Pilleadh Uaimh na nDragan mar chuid de Mheitheal Mheantóireachta 2026

Tá an clár teilifíse ‘Dragon’s Den’ (nó ‘Shark Tank’ dóibh siúd atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe) feicthe ag achan duine ag an phointe seo...
Pilleadh Uaimh na nDragan mar chuid de Mheitheal Mheantóireachta 2026

Tá an clár bunaithe ar chlár Seapánach dar teideal ‘The Tigers of Money’ agus bíonn na rannpháirtithe ag lorg caipitil lena gcuid aislingí gnó a bhaint amach.

Déarfadh an té atá soiniciúil gurb é cuspóir na gclár ‘réaltacha’ seo ná an córas caipitlíoch a dhaonnú fríd phearsantachtaí móra gnó. Dar ndóigh, deirtear gur éirigh leis an fhear atá ina shuí sa Teach Bán faoi láthair mar gheall ar an íomhá a chothaigh na meáin de sa chlár siamsaíochta corparáideach eile, The Apprentice. 

B’fhéidir nach smaoineofaí riamh go mbeadh an clár teilifíse réaltachta seo in úsáid againn in Fís an Phobail mar mhúnla d’fhorbairt pobail, ach is ait an mac an saol!

Anuraidh, den chéad uair mar chuid den Mheitheal Mheantóireachta, ghlac rannpháirtithe páirt i gcomórtas ar thug muid an leasainm ‘Uaimh na nDragan’ nó ‘Dragon’s Den na Gaeilge’ air. Mar chuid den ócáid, d’oibrigh baill den Mheitheal i ngrúpaí le smaointe a fhorbairt do choincheapa nó d’imeachtaí éigin a rachadh chun leas phobal na Gaeilge. Bhí idir 10 agus 15 bomaite ag achan ghrúpa lena smaoineamh a chur i láthair do phainéal saineolaithe ón phobal (nó na Dragain, más maith leat).

Uaimh na nDragan

Bronnadh marcanna ar achan chur i láthair as nuálaíocht agus indéantacht, agus as an dóigh ar léirigh na grúpaí na ceachtanna a d’fhoghlaim siad le linn na Meithle. Mar shampla, an ndearna siad machnamh ar an bhuiséad? Ar smaoinigh siad ar aon mhaoiniú a d’fhéadfadh a bheith ar fáil don togra? An ndearna siad machnamh ar straitéis chun smaoineamh s’acu a chur chun cinn?

Lá spreagúil a bhí ann. Chuala muid faoi fhéilte pobail úra le tacú le heagraíochtaí cultúrtha nuabhunaithe, faoi fhéile a bhaineann le craobh úr de Chonradh na Gaeilge sa cheantar, agus faoi aipeanna foghlama teanga le cabhrú le foghlaimeoirí Gaeilge. Bhí ríméad orainn fosta comhpháirtíocht a bhunú le hImeachtaí na nAislinge, agus comhbhunaitheoir agus stiúrthóir s’acu, Connla McCann, a bhíonn mar shaineolaí ar phainéal na nDragan.

Uaimh na nDragan 2025

I gcodarsnacht leis an teilifís réaltachta as a fuair muid an t-ainm agus an struchtúr, ní bhaineann an ócáid seo le hindibhidiúlachas agus brabús. Ina ionad sin, tá sé fréamhaithe i bhforbairt pobail agus i spiorad na hathbheochana, agus muid ag iarraidh i gcónaí cur leis na smaointe réabhlóideacha a bhí ag na daoine a tháinig romhainn.

Bhí rannpháirtithe na bliana sa seomra boird i Raidió Fáilte ar na mallaibh lena gcuid smaointe a chur i láthair. I measc na smaointí bhí ‘An Dáil Dúlra’ – deireadh seachtaine cónaithe d’imeachtaí dúlra agus oidhreachta trí mheán na Gaeilge, agus gréasán sóisialta le cuidiú le Gaeil úra agus iad ag bogadh isteach sa cheantar. An buaiteoir i mbliana, áfach, ná branda éadaí darb ainm ‘Danú’ a chuirfeadh éadaí gaelacha eiticiúil ar fáil a bheadh ar díol mar chuid d’fhiontar sóisialta ag tob-siopaí agus féilte áitiúla. Agus iad ag cur síos ar an choincheap, dúirt Maithín Ó hÁgáin, duine de na buaiteoirí: ‘Is é an mána atá againn ná ‘Neart Ionat’ agus chruthaigh muid seo mar gheall ar nithe éagsúla, an banmhárú sa tuaisceart san áireamh, Dar ndóigh, tá sé seo ar cheann de na fadhbanna is mó atá againn in Éirinn agus bhí muid ag iarraidh léiriú do mhná go bhfuil neart iontu agus nascann sin arís le téama an bhandia (Danú) atá mar ainm an bhranda’.

Uaimh na nDragan 2026

Chuir an tÁgáineach leis sin agus é ag cur síos ar sprioc an tionscadail: “Bheadh muid ag iarraidh an t-airgead a bhfaigheadh muid ó na héadaí a chur i dtreo na Meithle Meantóireachta, ionas go dtig an scéim a neartú chun deis a thabhairt do níos mó Gaeilgeoirí ó chúlra lucht oibre i mBéal Feirste seal a chaitheamh in oideachas tríú leibhéal.”

Amach anseo, tá sé mar aidhm againn go gcuirfear coincheap na mbuaiteoirí i gcrích le spiorad foirne na gcohórt a thógáil agus gréasán na Meithle a neartú. Mar sin, coinnigh súil amach don tob-siopa ag ceann de na Féilte Gaeilge san iarthar an bhliain seo chugainn!

Ach roimhe sin, an chéad tasc eile ná ainm úr Gaelach a aimsiú don imeacht bliantúil spreagúil seo le tionscadal spreagúil pobail s’againne a dhealú amach ó luachanna gránna ‘Dragon’s Den’!

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le lucht Raidió Fáilte a chuir fáilte mhór romhainn ar an lá, go háirithe le Somhairle Mag Uidhir a sheas isteach sa bhearna bhaoil mar fhear an tí, le Connla McCann agus Eibhlín Nic Cormaic a bhí mar mholtóirí ar an lá, agus le hachan duine de na rannpháirtí as an ardchaighdeán scileanna cumarsáide agus smaointeoireachta nuálaíche a léirigh siad le linn an chúrsa.

 

An bhfuil spéis agat a bheith mar chuid den chéad chohórt eile den Mheitheal Mheantóireachta? Cuir r-phost ag eolas@fisanphobail le do spéis a léiriú.

 

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge