Is minic lucht pleanála cathracha ag iarraidh ceantracha a bheith ‘insiúlta’, nach mbeadh daoine ach 10 mbomaite de shiúl na gcos ó gach seirbhís a bheadh de dhíth orthu, rud a léiríonn go bhfuil riar maith ar an phobal. An “walkable village” agus an “10-minute town” an cineál a chluinfeá uathu.
Is féidir le lucht pleanála teanga a mhaíomh go bhfuil a leagan féin dó sin bainte amach in Iarthar Bhéal Feirste, áit nach bhfuil duine ar bith ró-fhada ó rangannaí nó imeachtaí sóisialta Gaeilge – agus is iad sin an dá chomhábhar is tábhachtaí d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge atá ar thuras teanga, seomra ranga agus saol sóisialta.
Cuidíonn dlús na gcainteoirí Gaeilge anseo leis sin (taobh amuigh de na ceantracha Gaeltachta, tá níos mó cainteoirí Gaeilge per capita in Iarthar Bhéal Feirste ná áit ar bith eile sa tír), chomh maith le blianta fada de dhua na ngníomhaithe, na n-oibrithe deonacha, na múinteoirí oíche agus infheistíocht chaipitil ó leithéidí Ciste Infheistíochta Gaeilge, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, An Roinn Pobal agus Foras na Gaeilge. D’fhág sin go léir go bhfuil “cultúrlann” dá gcuid féin ag beagnach achan chomharsanacht anois, agus tréan Gaeilge le fáil fosta in ionaid nach “cultúrlanna” iad – na hionaid phobail Bhéarla, na cumainn spóirt agus na tithe tábhairne féin.
Tá éagsúlacht mhór le fáil i dtaca le rangannaí. Tá rangannaí foirmeálta ann a bhfuil teastas aitheanta le fáil astu, ar nós cúrsaí TEG, GCSE, A-Leibhéal agus eile, chomh maith le rangannaí neamhfhoirmeálta oíche daofa siúd arbh fhearr leo cur chuige níos réchúisí.

Ar mhéad agus a ba mhaith leo tuilleadh cainteoirí a bheith ann agus caighdeán ard teanga acu, tá grúpaí amhail An Mheitheal Meantóireachta, i gcomhar le hOllscoil na Banríona, ag tairiscint rangannaí teanga d’oibrithe na n-ionad Gaeilge, mar a bheadh forbairt ghairmiúil leanúnach ann, agus liosta feithimh de dhíth gach uair a reáchtáladh an cúrsa go dtí seo de bharr éileamh thar acmhainn. Níl mórán aiteannaí sa tír a bhfuil an ollscoil áitiúil ag obair le grúpaí pobail Gaeilge lena chinntiú go bhfuil an cumas teanga san earnáil ag méadú de shíor, agus is léiriú é ar a fhadcheannaí atá pleanálaithe teanga Iarthar Bhéal Feirste.
Ní nuaíocht ar bith é ag múinteoirí teangacha go gcuireann sé go mór le heispéireas na bhfoghlaimeoirí imeachtaí neamhfhoirmeálta taobh amuigh den tseomra ranga a chur ar fáil, bíonn oícheannaí fíona agus cáise ag lucht na Fraincise agus oícheannaí tapas ag na múinteoirí Spáinnise dá gcuid foghlaimeoirí siúd. Ar ámharaí an tsaoil, tá saol sóisialta bríomhar Gaeilge ar fáil in iarthar Bhéal Feirste cheana féin, agus réimse fairising d’imeachtaí a bhí ag gabháil a bheith ann foghlaimeoirí fásta ann nó as. Saol i nGaeilge a chuireann fáilte roimh lucht foghlama.

Ba doiligh cur síos cuimsitheach a thabhairt ar shaol sóisialta na Gaeilge go háitiúil, bíonn tráth na gceist i gCumann Chluain Árd, níl oíche sa tseachtain nach mbeadh seisiún ceoil le fáil, tá siúlóidí treoraithe le fáil le Stair faoin Spéir, agus féilire agus féilte ag Glór na Móna agus ag na hionaid eile atá chomh lán le hubh! Agus na rudaí seo uilig ag tarlú mar chuid de shaol an uile lae. Tá foghlaimeoirí fásta Iarthar Bhéal Feirste ar na foghlaimeoirí teanga is millte sa tír, agus iad an-bhuíoch as an “cheantar insiúlta Gaeilge” atá cruthaithe daofa.
