Smaointe Fánacha

Colún ilchineálach ó chroílár na Ceathrún Gaeltachta
Smaointe Fánacha

Thit cuid mhór amach i saol na Gaeilge ón uair dheireanach a chuir mé peann le pár, nó méar le clár!

Le déanaí, scríobh agus thráchtaigh mé ar Oireachtas na Samhna a bhí anseo i mBéal Feirste cois cuain. Is cinnte gur éirigh le foireann an Oireachtais agus leis na Gaeil a mheall Féile na nGael ó thuaidh. Maith sibh.

Bhí mothú draíochtach le sonrú sa Halla Cois Cladaigh agus san Óstán Europa, ní raibh mé cróga go leor cuairt a thabhairt ar an Halla Uladh don Rave Gaelach!

Chuir na Feirstigh iad chun cinn go mór ar an ardán mhór thábhachtach bhliantiúil do na Gaeil. Bhí Fionntán de Brún ag lainseáil leabhair agus i mbun camchuairt siúlóide thart ar lár na cathrach. Bhí Ciarán Mac Giolla Bhéin ag lainseáil suíomh gréasáin Fhís an Phobail agus ar ndóighe, ról mar uachtarán Chonradh na Gaeilge faoina chúram fosta.

Bhí Caoimhe Ní Chathail ag craoladh beo mar chuid de chlár speisialta Raidió Uladh agus Feirstigh cheolmhara chun tosaigh ar an chlár macasamhail Clann Mhic Corraidh agus Tuán Ó Ruanaidh. Thaispeáin Gaeil Uladh agus Gaeil Bhéal Feirste go dtiocfadh linn an tOireachtas a óstáil.

Gan a bheith ag trácht ar Phádraig Ó Tiarnaigh, Gaelphobal Ard Mhacha Theas, a ghlac páirt sna Lúibíní, maith sibh Barra agus Aisling, Róise Nic Corraidh agus Caoimhe a ghnóthaigh duais sa cheol agus páistí óga na ngaelscoileanna a ghlac páirt sna comórtais den chéad uair. Oidhreacht an Oireachtais ná Feirstigh ag glacadh páirte sna comórtais, i mo thuairim féin.

Ach, mar fhocal scoir  faoin Oireachtas, ná fanaigí ar shiúl chomh fada….1997 an t-am deireanach a raibh sí anseo! Agus cogair liom, níos mó imeachtaí sa Cheathrú Ghaeltachta!

 

An tUachtarán nua

Toghadh Catherine Connolly mar Uachtáran na hÉireann. An deichiú huachtarán i stair na tíre agus an tríú bean. I ndiaidh an toghcháin agus sula raibh sí insealbhaithe go hoifigiúil, thug sí cuairt ar Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste. Chuaigh seo go mór i bhfeidhm ar phobal na Sé Chontae agus ar Ghaeil na Sé Chontae, ach go háirithe.

Is gael go smior í. Chuir sí béim mhór ar an Ghaeilge ag ócáid mhór insealbhaithe san ardchathair agus ar an bharr sin ar fad, thug sí cuairt ar ghaelscoil i mBaile Átha Cliath mar chéad chuairt oifigiúil ina ról mar uachtarán. Beart de réir briathar, chan béalghrá agus cúpla focal. Maith thú, a Uachtaráin!

 

An Coimisinéir Teanga

Sa deireadh, thosaigh Pól Deeds ina ról nua mar Choimisinéir Teanga don Ghaeilge sna Sé Chontae. Tá aithne mhaith ag Gaeil Bhéal Feirste ar Phól. D’oibrigh sé leis an eagraíocht Ghaeilge An Droichead i ndeisceart na cathrach agus chaith sé seal le Fóras na Gaeilge.

Chuaigh a chlú roimhe mar sin. Ach, beidh obair na gcapall le déanamh aige anseo leis an Ghaeilge a dhéanamh feiceálach. Má tá An Ghaeilge le bheith ar chomhchéim leis an Bhéarla, caithfidh sí bheith feiceálach. Beidh sé suimiúil agus tráthúil le feiceáil cad é a tharlaíonn amach uaidh seo maidir le comharthaíocht Ghaeilge ( is fiú cuimhneamh go mbeidh siad dhátheangach), in Ollscoil na Banríona, Mórstáisiún Traenach Bhéal Feirste, sráidainmneacha agus seans níos speisiúla arís, tionchar an choimisinéara ar na heagraíochtaí poiblí agus stáit agus a gcuid dualgaisí maidir le cothromas, le dlí agus dea-chleachtas.

Ádh mór ort, a Phóil!

 

Mani Mounfield

Fuair Gary Mani Mounfield, dordánaí clúiteach an bhanna cheoil cheannródaíoch The Stone Roses bás le gairid i Manchain, Sasain. Sheinn sé ar an dord le grúpa ollmhór cáiliúil eile  fosta Primal Scream. Fathach fir i gcúrsaí ceoil a bhí ann. 

Nuair a smaointím ar The Stone Roses, cuimhním ar m’óige, scoil La Salle, ar shaol na  ollscoile, laethe órga i Wildwood, na Stát Aontaithe gan bhuaireamh an tsaoil a bheith orm. Chonaic mé The Stone Roses ceithre huaire agus bhí siad ar dóigh. Dochreidte, mar shíl mé nach bhfeiceann iad, ach thainig siad ar ais. Aiséirí a bhí ann. Gluaiseacht a bhí iontu, banna ceoil a bhí tú in ann gach ball a ainmniú, John Squire, Ian Brown, Reni agus Mani. Macasamhail The Beatles.

Scríobh mé roimhe faoin tionchar a d’imir na Roses ar Oasis agus fréamhacha Éireannacha s’acu. Bhí fuil Éireannach ag Mani freisin.

Ba as Áth Í (Athy) Co.Chill Dara do mháthair Mani, rugadh agus tógadh ansin í, sular bhog sí go Sasain ar lorg fostaíochta, cosúil le cuid mhór Éireannach sna laethe sin. Rugadh máthair Johnny Marr (Maher) de chuid The Smiths sa sráidbhaile céanna!

Samhlaigh sin, beirt cheoltóirí ollmhóra a bhfuil dlúthbhaint acu le hÁth Í.

Tá deireadh leis na Roses mar bhanna arís le roinnt blianta, ach ní bheidh deireadh leis an cheol sin go deo. Go mbeidh suaimhneas síoraí ar Mani. Adored go deo!

 

An Nollaig

Féile mhór an gheimhridh beagnach buailte linn. Ag dúil leis an chraosaireacht agus an scíste!

Stór focal faoi leith a bhaineann le laethe na Nollag, is fiú a thabhairt chun cuimhne.

Grianstad an Gheimhridh- 21ú Nollaig

Oíche Nollag- 24ú Nollaig

Lá Nollag- 25ú Nollaig

Lá Fhéile Stiofáin nó Lá an Dreoilín, 26ú Nollaig

Oíche Chinn Bliana nó Oíche na Bliana Úire- 31ú Nollaig

Lá Caille nó Lá na Bliana Úire- 1ú Eanáir

Nollaig Bheag nó Nollaig na mBan- 6ú Eanáir

 

Cuairteoirí Speisialta, na Muimhnigh Abú!

Bhí an t-ádh liom bheith i láthair ag ócáid iontach speisialta i mbunscoil Naomh Peadar, Sráid Liosúin, i gcroí-lár Bhóthar na bhFál ar na mallaibh. Thug foireann bhuacach craobh na hÉireann san iománaíocht 2025, Tiobraid  Árann, cuairt ar an bhunscoil. Bhí Liam Mac Carthaigh ann agus bainisteoir na foirne, Liam Cahill i gceantar na bhFál! Turas fada ó dheas, ach nasc acu le hAontroim ag dul siar, ach ná luaigh 1989 agus Nicky English!

Bhí an halla scoile dubh le daoine agus thug CLG Davitt’s i gcomhar le bunscoil Naomh Peadar cuireadh do bhunscoileanna an cheantair, chuige sin, bhí mé féin ábalta bheith ann le mo scoil féin. Thaitin sé go mór leis na daltaí. Maith iad Tipp agus maith iad Davitt’s agus Naomh Peadar. An iomáint abú!

 

Pleanáil Teanga Iarthar Bhéal Feirste

D’fhreastail mé ar chruinniú deireadh na bliana de chuid Líonra Teanga Iarthar Bhéal Feirste. Le bheith ionraic, de dheasca cúramaí oibre, ní bhím ann ró-mhinic, ach ag machnamh ar an teacht le chéile seo, ardú meanman agus tógáil croí amach is amach a bhí ann.  Clár na mór nó Who’s who a bhí ann de phobal na Gaeilge sa chathair.

Léirigh sé domhsa an díograis, an tiomantas agus an chruthaitheachas atá i bpobal na Gaeilge i gcathair Bhéal Feirste. An Chultúrlann, Glór na Móna, Ionad Uibh Eachach, Fís an Phobail, Conradh na Gaeilge, Raidió Fáilte, Fáilte Feirste Thiar, na Gaelscoileanna, na Cumainn Óige, Cumann Chluain Ard agus NEART EILE.

Arís, tá an t-ádh linn go mbíonn na grúpaí seo ag stocaireacht ar ár son, ag saothrú, ag feachtasaíocht, ag teagasc, ag cruthú, ag agóidíocht, ag eagrú, ag soláthar,  ag cur dúshlán faoi dhaoine. Ábhar mórtais atá ann  bheith mar dhlúthpháirt den phobal seo. Is eiseamláir í iarthar Bhéal Feirste do na nithe tábhachtacha suntasacha a thugann féiniúlacht dúinn. Tírghrá, pobalghrá, Gaelghrá!

 Ná ligimis ár maidí le sruth.

 Go mbeirimid beo ag an seo arís!

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge