Is mór an t-athrú atá tagtha ar Bhéal Feirste, agus an chathair anois aitheanta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar chroílár na hathbheochana Gaeilge sa lá atá inniu ann. Léigh muid anuraidh go raibh an Ghaeilge ag dul fríd ‘a moment’ ach thabharfadh an finaise ar fad de bhreis spéise agus an ardú suntasach ar fheiceálacht na Gaeilge fud fad na cathrach le fios go bhfuil i bhfad níos mó ná díreach treocht i gceist leis an mhéid atá á fheiceáil againn.
Ní gá a rá nach raibh an turas ar bhealach ar bith furasta, nó gasta ar chor ar bith; bhí ár gcomhairle, ar feadh i bhfad rófhada, i gceannas ar chur chuige de-facto Béarla amháin, ag déanamh cáilíocht ar éilimh ar chomhionannas mar rud iomarcach agus ag cur aon dul chun cinn maidir le cearta teanga i láthair mar lamháltas de chineál éigin. Rinneadh é seo d'aon turas chun iarracht a dhéanamh iad siúd a raibh fonn orthu dúshlán a thabhairt don status quo a dhíchumhachtú. Shíl Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, ar bhealach éigin, go raibh a seasamh ‘Béarla amháin’ mar sheasamh ‘neodrach’ agus chinn siad gurb é an gníomh is fearr chun dul i ngleic leis an fhrithfhreagairt agus leis an fhreasúra dosheachanta a thiocfadh as an Ghaeilge a chur chun cinn ná faic a dhéanamh.

Creid nó ná creid, níor chothaigh na blianta fada de neamhghníomhaíocht timpeallacht ina bhfuil tuiscint níos fearr ag daoine atá i gcoinne na Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá mé go fóill ag fanacht ar an lá ina dtiteann an spéir isteach mar gheall ar chur chuige dátheangach (rud nach laghdaíonn cearta aon duine eile - in áit, tá sé sa bhreis ar an mhéid atá ann cheana!) - Ní raibh cás níos soiléire ann riamh chun cur i gcoinne samhailteach forleathan a léiriú ná cás comharthaíochta dátheangaí in Ionad Fóillíochta Olympia i ndeisceart Bhéal Feirste.
Tá Ionad Fóillíochta Olympia ar cheann de cheithre ionad fóillíochta aitheanta ar fud na cathrach ar fud Bhéal Feirste; tá Olympia ar an ionad fóillíochta is gaire don ghaelscoil dara leibhéal is mó in Éirinn, Coláiste Feirste, agus úsáideann daltaí Scoil an Droichid í gach seachtain dá gceachtanna snámha. Léirigh an chéad chomhairliúchán a rinneadh in 2019 maidir le comharthaíocht sna ceithre ionad fóillíochta ar fud na cathrach go raibh 60% de na freagróirí ar son na comharthaíochta dátheangaí in Olympia. Ina dhiaidh an toradh sin, rinneadh cinneadh comhairliúchán sonrach eile a dhéanamh maidir le comharthaíocht in Ionad Fóillíochta Olympia in 2023 (I wonder cén fáth!). In ainneoin na bhfíricí, rinne tráchtaireacht na meán iarracht cáillíocht a dhéanamh ar chomharthaíocht dhátheangach in Ionad Fóillíochta Olympia mar rud a bhí conspóideach. Chuir siad i gcuimhne dúinn an tionchar diúltach a d'fhéadfadh a bheith ann dá gcuirfí an Ghaeilge taobh leis an Bhéarla ar chomharthaíocht phoiblí chomh gar do cheantar ar nós 'an Village' agus bhí siad ar na chéad daoine a d'iarr orainn íogaireachtaí na ndaoine nach maith leo an Ghaeilge a chur san áireamh agus an t-éileamh seo á dhéanamh againn.
Téann sé seo go croílár na faidhbe; d’ainneoin go mbíonn bunús soiléir taighde le gach éileamh a dhéanann feachtasóirí agus gníomhaithe, sa chás seo ón Choimisiún um Chearta an Duine a insíonn dúinn ‘nach mbeadh srian a chur le húsáid nó cur chun cinn na Gaeilge chun freastal ar ‘íogaireachtaí’ daoine eile ag teacht leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh’, nó ó Chomhairle na hEorpa, a thuairiscigh in 2022 ‘...gur úsáideadh an gá le dea-chaidreamh a choinneáil mar bhonn cirt gan forálacha a chur i bhfeidhm i bhfabhar daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, amhail comharthaí dátheangacha a thógáil... Ina theannta sin, measann sé go bhfuil sé deacair gurb é an beartas oifigiúil tógáil comharthaí den sórt sin a theorannú do réimsí áirithe nach n-ardódh an tsaincheist conspóidí iontu. Tá imní ar an Choiste Comhairleach nach bhfuil an cur chuige seo ag teacht le spiorad an Chreat-Choinbhinsiúin,” déantar neamhaird orthu agus iarrtar orainn ár n-éilimh a chaolú nó fanacht le faomhadh uathu siúd atá i gcoinne na teanga.
Bhí Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i gceannas ar chultúr d’easpa gnímh ar feadh tréimhse chomh fada sin agus iad ag súil go dtiocfadh deireadh leis an fhreasúra in aghaidh na teanga san éitear agus go dtiocfadh ‘am ceart’ dóibh le bheith forásach ó thaobh na teanga de. Is é an rud nár thuig an chomhairle ná, go raibh an easpa gnímh ag daingniú timpeallacht de chosc iomlán ar an Ghaeilge.
Ní nach ionadh, sna 4 bliana idir an dá chomhairliúchán, tháinig méadú ar an tacaíocht do chur chuige dátheangach i sólann Olympia, agus léirigh 79.1% de na freagróirí seo sa chomhairliúchán in 2023. Is cuimhin liom go soiléir ag ceann de na seisiúin chomhairliúcháin gur bhagair duine éigin go bhféadfaí go ndéanfar damáiste do na comharthaí dátheangacha dá gcuirfí in airde iad san ionad fóillíochta. Ní mór dúinn a bheith thar a bheith soiléir; má tá duine ag déanamh damáiste do mhaoin phoiblí toisc go bhfuil Gaeilge air, ní hí an Ghaeilge an fhadhb ansin.
Seachas deireadh a chur leis an Ghaeilge mar gheall ar an fhreasúra sin, ní mór do phríomhinstitiúidí poiblí céimeanna réamhghníomhacha a ghlacadh chun dul i ngleic leis an éadulaingt. Ba cheart dúinn, dá bhrí sin, treoir a ghlacadh ó na saineolaithe idirnáisiúnta a gurb é an modh is fearr chun teanga mhionlaithe a chur chun cinn ná infheictheacht a mhéadú, dá mó a fheiceann tú rud éigin, déantar normálú air. Tugann an fhianaise ar fad le fios go méadaíonn sé seo caoinfhulaingt agus tuiscint. Tá measúnuithe comhionannais gasta chun tagairt a dhéanamh do na tionchair dhiúltacha a d'fhéadfadh a bheith ag an Ghaeilge agus ag cur chuige dátheangach, ach is annamh a thagraíonn siad do na tionchair dhearfacha a d'fhéadfadh a bheith ag infheictheacht mhéadaithe na Gaeilge mar bhealach chun rochtain dhaoine ar an teanga a leathnú amach, go háirithe iad siúd nach raibh an deis acu dul i ngleic léi.
Cuireadh na comharthaí in airde in Ionad Fóillíochta Olympia an mhí seo caite agus go dtí seo, go bhfios dom, níor thuairiscigh aon duine go raibh aon tráma tromchúiseach orthu mar go raibh orthu amhac ar an Ghaeilge in aice leis an Bhéarla ar chomhartha. É sin ráite, d’eagraigh cónaitheoirí áitiúla agóid ollmhór taobh amuigh d’Ionad Fóillíochta Olympia an tseachtain seo caite chun cur i gcoinne an rud a mheas siad gurb ionann ‘brú na Gaeilge ar an phobal áitiúil’ (d’ainneoin go ndearnadh 2 chomhairliúchán phoiblí fud fad na cathrach ar feadh 26 seachtaine san iomlán). Fuair an agóid ollmhór lucht tacaíochta de 14.
Dá bhrí sin, impím ar chomhlachtaí poiblí seo a thabhairt faoi deara; ní féidir cur i gcoinne ficseanúil a úsáid mar argóint dhlisteanach chun cur i gcoinne bearta i bhfabhar na Gaeilge. Bhí cur i gcoinne na Gaeilge ann le blianta fada sula raibh aon tacaíocht nó feiceálacht ann di agus ní dhearna sé seo aon rud chun dul i ngleic le cur i gcoinne nó le dearcthaí diúltacha. Is léir go bhfuil sé in am cur chuige nua a ghlacadh.
