Ag samhlú ról na Gaeilge in Éirinn Aontaithe

Ard Fheis Chonradh na Gaeilge ar ais i mBéal Feirste
Ag samhlú ról na Gaeilge in Éirinn Aontaithe

Is cúis bhróid agus áthais dom ar bhonn pearsanta fáilte a chur romhaibh ar fad go Béal Feirste cois cuain d’Ard Fheis Chonradh na Gaeilge 2026. Tá 30 bliain ann ó bhí an Ard Fheis sa chathair seo faoi Uachtaránacht an Fheirstigh dheireanaigh a raibh sa ról, Gearóid Ó Caireallán. Fosta, tá muid ag ceiliúradh 100 bliain ó bunaíodh Comhaltas Uladh i mbliana a choinnigh bladhra na Gaeilge lasta fríd tréimhse chorraitheach, stoirimiúil. Tá claochlú cuimsitheach i ndiaidh teacht ar an chathair ó bhí 1996 ann, go háirithe i dtaca le stádas agus próifíl na Gaeilge de. I dtrátha an ama go raibh baill an Chonartha ag triall ar bhruacha Loch Lao don Ard Fheis scór go leath bliain ó shin, bhí sé fós mídleathach comharthaí sráide dhátheangach a chur in airde agus bhí comhairleoirí á ndíbirt ó Halla na Cathrach as siocair gur labhair siad ina dteanga dúchais. I leabhrán na hArd Fheise i 1997, tagraíonn Gearóid den fheachtas a bhí idir lámha ag an Chonradh chun greamadóirí ‘bruscar’ a chur ar na boscaí bruscar sa chathair. San am sin, ní raibh seans in ifreann thíos go mbíodh an chomhairle féin ag tabhairt faoi seo. Is tairge mé den ghluaiseacht spleodrach teanga a tháinig chun cinn i mBéal Feirste san am sin, glúin a chruthaigh míorúiltí ón mheath, pobal faoi léigear a chuir dúshlán roimh stát leatromach agus a thóg fís uaillmhianach Ghaelach, ó luaithrigh na coimhlinte, fís atá á fíorú lá i ndiaidh lae ó shin.

Ní raibh an Ard Fheis i mBéal Feirste ó bhí an bhliain 1996 ann

Inniu, tá Béal Feirste ar thús cadhnaíochta, ar bhonn náisiúnta, i dtaobh na hathbheochana comhaimseartha teanga de. Tá na míltí páistí ag fáil oideachais trí Ghaeilge, tá bonneagar leathan pobail tógtha ón bhun aníos agus tá cultúr láidir feachtasaíochta greanta inár gcnámha. De thairbhe na feachtasaíochta céanna, tá na céadtaí comharthaí oifigiúla sráide Gaeilge le feiceáil i ngach aon chearn den chathair seo, a bhuí le polasaí Gaeilge cuimsitheach aontaithe ag an Chomhairle, agus Coimisinéir Teanga ceaptha ó thuaidh mar aon le stadas dlíthiúil ag an teanga ó thuaidh don chéad uair ó tháinig ann don stáitín oráisteach. Níor tharla na forbairtí seo i bhfolús ach de bharr díograis agus dúthrachta, mar aon le fís agus fadradharc leithéidí Ghearóid Uí Chairealláin agus a chomhaoiseach agus tá an ghlúin reatha de dhíograiseoirí dearga ag fíorú na físe agus ag leanúint an deá shampla a leagadh síos dúinn. 

Go náisiúnta, tugadh ardú meanma don ghluaiseacht trí chéile nuair a chruinnigh 25,000 againn ar shráideanna Átha Cliath don mhórshiúl CEARTA. Tá ardmholadh tuilte ag na pobail éagsúla fud fad na tíre a bhí ag gríosú agus ag eagrú le míonna fada, ar bhonn comhordaithe, chun an slógadh stairiúil sin a shocrú. Bhí toradh na hoibre sin le feiceáil san ardú buiséid a fógraíodh don Ghaeilge go luath i ndiaidh an mhórshiúil. Ní leor é cinnte agus tá an iliomad dúshlán fós le sárú againn ach is léiriú eile tráthúil dúinn nach ngéileann cumhacht aon rud ón bharr gan éileamh soiléir ón bhun. Ná déanaimis dearmad air sin choíche. 

I gcás na Gaeltachta, tá dúshláin mhóra le sárú má tá pobail inmharthana Gaeilge le slánú sna blianta beaga amach romhainn. Ní fiú nó ní cheart dúinn a bheith ag ceiliúradh an dul chun cinn atá ag tarlú i sciartha leathana den tír má tá ár nGaeltachaí i mbaol an bháis. Tá aibhleoga dóchais le haimsiú áfach mar gheall ar an obair atá idir lámha ag leithéidí Bánú agus Tinteán, feachtais phobalbhunaithe atá dírithe ar an ghearchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Ní mór dom ár mbuíochas a ghabháil le Róisín Ní Chinnéide, a d’fhág á ról leis an Chonradh anuraidh as ucht a cuid oibre, go háirithe ar an cheist seo. De bharr na hoibre sin, don chéad uair riamh, feicimid an Stát ag admháil go foirmiúil gur bunriachtanas é rochtain ar mheascán de thithíocht oiriúnach chun go mbeidh an Ghaeltacht inbhuanaithe. Is céim shuntasach í sin. Mar sin féin, ní leor aitheantas amháin chun an ghéarchéim tithíochta a réiteach. Mura féidir le teaghlaigh tithe a thógáil nó a cheannach ina gceantair féin, ní bheidh ann don Ghaeltacht. Agus muna mbeidh ann don Ghaeltacht ní bheidh ann don Ghaeilge mar theanga pobail.

Tá an bhearna sin idir aitheantas agus gníomh le sonrú go minic sa dlinse seo. Tá forbairtí stairiúla bainte amach againn le blianta beaga anuas, tiománta ag an tonn mhór dhearg a chuir dúshráith an stáitín ag crith. Reachtaíodh Acht Gaeilge don chéad uair cúpla bliain ó shin agus ag deireadh 2025, ceapadh an chéad Choimisinéir Gaeilge sna sé chontae. Guíonn muid gach ráth ar Phól sa ról tábhachtach seo, go háirithe le teacht i bhfeidhm a chuid cumhachtaí agus feidhmeanna ag deireadh Eanáir ansin. Idir an dá linn,  tá ceist na Straitéise Gaeilge ó thuaidh sáinnithe sna Cúirteanna agus craite le moilleadóireacht lofa. Ach leanann muid ar aghaidh. Faigheann muid misneach ón ghairm chatha a leagadh síos dúinn ó na glúinte a tháinig romhainn agus spreagadh ón ghlúin reatha de Ghaeil mhisniúla atá uaillmhianach faoin todhchaí. 

Beidh ról na Gaeilge in Éirinn Aontaithe ag croílár na díospóireachta ag an Ard Fheis

Tá an uaillmhian agus misneach sin le sonrú i dtéama na hArd Fheise seo, ‘An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe: Éire nua a thógáil do na glúnta atá le teacht' a chinnteoidh todhchaí inbhuanaithe don teanga. Tá tonntaí móra na staire ag réabadh agus ní mór dúinn gluaiseacht a thógáil atá réidh do na dúshláin atá os ár gcomhair amach agus de réir mar a éiríonn an chaint faoi athaontú na tíre níos coitianta ní mór dúinn an deis stairiúil a thapú leis an Ghaeilge a neartú agus fís Sheachtain na Cásca a fíorú. Le toghadh Catherine Connolly mar Uachtarán cúpla mí ó shin ba léir gur féidir ceist na Gaeilge a néadú i gcroílár na mór-díospóireachta Náisiúnta. Tapaimís gach deis!

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge