Is léir go mbeidh sí le feiceáil…

"Léiríonn aistrithe liteartha ón Ghaeilge go soiléir go bhfuil eolas coimpléascach agus dlúth ag an Ghaeilge ar an talamh, ar an éiceolaíocht, ar fhoraoiseacha..."
Is léir go mbeidh sí le feiceáil…

Aithníodh feiceálacht teanga go háirithe i gcomhthéacs teangacha mionlaigh, i dtaighde idirnáisiúnta i gcónaí mar phríomhuirlis i bpróiseas normalaithe teanga; i measc phobal na teanga mionlaigh féin agus na ndaoine sin a bhfuil rochtain theoranta acu ar an araon .

Bhí feachtas fada agus in amanna, frustrach againn le comhlachtaí poiblí le blianta beaga anuas maidir le húsáid, feiceálacht agus chur chun cinn na Gaeilge. Tá a gcleachtais réamhshocraithe ‘Béarla amháin’ fadbhunaithe agus fite fuaite tríd na heagraíochtaí seo.

Bhí muid ag obair sa Cheathrú Ghaeltachta anseo le Fiadhúlra Uladh agus leis an Iontaobhas Náisiúnta ach go háirithe, dhá cheann de na comhlachtaí is mó agus is an-aitheanta sa Tuaisceart.

Tá sí seo barrthábhachtach maidir leis an dúlra agus lena cheangal le teangacha, go háirithe le teangacha dúchasacha agus lena n-eolas éiceolaíochta. Tá sí níos tábhachtaí fós maidir leis an Ghaeilge mar go dtagann 95% dár logainmneacha comhroinnte go díreach ón Ghaeilge.

Tá an ceangal idir teanga agus talamh domhain agus cómhalartach. Tá teanga ann mar cheangal cultúrtha, stairiúil agus spioradálta le críoch ar leith, ach tá tionchar ag talamh ar theanga tríd an eolas agus na cleachtais uathúla a chothaíonn sé. Is ciclipéidí éiceolaíochta ach go háirithe teangacha dúchasacha. Tugann siad eolas domhain faoi éiceachórais áitiúla. Cuireann siad ar a gcumas caidreamh inbhuanaitheacht a dhéanamh leis an talamh. Is ionann cailliúint teangacha dúchasacha agus cailliúint speicis, mar léiríonn siad leaganacha uathúla eolais agus bealaí le hamharc ar an domhan nach féidir leat cur ina n-áit.

Léiríonn aistrithe liteartha ón Ghaeilge go soiléir go bhfuil eolas coimpléascach agus dlúth ag an Ghaeilge ar an talamh, ar an éiceolaíocht, ar fhoraoiseacha agus ar an cheangal idir plandaí, ainmhithe, an timpeallacht, daoine, agus an spioradáltacht.

Bulbosus—Bulbous crowfoot. Gaeilge: tuile thalún, ‘earth sprout’.

Polygala vulgaris —Milkwort. Gaeilge: lus an bhainne, ‘herb of the milk’ an chiall chéanna, a dhéanann tagairt d’éifeachtaí ráite na bplandaí ar na ba a itheann iad.

Geranium sanguineum—Bloody cranesbill. Gaeilge: crobh dearg, ‘the red claw’ nó ‘the red hand’.

Bhí agus tá ardmheas ag daoine as Garbhchríocha na hAlban ar chlú agus ar cháil Geranium Robertianum agus Geranium sanguineum mar gheall ar a n-airíonna crapthacha agus le gortuithe a leigheas.

Bhí buanna againn roimhe inár bhfeachtais maidir le comharthaíocht dhátheangach, bileoga eolais agus leathanaigh idirlín a rinneadh leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Baineann na buanna seo le níos mó ná an Ghaeilge a chur taobh leis an Bhéarla ar dhóigh nach bhfuil ann ach cur i gcéill, is uirlis teanga athchóiritheach í le rudaí dúchasacha a athghabháil agus iad a chur ina n-áiteanna cearta, sa réimse poiblí mar ar cuireadh cosc orthu, i bhfolach iad agus ar diúltaíodh dóibh le rófhada an lá.

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge