Smaointe Fánacha

Colún ilchineálach ó chroílár na Ceathrún Gaeltachta
Smaointe Fánacha

Éirí Amach in Ard-oifig an Phoist

Tá a fhios ag an tsaol mhór scéal Éirí Amach na Cásca 1916 i mBaile Átha Cliath, a thosaigh in Ard-oifig an Phoist agus a las tine an neamhspleáchais agus reabhlóideachais sa tír seo. Beagnach gur thosaigh mé m’ Éirí Amach féin in Oifig an Phoist i mBaile Andarsan cúpla lá ó shin.

Bhí mé ag cur cártaí Nollag sa phost agus ag smaointiú ar stair na gcártaí Nollag agus na nósanna Nollag a d’eascair is a d’fhorbair i Sasana san aimsir Victeoiriach don chuid is mó.

Bhí smaoineamh ag an ealaíontóir Sasanach, Henry Cole agus an foilsitheoir Sasanach, John Calcott Horsely go ndéanfadh siad pictiúraí lámhdhéanta d’íomhánna Nollag agus Geimhridh a sheoladh chuig a gcairde sa bhliain 1843. D’éirigh go geal lena smaoineamh.  Phriontáil Horsley na mílte cártaí agus roimh i bhfad bhí nósmhaireacht agus gnásanna na gcártaí ag fás.

Mar a tharlaíonn i gcúrsaí staire, in amanntaí, bíonn ócáidí agus comhtharlúintí ann. Thart fán am ceanna, i Sasana agus fud fad na Breataine, bhí córas na dtraenach i mbéal forbartha agus córas poist fosta de chuid Royal Mail. Thug siad isteach an “penny post” agus chuidigh sin go mór le fás na gcártaí Nollag. Bhí sé seo cosúil le ríomhphost ár linne. Tamall gairid ina dhiaidh seo, thug Royal Mail isteach “Half penny post”, leathphingin, thiocfadh leat cárta a sheoladh ar phraghas íseal sa Bhreatain. Dochreidte!

Anois, cad é mar a bhaineann seo leis an alt. Smaoineamh fánach atá ann, ná déan dearmad. Mar sin de, bhí mé sa scuaine in Oifig an Phoist, Baile Andarsan, ag scrúdú na seoltaí ar na cártaí Nollag a bhí orm cur sa phost. Ní raibh ach seisear ann. Trí cinn ag dul go Tír Eoghain, ceann amháin go Doire, ceann amháin go Cill Dara agus ceann amháin go Sasana. Chuir mé in ord iad ag smaointiú go mbeadh an ceann go Sasana agus é ag dul thar sáile níos costasaí nó eagsúil. Nach mé a bhí amaideach.

Chuir mé na cinn do na Sé Chontae gan mórán d’fhadhb agus an ceann go Londain ar an luach chéanna. Praghas stampa dara grád 87 pingin, margadh. Anois, d’fhág sin mé le cárta Nollag do Chill Dara. Chuir an t-oibrí cuidiúil oifig an phoist in iúl domh go mbeadh costas £3.40 ar an chárta ag dul ó dheas! Sin ceart £3.40. Ar mire.

D’fhiosraigh mé leis an chuntóir san oifig an raibh sí cinnte agus mhínigh sí domh go raibh. Críochdheighilt agus praghasanna an phoist!

 

Tine Chraosach

Sa Gheimhreadh agus le linn na Nollag, is áit lárnach sa traidisiún í an tine. Go deimhin, nach dtagann Daidí na Nollag anuas an simléar agus fágann páistí beaga óga féiríní don fhear mhór é féin ar an tinteán.

Go stairiúil, lastar tinte cnámha ag Grianstad an Gheimhridh nó Féile Eoin go háirithe sna ceantracha Gaeltachta. Nach saoithiúil go bhfuil an Grianstad Págánach iontach gar san fhéilire don fhéile mhór Chríostaíochta?

Cibé ar bith, tá saibhreas teanga millteanach mór ann a bhaineann le tine sa teanga.

Bíodh sin tine ghuail nó tine mhóna!

Seo cúpla ceann spéisiúil a bhuíochas le teanglann.ie

Tá an tine ar an sop- Tá an lasair sa bharrach

Tá tine ar a chraiceann- Tá sé dearg san aghaidh le tinneas nó mífhoighdeach

Tine shionnaigh, tine an mhadaidh ruaidh nó Liam na Sopóige

Agus ar ndóighe, an ceann is ansa liom Idir dhá thine Bhealtaine, idir dhá chomhairle.

 Níl an tsanasaíocht shaibhir stairiúil seo sa Bhéarla agus caithfidh muid mar Ghaeilgeoirí na nathanna cainte a úsáid agus a choinneáil beo, i mbéal an phobail agus tine na teanga a ghriosú agus a bhiathú.

 

Laoch

Is minic go mbíonn an focal laoch in úsáid ag Tadhg an mhargaidh agus againne ar fad. Bainim féin úsáid as an fhocal go minic. Ach, caithfear bheith cúramach in amanntaí, ní bhíonn sé tuillte ar uairibh, an t-ainmfhocal, laoch.

Áfach, níl aon amhras ar bith ann faoin bheirt laochra seo. Ba laoch é Anto Finnegan agus Is laoch é Kevin Sinfield. Tá nasc eatarthu leis an ghalar, galar néarón luadrach agus leis an charthananas Determnd agus an troid leanúnach i gcoinne an ghalair. (Motor neuron disease).

Chuir mé féin aithne ar Anto agus é ag imirt liom i lár na páirce ag St.Oliver Plunkett. Sacar chan peil ghaelach ná iomáint. Bhí níos mó ná ruaim amháin ar shlat Anto. Imreoir badmantain den scoth a bhí ann fosta agus cúmasach ar an rothar!

Ach thar aon ni eile, fear teaghlaigh agus duine maith a bhi ann. Tá aithne níos fearr agam ar a dheartháir le bheith ionraic agus leis an bheirt acu agus scaifte eile, thug muid faoi rothaíocht urraithe bhliantúil do ghaelscoileanna na cathrach go Gaeltacht Thír Chonaill. Cuideachta iontach a bhí in Anto, craic, ceol, comhrá agus dúil aige sa spochadh agus sna scéaltaí. Bhí suim mhór sa Ghaeilge aige agus tá Gaeilge líofa ag a mhac.

D’éag Anto ar na mallaibh sa bhliain 2021 agus crónaíonn a mhuintir go fóill é. Fuair sé bás de dheasca MND, galar millteanach trom a ionsaíonn néaróga an choirp. Fuair cara Kevin Sinfield, Rob Burrow bás den ghalar céanna agus bíonn Kevin ag ardú feasachta agus ag bailiú airgid. D’imir siad rugbaí le chéile. Tá clú agus cáil ar Kevin anois. Le roinnt blianta anuas, rith sé seacht maratón, seacht lá i ndiaidh a chéile agus chruinnigh sé cuid mhór airgid don charthanas MND le bealaí a aimsiú chun leigheas a lorg don ghalar.

 Laoch.

 

Ollscolaíocht do gach

Bhí tuairisc shuimiúil scanrúil ann san Irish News (15/12/25) ag cur in iúl go raibh an ráta iontrála is ísle do chúrsaí ollscolaíochta in iarthar Bhéal Feirste i gcomparáid le toghcheantar ar bith eile sna Sé Chontae.

Ábhar bróin is buairimh gan aon agó.

Tá neart cúiseanna anseo agus is cinnte go dtéann bochtanas lámh i láimh leis na fírící loma, ach caithfidh go bhfuil níos mó i gceist, an bhfuil réiteach na faidhbe ann?

Tá deireadh leis An Stát Oráisteach, ámh, tá macallaí na dTrioblóidí le sonrú fós, ó ghlúin go glúin, go hairid in iarthar Bhéal Feirste nó Taobh an Bhogaigh ceantracha atá go fóill faoi mhíbhuntáiste,  ina mbíonn céatadán an-ard do pháistí scoile i dteideal béilte saoire ar scoil, sainchomhartha coitianta le páistí a aithint a thagann ó chúlrá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch. Bochtanas nó thar a bheith cóngarach do thairseach na bochtaineachta.

Cad é eile? An Scrúdú Aistrithe? Tinreamh na bpáistí ar scoil? Polasaithe Shinn Féin? Stormont? Fadhbanna mheabhairshláinte, drugaí, féinmharú? Deiseanna fostaíochta? 

Easpa dóchais? Easpa ardú meanman? Easpa féinmhuiníne, tá sé doiligh a thuiscint agus a mhíniú. Ach, mar phobal, tá todhchaí níos gile tuillte ag ár ndaoine óga, mar dhea.

Bíonn na figiúirí lom scanrúil in amanntaí, ach bíonn an fhírinne searbh fosta.

Bímis gníomhach ag dul i ngleic leis na fadhbanna. Feachtasaíocht agus forbairt. Bímis dearfach dóchasach.

Ná hAbair é, Déan é!

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge