mo chomhimreoirí Faoi 10, blianta fada ó shin. D'imir muid i gcomórtas a bhí á reáchtáil ag Seamróga an Iúir agus bhain muid sult as a bheith ag imirt — agus ag buachan — an lá ar fad go dtí gur shroich muid an cluiche ceannais, áit ar casadh Cooley Kickhams orainn. Agus thug siad cic maith dúinn, gan dabht! Buaileadh muid go maith, ach chruthaigh muid cuimhní agus cairdeas a mhairfeadh ar feadh an tsaoil. Níos tábhachtaí fós, chuaigh muid abhaile spreagtha le cleachtadh, le feabhsú agus le teacht ar ais níos fearr an chéad lá eile.
Agus mé anois ag druidim le 40 bliain níos faide ar aghaidh, thig liom mionsonraí an lae sin a thabhairt chun cuimhne go fóill.
Dar liomsa, léiríonn sin an tábhacht a bhaineann le laethanta ar nós Lá do Bhláthnaid.
Tá súil againn go mbeidh ár mbuachaillí agus ár gcailíní Faoi 10 ag amharc siar ar Bhlitz do Bhláthnaid leis an chineál chéanna cuimhní cinn. “An cúl sin a scóráil mé”, “an bloc sin a rinne mé”, “an cluiche sin a bhuaigh muid le scór ag an bhomaite deireanach” — sin iad na rudaí a fhanann linn agus a roinneann muid lenár gcomhimreoirí.

Tá rud inteacht iontach speisialta faoi neamhurchóideacht, spleodar agus diongbháilteacht foirne de Ghaeil óga. Is deacair an mothúchán sin a shárú. Spreagann eispéiris mar seo na páistí fosta leis an liathróid a thógáil arís an lá dár gcionn, lena gcuid scileanna a chleachtadh agus le bheith ag brionglóid faoi bheith níos fearr fós an chéad uair eile a chuireann siad geansaí an chlub orthu.
Mar chóitseálaithe, caitheann muid seachtainí, míonna agus blianta ag cuidiú lenár n-imreoirí scileanna ár gcluichí a fhorbairt. Sa deireadh thiar thall, ba mhaith linn go mbeadh siad ábalta na scileanna sin a chur i bhfeidhm lena gcomhimreoirí i dtimpeallacht iomaíoch cluiche.
Dé Sathairn, sin go díreach an rud a fuair siad an deis a dhéanamh.
D'imigh gach imreoir óg a ghlac páirt abhaile lena chuimhní féin. Le himeacht ama, imeoidh cuid mhór de na mionsonraí beaga, ach fanfaidh cúpla nóiméad speisialta leo go deo.
Agus sin atá i gceist le laethanta mar seo i ndáiríre.
Níos Mó ná Peil
Cé go raibh na cluichí peile i lár an aonaigh, bhí lá iontach spraoi do theaghlaigh ar siúl ar fud na Spórtlainne fosta.
Bhain páistí agus teaghlaigh sult as na caisleáin phreabacha, péinteáil aghaidhe, candy floss agus grán rósta. Bhí na tuismitheoirí ábalta comhrá a dhéanamh agus iad ag baint sult as na cluichí, agus bhí na páistí ábalta imeacht thart agus spraoi a bheith acu i dtimpeallacht shábháilte, agus Gaeil thart orthu ag tabhairt aire dá chéile.
Bhí lúcháir le feiceáil cibé áit ar amharc tú.

Bhí ciorcal comhrá ar siúl mar chuid den lá fosta, ag tabhairt deis do dhaoine teacht le chéile, Gaeilge a labhairt agus sult a bhaint as an teanga i suíomh sóisialta cairdiúil. Míle buíochas le Pádraig Ó Mathúna agus Foxy as an chiorcal comhrá a stiúradh agus as cur go mór le hatmaisféar Gaelach an lae.
Sin ceann de na buntáistí móra a bhaineann le bheith mar chuid den phobal Gaelach. Ní bhaineann sé leis an rud a tharlaíonn idir na línte bána amháin. Baineann sé le cairdeas, dlúthpháirtíocht, muintearas agus an sult simplí a bhaineann le bheith le chéile mar phobal.
Ba phribhléid é a bheith mar chuid de.

Míonna Oibre Taobh Thiar de Lá Speisialta Amháin
D'imigh imeachtaí an lae, ar an pháirc agus taobh amuigh di, gan stró. Níor tharla sin de thaisme.
Bhí seachtainí agus míonna oibre curtha isteach leis an mhionsonra dheireanach a eagrú.
Go gairid i ndiaidh dúinn ár mball óg club Bláthnaid a chailleadh i ndiaidh tréimhse tinnis, tháinig grúpa oibrithe deonacha ón chlub le chéile le smaoineamh simplí: rud inteacht speisialta a dhéanamh le cuimhne Bhláthnaid a cheiliúradh agus airgead a thiomsú do Brainwaves, an carthanas a thug tacaíocht do Bhláthnaid agus dá teaghlach.

As sin, thosaigh an obair.
Cuireadh na háiseanna in áirithe. Tugadh cuireadh do chlubanna. Eagraíodh na cluichí. Pleanáladh imeachtaí an lae teaghlaigh. Fuarthas oibrithe deonacha. Réitíodh na páirceanna.
Agus ansin, ar ndóigh, tháinig ceann de na codanna ba thábhachtaí — an bia agus na deochanna. Cén mhaith é mura bhfuil greim bia ann?
Fuair gach foireann ar cuairt lón sláintiúil pacáilte le cuidiú leo an fuinneamh a chur ar ais iontu i ndiaidh a gcuid iarrachtaí ar an pháirc. Choinnigh ár seastán tae agus caife, a bhí á reáchtáil ag foireann iontach oibrithe deonacha, an lucht tacaíochta sásta agus, ag an am chéanna, thiomsaigh siad suim iontach airgid do Brainwaves.
GRMA do Karen, Éirinn, Breanda, Gráinne agus Oisín as jab chomh maith sin a dhéanamh.
Eagraíodh BBQ fosta i ndiaidh bhlitz na mbuachaillí, blitz na gcailíní agus blitz na mná leath luas. De réir na scuainí roimh ré agus na bplátaí folmha ina dhiaidh, sílim go ndeachaigh sé síos maith go leor! Thig liom a dheimhniú ó mo thaithí féin go raibh na burgair agus na madraí te ar fheabhas.
Míle buíochas le Dónal ó Bhia Loch Lao sa Chultúrlann as lónta pacáilte na n-imreoirí agus an BBQ a chur ar fáil. Gael den scoth atá ann a bhí breá sásta tacú leis an ócáid nuair a iarradh air.

Na Daoine a Chuir an Lá i gCrích
Ní tharlaíonn laethanta mar seo gan oibrithe deonacha.
Bhí Bríd Nic Aoidh, Oifigeach For-rochtana Laochra Loch Lao, lárnach i smaoineamh, in eagrú agus i gcur i gcrích na hócáide. Ón tús ar fad, bhí Bríd i dteagmháil go dlúth le tuismitheoirí Bhláthnaid, Pádraigín agus Piaras, lena chinntiú go raibh siad sásta lenár bpleananna agus go raibh siad i gcroílár gach rud a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh.
Bhí sin ríthábhachtach do rath an lae.
Bhí coiste an chlub breá sásta tacú leis an ócáid ar achan dóigh ab fhéidir, an tacaíocht airgeadais san áireamh, rud a bhí riachtanach le lá chomh mór agus chomh huaillmhianach seo a chur ar siúl.
Bhí bainisteoirí ár bhfoirne peile Faoi 10, idir bhuachaillí agus chailíní — Fearghal, Gearóidín agus Katherine — iontach sásta an deis a thabhairt dá bhfoirne a bheith páirteach agus thug siad cuidiú mór dúinn leis an lá a eagrú.

Ba chóir dóibh a bheith iontach bródúil as an dóigh ar imir a gcuid imreoirí agus, chomh tábhachtach céanna, as an dóigh ar léirigh siad an club i rith an lae.
Tá todhchaí gheal roimh Laochra Loch Lao.
Tacaíocht ó Spórtlann na hÉireann
Bhí Spórtlann na hÉireann iontach sásta tacú le Lá do Bhláthnaid ón tús.
Ní thiocfadh le Seán Óg Mitchell agus a fhoireann níos mó a dhéanamh dúinn agus tá muid iontach buíoch díobh as an tacaíocht ar fad.
Chuidigh Joe McNally agus Tiernan Mac Siacais linn na páirceanna a réiteach, an carrchlós a stiúradh agus a chinntiú go raibh gach duine sábháilte i rith lá iontach gnóthach.
Chuir Spórtlann na hÉireann an áis ar fáil saor in aisce fosta, rud a chinntigh go dtiocfadh le níos mó den airgead a tiomsaíodh dul díreach chuig Brainwaves.

Bhí ár gcomhordaitheoirí páirce, Liam Knocker agus Dee, ag stiúradh na sluaite i rith an lae, ag coinneáil na gcluichí in am agus ag eagrú grianghraif foirne do na clubanna ar fad a bhí ar cuairt. Cuir beagán garchabhrach isteach sa mheascán agus is beag seans a fuair siad a gcos a ligean leo i rith an lae!
B'fhéidir nár thug cuid mhór daoine faoi deara an obair sin agus iad ag baint sult as an ócáid, ach bhí sí ríthábhachtach do rath an lae. Tá muid iontach buíoch díobh as achan rud a rinne siad.
Ag Tabhairt Ar Ais don Chéad Ghlúin Eile
Ní bhíonn sé furasta a bheith i do réiteoir, ach bhí Tarlach Barclaigh, Oisín Mac Crabhagáin agus Rachael breá sásta cuidiú nuair a iarradh orthu.
Ní amháin go raibh siad ag réiteoireacht i rith an lae, ach thapaigh siad an deis fosta spreagadh, treoir agus comhairle a thabhairt dár n-imreoirí óga.

Tá sé fíorluachmhar, ó thaobh fhorbairt na gcluichí de, triúr dár n-imreoirí sinsir reatha a fheiceáil ag tabhairt a gcuid ama leis an chéad ghlúin eile d'imreoirí an chlub a fhorbairt.
Sin an rud atá i gceist le club a thógáil — glúin amháin ag cuidiú leis an chéad ghlúin eile.
Maith sibh, agus leanaigí oraibh!
Ár gCeannairí Óga
Bhí an halla istigh lán le fuinneamh agus le spleodar, agus páistí agus teaghlaigh ó na clubanna uilig ag baint sult as gach rud a bhí ar fáil mar chuid den lá spraoi.
Arís eile, ní bheadh sé seo indéanta gan ár gcuid oibrithe deonacha.
Sheas cuid dár gcailíní Faoi 16 chun tosaigh le cuidiú leis na himeachtaí éagsúla a reáchtáil. Bíonn siad i gcónaí sásta lámh chúnta a thabhairt ag ócáidí club agus léirigh siad ceannaireacht den scoth arís eile.

Bhí Emily, Caeda, Saorlath agus an chuid eile de na cailíní ar fheabhas ina gcuid ról — go háirithe agus iad ag plé le páistí a bhí thar a bheith tógtha leis an lá!
Chuidigh a gcuid oibre lena chinntiú go raibh na himeachtaí sábháilte agus taitneamhach do chách. Luaigh roinnt tuismitheoirí dea-obair na gcailíní i rith an lae, agus bhí an ceart acu.
Tá na baill óga seo den chlub ag foghlaim cheana féin nach mbaineann a bheith i do Ghael leis an chluiche a imirt amháin. Baineann sé le cur le do chlub agus le do phobal.
Dóchas do Bhláthnaid
Tháinig ceann de na chuimhneacháin ba mhó mothúchán sa lá i ndiaidh na mblitz Faoi 10.
Chruinnigh cóitseálaithe agus imreoirí na foirne is óige againn, Leanaí Loch Lao, le chéile ar an pháirc le geansaí club fíorspeisialta a sheoladh in ómós dá gcomhimreoir agus dá gcara Bláthnaid:
‘Dóchas do Bhláthnaid’.
Labhair Cathaoirleach an Chlub, Ciarán Mac Giolla Bhéin, faoin tionscnamh sular chuir sé bainisteoir Leanaí Loch Lao, Pádraig Ó Tiarnaigh, in aithne. Sheol Pádraig an geansaí nua go hoifigiúil in éineacht le comhimreoirí óga Bhláthnaid agus a gcuid cóitseálaithe.

Labhair Pádraig faoi Bhláthnaid, faoin tionchar a bhí aici ar phobal ár gclub agus faoin mhian atá againn a chinntiú go mbeidh a cuimhne mar chuid de Laochra Loch Lao go deo.
Ba nóiméad speisialta é agus meabhrúchán fóirsteanach ar an fhíorchúis ar tháinig achan duine le chéile an lá sin.
Ghoid Laochra Leath Luas an tSeó
I ndiaidh mhothúchán sheoladh an gheansaí, bhí sé in am do pheil dháiríre — bhuel, cineál ar bith!
Thug ár bhfoireann Laochra Leath Luas, aghaidh ar ár gcomharsana, O'Donnell's, i gcluiche dúshláin.
Má shíl duine ar bith nach mbeadh mórán siamsaíochta sa chluiche seo, cruthaíodh go raibh siad contráilte go gasta. Cluiche den scoth a bhí ann!

B'fhéidir gur tháinig an gháir ba mhó den lá ar fad nuair a scaoil finscéal Laochra, Róisín, roicéad de chic a d'eitil thar an trasnán leis an bhratach bhán a ardú.
Bhí bainisteoir na foirne, Bréanda, iontach tógtha leis — cé go raibh sí gasta lena chur in iúl gur mhúin sí an cic sin di ag traenáil!
Cuimhní a Ghabháil
Bhí The Irish News i láthair leis an lá a chlúdach, chomh maith leis an tuairisceoir áitiúil Aodhán Ó Baoill, atá ag déanamh obair den scoth leis an Andersonstown News.
Bhí Marty Bayview, Gerard Black agus na grianghrafadóirí eile gnóthach i rith an lae ag glacadh grianghraf foirne, ag gabháil chuimhneacháin teaghlaigh agus ag tógáil pictiúir aicsin ó na cluichí.
B'fhéidir gur cuid bheag de lá chomh mór sin é seo, ach tá tábhacht mhór leis.

Is mór an spreagadh é do Ghaeil óga iad féin agus a gcomhimreoirí a fheiceáil i dtuairiscí nuachta, i ngrianghraif foirne agus i bpictiúir aicsin. Tugann sé mothú dóibh go bhfuil tábhacht leis an rud atá siad a dhéanamh agus spreagann sé iad le fanacht páirteach, le cleachtadh agus le leanúint orthu ag feabhsú.
Do thuismitheoirí agus do theaghlaigh, tá na grianghraif sin níos luachmhaire arís.
Gabhann siad chuimhneacháin a mbeidh muid ábalta amharc siar orthu le mórtas agus le gean sna blianta atá romhainn — díreach mar atá mise ábalta cuimhneamh ar an chomórtas Faoi 10 sin beagnach 40 bliain ó shin.
Níos mó ná £1,700 do Brainwaves
Bíonn costas suntasach ag baint le hócáid ar an scála seo.
Caithfear íoc as áiseanna, trealamh, imeachtaí, bia, ábhair agus cuid mhór rudaí eile.
Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le Dónal ó Bhia Loch Lao as na lónta agus an BBQ a chur ar fáil, leis an Chiste Spreagtha as an mhaoiniú a chuir siad ar fáil, le Spórtlann na hÉireann as an ócáid a óstáil, agus le CLG Laochra Loch Lao as achan rud a thabhairt le chéile agus an lá speisialta seo a chur i gcrích.

Chiallaigh sin go dtiocfadh leis an airgead a tiomsaíodh dul díreach chuig Brainwaves.
Thug gach club a ghlac páirt sna blitzeanna síntiús don charthanas. Cuireadh leathanach JustGiving ar bun agus scaipeadh go forleathan é, agus bhí ár mbuicéad síntiús ag an seastán tae agus caife beagnach ag cur thar maoil faoi dheireadh an lae.
Ag deireadh an lae, bhí níos mó ná £1,700 tiomsaithe do Brainwaves.
Is rud é sin ar chóir do gach duine a bhí páirteach ann a bheith iontach bródúil as.
Ach b'fhéidir nach é an t-airgead a tiomsaíodh, líon na gcluichí a imríodh ná fiú líon na mburgair a itheadh an tomhas is fearr ar rath an lae.
Ba é an rud ba speisialta ná na céadta duine a fheiceáil le chéile — páistí ag imirt, tuismitheoirí ag comhrá, oibrithe deonacha ag cuidiú, daoine óga ag taispeáint ceannaireachta, clubanna ag imirt in éadan a chéile agus Gaeil ag tabhairt aire dá chéile — agus iad uilig tagtha le chéile i gcuimhne ar chailín óg fíorspeisialta.

Thug Bláthnaid ár bpobal le chéile.
Leanfaidh a cuimhne uirthi ag déanamh amhlaidh.
I ndiaidh rath na bliana seo, tá CLG Laochra Loch Lao tiomanta do Lá do Bhláthnaid a dhéanamh ina ócáid bhliantúil, agus tá súil againn go bhfásfaidh agus go bhforbróidh sé bliain i ndiaidh bliana.
Mar sin, cuirigí an dáta sa dialann:
Dé Sathairn, an 21ú Lúnasa 2027.
Déanfaidh muid arís é.
Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis.
Dóchas do Bhláthnaid.
