Ardán 2026

Tháinig pobal na Gaeilge le chéile Dé Sathairn in Óstán Connachta, Contae na Gaillimhe, le páirt a ghlacadh sa chomórtas Ardán 2026
Ardán 2026

Is comórtas de chuid Glór na nGael é Ardán, a chuireann spotsholas ar an dea-obair in earnáil na Gaeilge, i réimse leathan de rannóga.

Ba mhór an pléisiúr d’Fhís an Phobail a bheith ainmnithe sa chatagóir ‘An Teaghlach’ ar an lá agus thaisteal Sorcha Ní Chathmhaoil agus Bríd Nig Aoidh go Gaillimh mar ionadaithe Fís, le caint ar son na heagraíochta faoi scáth Fís an Phobail; Ag Tógáil Clainne le Gaeilge. Bhí áthas orainn caint a thabhairt ar na seirbhísí a chuireann Ag Tógáil Clainne le Gaeilge ar fáil do theaghlaigh i gceantar Iarthar Bhéal Feirste, ar nós Suí agus Scíth agus Am Scéalaíochta. Ní thiocfadh linn labhairt ar an phobal bhríomhar de theaghlaigh Ghaeilge atá againn anseo gan tagairt a dhéanamh ar Laochra Loch Lao agus na seirbhísí agus cláracha teaghlaigh atá acu.

Ní hamháin go raibh muid lánsásta ár gcuid oibre féin a chur ar an Ardán ach bhí sé pléisiurtha ar fad a bheith ag éisteacht leis na heagraíochtaí agus pobail eile inár gcatagóir, agus obair na gcapall á dhéanamh acu in achan chearn den tír, ar son teaghlach le Gaeilge.

Ba mhór an ónóir dúinn gur bhain muid an chéad áit amach inár gcatagóir, catagóir a bhí iontach iomaíoch agus lán le beocht agus paisean. Tréaslaíonn muid le Tae agus Play, Contae Liatroma; le Céim ar Chéim, Contae Chorcaí agus le Gaeil Ruairí Óg agus Gaeil na nGlinntí, Contae Aontroma.

Comhghairdeas ó chroí le Glór na nGael as an ócáid spreagúil seo a eagrú agus gabhann muid ár mbuíochas leo as an chuireadh a thabhairt dúinn le bheith mar chuid den lá.  Níl aon amhras go bhfuil todhchaí gheal Ghaelach romhainn go léir!

 

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge