Tá féile mhór an gheimhridh ag druidim linn...

Ní gá duit bheith i do Chríostaí leis an Nollaig a cheiliúradh áfach. Bíonn muid uilig, idir óg agus aosta ag tnúth go mór leis an fhéile mhór.
Tá féile mhór an gheimhridh ag druidim linn...

IT’S beginning to look a lot like Christmas……

Tá féile mhór an gheimridh ag druidim linn. Ní gá duit bheith i do Chríostaí leis an Nollaig a cheiliúradh áfach. Bíonn muid uilig, idir óg agus aosta ag tnúth go mór leis an fhéile mhór. Craosaireacht agus saoirse, am teaghlaigh agus sneachta!

Áfach, an díol suime is mó a shonraigh mé féin ar na mallaibh, ná na foclaí “Nollaig Shona Duit” atá scríofa go tarraingteach in áiteacha poiblí difriúla fud fad na cathrach. Bí cúramach leis an tuiseal ginideach! Aaahh, gramadach na Gaeilge!

Nollaig Shona leis an litir i ag an deireadh agus Daidí na Nollag, crann Nollag gan an litir i ag an deireadh. Macasamhail an t-ainmfhocal Ulaidh. Cailleann an focal Ulaidh an litir i sa tuiseal ginideach uatha fosta, Cúige Uladh nó Gaeilge Uladh. Bígí airdeallach, a Ghaeilgeoirí!

Thug mé fá dear go bhfuil comharthaíocht Nollag i nGaeilge in airde go forleathan. Gan amhras, tá sé feicealách sa Cheathrú Ghaeltachta, ach ina theannta sin ag Cumann na Méirleach, Raidió Fáilte, Ionad Uí Chinnéide, Halla na Cathrach, ar imeall an halla, is fiú a rá  agus neart siopaí, bialanna agus tithe tabhairne. Bheadh sé ar dóigh dá mbeadh an nath cainte, Nollaig Shona nó Nollaig Shona duit/daoibh in usáid ag Béarlóirí fosta agus nach raibh feidhm leis an aistriúchán, mar an gcéanna le Feliz Navidad.

Sna laethanta giorra dorcha gruama an gheimridh roimh an lá mhór dár ndóighe, tugann na scoileanna solas an tsaoil agus soineantacht an duine óig chun tosaigh. Is tearmann iad i gcónaí scoileanna áiteacha sábháilte do pháistí óga. Ní raibh mé in amhras in am ar bith faoi seo, ach nuair a chuir mé eolas ar an obair cheannródaíoch fhadradharcach a dhéanann Páirtíocht Iarthar Bhéal Feirste (West Belfast Partnership Board) do scoileanna Bhéal Feirste, d’éirigh liom léargas níos doimhne a bheith agam.

Thréisigh agus dhaingnigh sé mo dhearcadh féin mar oideachasóir ar thábhacht na scoileanna sa phobal, ach go hairid in iarthar Bhéal Feirste, ceantar atá go fóill faoi mhíbhuntáiste,  ina mbíonn céatadán an-ard do pháistí scoile i dteideal béilte saoire ar scoil, sainchomhartha coitianta le páistí a aithint a thagann ó chúlrá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch. Déanann GACH scoil obair na gcapall,  naíscoileanna, bunscoileanna, gaelscoileanna agus meánscoileanna. Mo cheol sibh!

Is am draíochta é an Nollaig do pháistí scoile. Bíonn an mothú agus an t-atmaisféar faoi leith le brath i mbunscoileanna na tíre agus páistí beaga óga faoi gheasa ag cumhacht Dhaidí na Nollag.

Sna gaelscoileanna, tarlaíonn mórchuid de na himeachtaí agus tarlúintí céanna is a thiteann amach i mbunscoileanna Béarla ag an Nollaig, (d’fhreastail mé féin ar bhunscoil Bhéarla, éachtaí ag dul ar aghaidh sna scoileanna Béarla fosta) ach, dár ndoighe……tarlaíonn siad i nGaeilge sna gaelscoileanna. Dúshlánach gan aon dabht, ag foghlaim sa dara teanga, nach máthairtheanga na ndaltaí atá i gceist don chuid is mó.

Ceolchoirmeacha, drámaí, amhráin Nollag, tráth na gceist, comórtais scríbhneoireachta, taispeantáis, ceol, turais, geamaireachtaí, lá gheansaí Nollag, dinneár na Nollag agus cuairt ón fhear é féin…

Le mí anuas, bhí fiche rud sa tsiúl sa ghaelscoil ina mbím féin ag teagasc. Is bealaí agus dóigheanna iontach eifeachtach iad drámaí ranga ar mhaithe le sealbhú teanga, Gaeilge na bpáistí a shaibhriú, stór focal a mhéadú, spórt agus spraoi a spreagadh agus cuimhní cinn a chothú.

Is fíor go mbíonn i gcónaí rud éigin mothúchanach mealltach fá pháistí óga ag ceol, ach páistí óga ag ceol Oíche Chiúin, I nDulaíocht an Gheimhridh nó Rudolf AS GAEILGE mothaíonn sé níos speisalta arís, i mo bharúil.

Déanann a lán scoileanna Seó Mór na Nollag. Tá neart buntáistí le dráma a léiriú ag an Nollaig. Tá cruthaitheachas, obair foirne,  comhoibriú, tógáil muiníne, scileanna litearthachta, aisteoireacht, urlabhraíocht, saibhreas teanga, rannpháirteachas, ealáin, ceol, scileanna drámaíochta, SULT agus SPRAOI ag baint le Seó na Nollag.

Bíonn bród ar phobal na scoile agus ar thuismitheoirí agus ar theaghlaigh  na bpáistí, ach go háirithe. Tá mé féin ag teagasc in earnáil na gaelscolaíochta ó thuaidh le breis agus fiche bliain agus dá mbeinn ag tabhairt comhairle do mhúinteoirí óga nó ag iarraidh a gcur ar bhealach an leasa iad. Mholfainn dóibh go mór mór dráma a dhéanamh le páistí. 

Obair chrua a bhíonn ann, ach nuair a chuirtear seó ar an ardán, tagann an ceol agus na soilse le chéile, smideadh agus cultachta. Is mothú draíochtach é. Tá draíocht le drámaíocht. Bíonn draíocht leis an Nollaig.

Maith sibh na hoibrithe ar fad in earnáil an oideachais, ach tá ard-mholadh tuillte ag  na hoibrithe sna gaelscoileanna! Tá mé claonta, dár ndóighe!

NOLLAIG SHONA!

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge